Tá athruithe go leor tagtha ar chúrsaí iomána i Luimneach ó chonaic mise ag imirt in aghaidh Chill Chainnigh iad i gCluiche Ceannais na hÉireann 50 bliain ó shin.
Ócáid a bhí inti a fhanfas i mo chuimhne go deo ar chúpla cúis. Ar an gcéad dul síos ba é sin an chéad uair agam a bheith i láthair ag ‘Lá Mór na nGael’, mar a thugadh Seosamh Mac Donncha air. Cuir leis sin an ríméad a chuir bua Luimnigh ar lucht a leanta – troscadh 33 bliain déanta acu d’uireasa Chorn Liam Mhic Cárthaigh.
Seans freisin nach dtáinig aimsir ba mheasa ná í ag aon cheann de na cluichí ceannais a imríodh ó shin agus sílim go raibh mé ag chuile cheann acu. Bheadh oiread foscaidh le fáil i lár an Atlantaigh agus a bhí sa dá shuíochán in Ardán an Chíosógaigh ina raibh mé suite.
Níor bhréag líbíní a thabhairt orainn, muid ina seasamh ar na suíocháin a raibh ár dtóineanna ceaptha a bheith leagtha orthu mar gur chaith muintir Luimnigh an dara leath ag damhsa inár dtimpeall.
Ceadaigh dom a dhul ar sheachrán beag anois go n-inseoidh mé daoibh faoi cheacht beag aimsire a d’fhoghlaim mé san Ardán sin in aimsir a bhí beagnach chomh dona céanna.
Lá eile den sórt sin ansiúd agus mé ag iarraidh mé féin a chosaint ar an draoib agus ar an bhfliuchán leis na balcaisí suaracha a bhí agam, leaindeáil fear le m’ais agus gan air ach a gheansaí. Fad agus a bhí mise ag gáire faoi, tharraing sé péire de na málaí móra dubha plaisteacha sin a bhíonn i mboscaí bruscair amach as a phóca. Chuir sé poll beag i gceann agus sháigh a chloigeann amach tríd. Sháigh sé a dhá chois isteach sa gceann eile agus tharraing aníos go dtína bhásta é.
Theich an chuid ba mhó acu siúd a bhí ina thimpeall ar thóir foscaidh. Chaith siad siúd a d’fhan cuid mhaith den am ag sáraíocht agus ag bagairt ar a chéile faoi scáthanna fearthainne. D’fhan ár gcara ar a chompord, gan mairg ná buairt ag breathnú ar an imirt. Nuair a bhí sin déanta, bhain de agus chaith na málaí isteach sa mbruscar.
Sin fear a raibh cloigeann air. Ag na Sínigh sílim atá an seanfhocal ‘Cloisim agus déanaim dearmad, feicim agus coinním sa gcuimhne.’
De réir an leagan amach a bhí ar Chraobh Shinsearach Iomána na hÉireann na linne sin, ní raibh aon bhabhtaí leathcheannais i gceist idir 1959 agus 1968 – seaimpíní na Mumhan (ina raibh Gaillimh san iomaíocht go dtí 1969) agus Laighean gaibhte caol díreach isteach sa mbabhta ceannais.
I 1973 mar sin bhí áit ag Cill Chainnigh i gCluiche Ceannais na hÉireann a luaithe agus a bhí Craobh Laighean buaite acu. Mar a tharla ba bhua é sin ar íocadar go daor as mar faoin am a dtáinig Cluiche Ceannais na hÉireann d’fhág gortuithe a bhain dó i gcraobh an chúige go raibh a gcosantóir Jim Treacy gortaithe, mar a bhí Eddie Keher a raibh 0-21 aimsithe aige in aghaidh Loch Garman agus Átha Cliath agus Kieran Purcell a fuair cúl i chaon cheann de na cluichí sin.
San athchóiriú ab éigean a dhéanamh ar na cúlaithe, tugadh áit den chéad uair d’ógánach darbh ainm Brian Cody, a bhí ina chaptaen ar na mionúir an bhliain roimhe sin.
D’uireasa a gcuid naoscairí, b’fhurasta aithne ó thús an Chluiche Ceannais go raibh cuid den fhaobhar imithe de chumas scórála Chill Chainnigh – gan acu ach 7 gcúilín ag leath-ama chomh maith leis an gcúl a scóráil Pat Delaney, a raibh seachtain caite aige féin ar an leaba leis an bhfliú. Dosaen cúilíní a bhí ag Luimneach.
Bhí na foirne ar comhscór in imeacht 5 nóiméad den dara leath agus ansin Cill Chainnigh chun cinn ag Mick Crotty. Chothromaigh Richie Bennis.
Ansin sa 9ú nóiméad den dara leath an scór a d’fhág nár mhiste le fir na ngeansaithe uaine go raibh sé ag caitheamh sceana gréasaí nó gur shéid Mick Slattery as Contae an Chláir an fheadóg dheireanach.
Níor bhréag a rá go dtáinig mianach an lae agus an cúl go maith le chéile – buille a sheol Liam O’Donoghue i dtreo chúl Chill Chainnigh, báitheadh i mbogach na cearnóige í agus bhí sé ina útamáil gur thrasnaigh an sliotar agus ar a laghad ceathrar imreoirí an líne.
Mossie Dowling a fuair an chreidiúint.
Laochra ab ea chuile imreoir ar fhoireann Luimnigh agus ní lochtófaí J.P. McManus dá n-ainmneodh sé capall rása in ainm chuile dhuine acu, rud a rinne sé ina dhiaidh le Pat Hartigan, a gcaptaen Éamonn Grimes agus Joe McKenna.
Níl mé cinnte an raibh ainm Sheán Foley ar cheann acu? Ní mheasaim é ach ba cheart go mbeadh.
Caoga bliain dár gcionn tá pictiúr doiléir de i m’intinn – doiléir de bharr na haimsire seachas de bharr aoise. Ag fánaíocht ó cheann ceann páirc a bhí sciorrach sleamhain; ag piocadh sliotair as an aer nach bhfeicfeadh seabhac agus ag cinntiú go mba ag snámh in aghaidh easa a bhí a chéilí comhraic.
Fág freagra ar 'Fágadh ina líbíní báite muid ach ní dhéanfaidh mé dearmad go deo ar mo chéad uair ag cluiche ceannais na hÉireann'