Fág ag ár gcolúnaí amharc ar shliotar ach i bhfad uaidh aon slabáil le Twitter…

Spreag suáilcí agus duáilcí shaol an spóirt ár gcolúnaí chun peann a chur le pár agus dán speisialta a chumadh dúinn don Nollaig

Fág ag ár gcolúnaí amharc ar shliotar ach i bhfad uaidh aon slabáil le Twitter…

LÚIREACH MHÁRTAIN

Dia idir mé agus baois Joe Brolly
Dia idir mé agus Ardán Nally
Dia idir mé agus scil Chill Chainnigh
Dia idir mé agus Trump na buinní

Dia idir mé agus iománaí an chlaí
Dia idir mé agus an ‘hype’ ar Sky
Dia idir mé agus Ciarraí buailte
Dia idir mé ‘s a lucht leanta suaite

Dia idir mé agus peil gan Córa
Dia idir mé agus cuireadh ar phósadh
Dia idir mé agus saighde ar an mbosca
Dia idir mé agus páirc gan foscadh

Dia idir mé agus José Mourhino
Dia idir mé agus cantal ‘Keano’
Dia idir mé agus meon na Páile
Dia idir mé agus an 10ú pas láimhe

Bíodh an pas sin luaite san 11ú Aithne
Is damnú tuartha do lucht a chleachta
Céasadh ar chrois agus Mallacht na Míol
Ag dul le bualadh na liathróide siar

Cumhdaigh mé ar an ‘tús brionglóideach’
Na ‘coinníollacha dona’, is an ‘teacht aniar’ spleodrach
An ‘cad é mar chúl’ is minic a luaitear
Is ar an scór a thagann ‘as an tarracán uachtar’

An ‘cúilín bog’ i bhfad uaim coinnigh
Is fág ‘chuir sé bróg léi’ i dtóin na toinne
Ná cloisim arís ag teacht as béal
‘Suas na páirce’ ná ‘tiontú ar réal’

Sábháil mo chluasa ar Ireland’s Call
Ar ghlór Shane Ross is é ag caint sa Dáil
Abair leis siúd labhairt le lucht UNESCO
Iadsan is fearr a mhíneoidh spórt dó

Tabhair chugam fuascailt ar thicéid hIcí
As cuimhne na ndaoine tá siad imithe
Cuir ísliú de bheagán ar shianaíl Davy
Is comhairligh McGregor a bheith níos céillí

Aimsigh blúire den Ghael i leithéide Messi
Mar a dhéanadh Jack Mór agus Schmidt, an cleasaí
Uaidh siúd níor theastaigh bréag ná gleacaí
Go ndearna Páidín de Bundee Aki

Fág agam fad a mhairim amharc ar shliotar
I bhfad uaim san achar sin aon slabáil le Twitter
Seol chugam mo thicéad do Sheastán Clan
Is go mba ghaire dom Ifreann, ná aon Khardashian

Mo liathróid bheag bhán, coinnigh slán ar an ngaineamh
Ar na crainn, ar an uisce, is ar an bhfiataíl fhada
Téadh mo bhuille chun síneadh, mar lá an earraigh
Bíodh mo luascadh chomh mall leis an trácht i nGaillimh

Cuir ‘battery’ nua i Seabhac sin Dhurlais
Tá sé chomh righin le hasal ag únfairt
Is más féidir chor ar bith é agus ar a shon sin
Múin dhá fhocal Gaeilge do Stephen Cluxton

Seachain mé ar na capaill mhalla
Ar ppower.com, is na maoir pháirceála
Cuir do bheannacht ar Mick McCarthy
Is ar Stephen Kenny a bheas ag athrú a ‘nappy’

Mínigh dóibh ar an mBaile Breac
Nach ionann a bheith marbh is a bheith bailithe leat
Craol leagan Gaeilge den ‘Dragons Den’
Bhíodar uilig á foghlaim dhá mhí ó shin

An méid sin ar fad agus beidh mé sásta
Go ceann bliana eile má fhaighim de spás é
Nollaig Shona ag lucht léite an cholúin
Tá bliain mhór spóirt romhainn ar foluain.

Fág freagra ar 'Fág ag ár gcolúnaí amharc ar shliotar ach i bhfad uaidh aon slabáil le Twitter…'

  • Colm

    Iontach ar fad. Ba bhreá liom dá gcuirfeadh Mártan nó grúpa beag as na Gaeltachtaí liosta focal agus nathanna dúchasacha Gaeilge, oiriúnach do chúrsaí spóirt, fáil do thráchtairí raidio agus go háirithe do thráchtairí teilifíse.

  • Pól Réamonn

    Nollaig shona duit chomh maith.

  • Con Rua

    Fíorchliste agus an-ghreannmhar freisin. Nár laige Dia do lámh, a Mhartáin!

  • léitheoir

    Nollaig mhaith mhór duit… as mé a chur sna trithí gáirí.

  • tairamararch

    ‘cúilín bog’…srl…srl …dh’fhliuchas mé féin ag gáirí. Á ghrianadh féin atá sé is dócha!