Fáilte ag Mac Aodha Bhuí roimh thuairim éisteora arbh fhearr leis ‘éisteacht le hasal ag grágaíl nó le madadh ag bromadh’

Agus é caint ar litir a léirigh drochmheas ar cheol comhaimseartha na Gaeilge, dúirt an craoltóir Rónán Mac Aodha Bhuí gur maith leis aischothú a fháil óna chuid éisteoirí, bíodh sé moltach nó cáinteach

Ronan-Mac-Aodh-Bhui3.bw_

Tá fáilte curtha ag an gcraoltóir aitheanta Rónán Mac Aodha Bhuí roimh litir cháinteach, ina ndúirt an té a scríobh gurbh fhearr leis a ‘éisteacht le hasal ag grágaíl nó le madadh ag bromadh’ ná a bheith ag éisteacht leis an gceol Gaeilge comhaimseartha a bhí le cloisteáil ar chlár Mac Aodha Bhuí ar RTÉ Raidió na Gaeltachta le déanaí.

Tháinig an litir lámhscríofa chomh fada le stiúideo RTÉ Raidió na Gaeltachta sna Doirí Beaga i ndiaidh eagráin speisialta dá chlár, Rónán Beo @ 3, a dhírigh ar Ghradaim Cheoil NÓS.

Léigh Mac Aodha Bhuí an litir amach ar a chlár Déardaoin seo caite agus tuigtear do Tuairisc.ie gur chothaigh an litir cuid mhaith cainte i measc cuid de na bannaí a ainmníodh do Gradam NÓS agus a raibh a saothar le cloisteáil ar Rónán Beo @ 3.

Dúirt an craoltóir gurbh fhearr leis go mbeadh aischothú cáinteach á fháil aige ná gan litir ar bith a bheith á scríobh faoina chlár.

Ar a chlár Dé Céadaoin seo caite, chas Mac Aodh Bhuí amhráin agus píosaí eile ceoil ó na ceoltóirí agus bannaí ceoil chomhaimseartha a ainmníodh do Ghradaim Cheoil NÓS a bhí ar siúl in The Sugar Club i mBaile Átha Cliath le déanaí. Bhain an cúpla céad duine a tháinig chuig na gradaim sásamh as ceol na hoíche, ach ní raibh údar na litreach ar an aon tuairim leosan agus é in amhras go bhféadfaí ‘ceol Gaelach’ a thabhairt ar an gceol atá ar bun ag cuid de bhannaí ceoil chomhaimseartha na Gaeilge.

Dúradh sa litir nach ‘clár ceoil Ghaelach’, mar a bhí tugtha ag lucht léirithe an chláir air, a bhí sa cheol a casadh, agus maíodh gur ceol don ‘ardaicme’ nó don ‘mheánaicme’ a bhí ann.

Scríobh an gearánaí, nár thug a ainm, gurbh fhearr leis ‘éisteacht le hasal ag grágaíl nó le madadh ag bromadh’ ná a bheith ag éisteacht leis an gceol a bhí ar siúl Déardaoin.

Dúirt Rónán Mac Aodha Bhuí le Tuairisc.ie gur maith leis aischothú a fháil óna chuid éisteoirí agus nár mhaith leis go mbeadh gach aon duine ar aon fhocal faoi gach rud.

“Is maith liom go mbíonn daoine ag léiriú a gcuid tuairimí i leith an chláir agus ní féidir le gach aon duine a bheith ar aon fhocal faoi cheol. Bheadh sé leadránach dá mbeadh. Is maith liom cineál áirithe ceoil agus is maith leatsa cineál áirithe ceoil – tá sé sin go breá.

“Bulaí fir, nó mná, as litir mar sin a sheoladh isteach; b’fhearr liom i bhfad go mbeadh litir mar sin ag teacht isteach ná gan litir ar bith nó litir mholtach a scríobhadh ar mhaithe le plámás. Tá sé go deas gearán a fháil mar meabhraíonn sé duit go mbíonn tuairimí éagsúla ag do chuid éisteoirí,” a dúirt sé.

Dúirt sé go rabhthas ann a bhí den tuairim gur cheart go mbeadh RTÉ Raidió na Gaeltachta ina thearmann don cheol traidisiúnta Gaelach. Dúirt sé go raibh meas aige ar an tuairim sin ach go bhfacthas dósan riamh go raibh sé ‘iontach tábhachtach’ d’athbheochan na teanga go mbeadh ceol nua á chumadh inti.

“Tá sé tábhachtach go mbeadh ceol comhaimseartha ar fáil, an cineál céanna ceoil a bhfuil daoine óga ag éisteacht leis i dteanga ar bith eile ar domhan, againne sa Ghaeilge. Is comhartha láidir é sin go bhfuil muidine láidir mar phobal teanga agus gur féidir linn rud ar bith a dhéanfadh mórtheanga a dhéanamh,” a dúirt sé.

Tá Mac Aodha Bhuí ag plé le ceol comhaimseartha i nGaeilge le breis agus scór blianta anuas ó chuir sé an ‘Ciorcal Craiceáilte’ ar bun sa bhliain 1993. Ó shin i leith tá sé ag cur an cheoil nua-aimseartha Gaeilge chun cinn.