Eolas nua faoi chás bunscoil Ghaeltachta a bhí ina cause célèbre do lucht na teanga

Tugadh comhairle dlí don Roinn Oideachais gur ghníomh mídhleathach a bhí ann múinteoir neamhcháilithe a fhágáil ag teagasc sa bhunscoil ar an Sraith Salach in áit an Phríomhoide, Bríd Ní Dhomhnaill

Eolas nua faoi chás bunscoil Ghaeltachta a bhí ina cause célèbre do lucht na teanga

Bhí bunscoil Ghaeltachta dhá oide i gConamara ina ábhar mór aighnis i 1986 agus tuismitheoirí na scoile ag diúltú a gcuid páistí a chur chuici.

Tá sé tagtha chun solais anois i gcomhaid an stáit atá eisithe faoin ‘Riail 30 Bliain’ gur tugadh comhairle dlí don Roinn Oideachais gur ghníomh mídhleathach a bhí ann múinteoir neamhcháilithe a fhágáil ag teagasc sa bhunscoil ar an Sraith Salach in áit an Phríomhoide, Bríd Ní Dhomhnaill.

Cé gur tugadh é seo le fios do Bhord Bainistíochta na scoile tuigeadh don Roinn nach raibh an sagart paróiste, a bhí ina Chathaoirleach ar an Bhord, sásta aon ghníomh a dhéanamh leis an fhadhb a réiteach.

Cause célèbre a bhí sa chás d’eagraíochtaí Gaeilge ag an am de thairbhe go raibh an teanga sáite i gcroílár na conspóide.

Thosaigh na fadhbanna ar an chéad lá de Mheán Fómhair 1986, tráth a d’oscail an scoil arís tar éis laethanta saoire an tsamhraidh. Scríobh Cathaoirleach bhord na scoile, an tAthair Gabriel Charles, chuig an Roinn Oideachais ag lorg cead príomhoide na scoile, Bríd Ní Dhomhnaill, a bhriseadh óna post.

Mhaígh sé go raibh fíordhroch-chaidreamh aici le tuismitheoirí na scoile agus nach raibh sí in ann dá post a thuilleadh. I measc na líomhaintí eile a rinne an sagart dúradh nach raibh na tuismitheoirí ró-shásta lena stíl mhúinteoireachta agus mhaígh sé go raibh an smacht caillte go hiomlán aici.

Ach ba léir go raibh nithe eile ag dó na geirbe dó. Ba bheag Gaeilge a bhí ag sagart cúnta an cheantair, an tAthair John O’Gorman, a bhí i mbun cúrsaí eaglasta i nGaeltacht Bhun na gCnoc agus rinne Bríd Ní Dhomhnaill gearán faoi seo:   

“Recently she has interfered in the liturgical affairs of the Recess area of the parish, insisting that mass in the Derryvoreeda mass centre should be said entirely in Irish. This has lead to a lot of media attention especially from Radio na Gaeltachta with which Miss Ní Domnaill is constantly in contact,” a scríobh an tAthair Gabriel Charles.

Dúirt sé nach raibh na tuismitheoirí sásta ligean dá gcuid páistí freastal ar an scoil go dtí go mbrisfí Bríd Ní Dhomhnaill óna post. Mhaígh sé ina litir chuig an Roinn Oideachais go raibh cur chuige Bhríd Ní Dhomhnaill i leith na Gaeilge místuama:

“now borders on the irrational and will lead to the gradual disappearance of the Irish language from the district.”

Ní bheadh na tuismitheoirí sásta comhoibriú arís go dtí go mbrisfí an Príomhoide as a post, dar leis.

Thug an Roinn Oideachais freagra ar iarratas an tsagairt ar an 12 Meán Fómhair. Dúradh nach raibh aon chumhacht ag an Aire Oideachais i leith múinteoirí a bhriseadh, gur faoin Bhord Bainistíochta a bheadh sé a leithéid a dhéanamh ach gur orthusan fosta a thitfeadh aon dliteanas ó thaobh cúiteamh as duine a bhriseadh as post go héagórach. Dúradh fosta nárbh eol don Aire oideachais gur sháraigh Bríd Ní Dhomhnaill rialacha na mBunscoileanna. Dá mbrisfí óna post í ní fhéadfaí í a chur ar an phainéal do phost múinteoireachta eile a dúradh.

D’fhill na páistí ar an scoil ar an 20 Deireadh Fómhair, 1986. Chuaigh na páistí ab óige chuig an múinteoir eile a bhí fostaithe sa scoil ach chuaigh na páistí ní ba shine go seomra breise áit a raibh siad á dteagasc ag bean nach raibh cáilithe mar bhunmhúinteoir.

Bhí na tuismitheoirí ag íoc thuarastal na mná seo fad is a bhí Bríd Ní Dhomhnaill ina suí i seomra folamh. Mhaígh an tAthair Gabriel Charles go raibh ceart de réir an Bhunreachta ag na tuismitheoirí go gcuirfí oideachas ar a gcuid leanaí.

Scríobh an Roinn Oideachais chuige ar an 29 Deireadh Fómhair agus cuireadh in iúl dó go raibh an tAire Oideachais, Paddy Cooney, buartha go raibh páistí faoi chúram inteora nach raibh ceadaithe ag an Roinn, agus go raibh sí ag teagasc sa scoil rud a bhí ag sárú Rialacha na mBunscoileanna:

“It follows, therefore, that Recess school is not being conducted at present as a national school in accordance with the terms of the Rules and the school lease and that the principal teacher is not in a position to carry out her post,” a thug an Roinn le fios i litir chuig Bord Bainistíochta na scoile ar an 14 Eanáir.

Tugadh le fios don Roinn i gcomhrá gutháin leis an Athair Gabriel Charles nach mbeadh sé ag tabhairt freagra ar an litir sin.

Rinne an INTO, a bhí ag déanamh ionadaíochta ar Bhríd Ní Dhomhnaill, iarratas go dtabharfaí cóip den litir sin daofa. Mhaígh siad nach bhféadfaidís a ndualgas ó thaobh cosaint a thabhairt don phríomhoide a chomhlíonadh gan na fíricí uilig a bheith ar fáil dóibh. Scríobh an Roinn chuig an bPríomh-Aturnae Stáit ag lorg comhairle ar an chás.

Thug Oifig an Phríomh-Aturnae le fios go raibh an Bord Bainistíochta agus a gCathaoirleach ag sárú na rialacha:

“in that a teacher who is not sanctioned by the Minister of Education is in fact usurping the position of the Principal Teacher duly sanctioned by the Minister.”

Bhíothas ag ceileadh deis teagaisc ar an Phríomhoide agus ar a cearta a cuid dualgais a chomhlíonadh.

Dúirt Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit go mbeadh láncheart ag an Aire aitheantas a bhaint don scoil cionn is go raibh siad ag sárú na rialacha. Thiocfadh leis fosta an dlí a chur ar iontaobhaithe na scoile chun suim de £16,500 a fháil ar ais uathu mar go raibh ‘sárú iontaoibhe’ i gceist. Dá leanfaí leis an tsáinn idir an Roinn agus an Bord Bainistíochta chomhairligh an PríomhAturnae gur cheart don Roinn “seriously consider taking legal action seeking relief by way of injunction and a declaration or both.”

Tugadh le fios, áfach, go raibh seans ann go mbeadh an INTO ag glacadh cáis dá gcuid fhéin in aghaidh na scoile ach nár cheart aon cháipéis a thabhairt don cheardchumann go dtí go dtiocfadh ordú cúirte uathu.

Thángthas ar “réiteach” ar an chás gan dul i muinín na gcúirteanna sa bhliain 1993 de bharr iarrachtaí Ard-Easpag Thuama, an Dr. Seosamh Ó Casaide, an tAire Oideachais, Mary O’Rourke, an Seanadóir Joe O’Toole agus Proinsias Mac Aonghusa.

Ceapadh Bríd Ní Dhomhnaill ina hoide i Scoil Iognáid, Gaillimh agus druideadh an scoil ar an Sraith Salach. Aistríodh na daltaí go scoil eile ach de réir an tsocraithe aithníodh gurb í Bríd Ní Dhomhnaill fós Príomhoide na scoile agus dá n-osclófaí arís é gurb ise a bheadh ina bun.

Fán am sin, bhí an tAthair Charles marbh agus an tAthair O’Gorman ag feidhmiú i bparóiste i gCo Mhaigh Eo.

Fág freagra ar 'Eolas nua faoi chás bunscoil Ghaeltachta a bhí ina cause célèbre do lucht na teanga'

  • Learraí

    Scéal gangaideach brónach inar léir sotal agus dímheas na heaglaise agus roinnt tuismitheoirí i leith an chultúir. Scríobh M Ó Catháin tamall gairid ó shin ar Tuairisc.ie gur thacaigh tromlach na dtuismitheoirí le seasamh an Phríomhoide. Cár sheas an INTO faoin gceist seo? Rinne a leithéidí dochar mór do stádas na Gaeilge sa bhunoideachas in Éirinn. Agus tá a chomharthaí air ó shin.

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    ‘Mhaígh an tAthair Gabriel Charles go raibh ceart de réir an Bhunreachta ag na tuismitheoirí go gcuirfí oideachas ar a gcuid leanaí.’

    An dtarlódh a leithéid sa lá atá inniu ann? – agus an oiread sin Béarlóirí anois ina chónaí sa ‘Ghaeltacht’?? Agus an eaglais Chaitliceach a bhfáiltiú isteach?!!

    Fíor-thábhachtach go mbeadh COINNÍOLL GAEILGE bunaithe don Ghaeltacht LÁITHREACH!!

  • Breandán

    An Sraith SAILEACH,a chuala mise ó mo sheanathair fadó.Tá níos mó chiall leis ná an Sraith “Salach”.Bhí an ceart ag mo sheanathair,ceapaim.

  • leitheoir

    An ceart ar fad ag Breandan anuasana. Ta an focal ‘salach’ imithe faoin bhfocal ‘saileach’ i moran Eireann logainmneacha ar fud na tire. ‘Daingean salach’ etc. etc. Ta an tuaiplis sin daingnithe ag Logainm.ie fiu amhain agus is ionadh liom e sin. An bhfeadafdh Logainm.ie an cheist seo a iniuchadh? Glactar leis gur ‘dirty’ ‘salach’ is bri le ‘saileach’ rud ata bunoscionn go huile is go hiomlan leis an mbunbhri. Nach leargas eile e seo ar an mbris uafasach cultuir ata i reim sa tir seo? Aineolas ar ar n-oidhreacht agus slat (saili?) a husaid chun sinn fein a bhualadh. Ca bhfuil an duine ar mhian leis a bheith ina chonai in ait go dtabharfai ‘dirty’ mar ainm air? Seachas Brendan Behan, b’fheidir? ….dirty ol’ town…..ahem

  • leitheoir

    Bhi ardmhisneach agus ardaigne ag an mbean phrinseapalta sin agus i suite ansin ina haonar ina seomra ranga la i ndiaidh lae ar feadh an achair sin uile. Cuimhnigh i gceart air sin! Ce a bhi buioch di d’eis na bpeiriocha go leir? Caithfidh se go raibh uaigneas (agus faitios ar uairibh) uirthi ach lean si ar aghaidh. Sa phictiur sin agaibh ta si ag siul cois cladaigh ina haonar aris ach ta cuma uirthi go bhfuil si istigh lei fein agus stiuir dhiongbhailte ar a cuntanos i gconai. Thabharfa gean do chroi do bhean mhisniuil mar i.

  • Seán Mac Gearailt

    An ceart go h-iomlán ag Cordelia Nic Fhearraigh go mbeadh coinnioll Gaeilge ann don Ghaeltacht. Ba chóir go mbeadh lán- chumas sa Ghaeilge ag gach éinne atá fostaithe ag an Rialtas le dul ag obair sa Ghaeltacht.

  • Breandán

    Maidir leis an logainm An Sraith Saileach,bhí mé ag fiosrú an scéal inniu,agus dúirt duine liom go raibh/bhfuil loch ann san ceantar,agus na crainnte saileach seo mórthimpeall air.Níl morán taithí agamsa ar an áit,ach más féidir linn freagra a fháil ar an gceist seo,obair fiúntach a bheadh ann.Is fearr liom “An Sraith Saileach”,pé scéal é.

  • Páid Ó Donnchú

    Bríd Ní Dhomhnaill, sheas sí an fód.

    Maidir leis an choinníoll Ghaeilge ní dheachaigh aon eagraíocht Ghaeilge Stát-urraithe chuig An Bord Pleanála chun cás na Gaeltachta a throid ariamh.

    Ólann an cat ciúin bainne freisin.

  • Liam Ó Cuinneagáin

    Ní raibh an INTO ró-iontach faoin gcás seo ach sa deireadh tháinig réitiú de chinéal air cé gurbh é an toradh leis ná gur droideadh an scoil. Bhí múinteoirí áirithe, áfach, a sheas an fhód go daingean agus is fiú cuimhneamh ar dhuine acu sin – Dónal Ó Muineachain (Danny Monaghan) a spreag muid uilig le gníomh. Bhí dream an Chonartha faoi cheannas Íte Ní Chionnaith ar dóigh fosta. Ba dhoiligh cás láidir a dhéanamh san INTO gan tacaíocht múinteoiri Condae an Chláir – Breandán Ó Beachán, PJ Fiz srl ! Tá fhios agaibh cé sibh fhéin.

    Mar nóta eolais, bhíodh aifreann tús-téarma i nDeoise Átha Cliath do mhúinteoirí agus la saor againn ag tús an Fhómhair achan bhliain. D’fhág ‘convoy’ againn Sráid Ui Chonaill an mhaidin sin siar go Bríd sa scoil ar an Sraith Salach. Cuireadh deireadh leis an lá saor aifrinn gar ina dhiaidh sin!

    Mar focail scoir, tá sé ráite go minic, ach ba agus is bean iontach í Bhríd Ni Dhánaill cé gur deineadh gach iarracht, ag an am sin, a clú mar mhúinteoir as scrios.! Fair plé do B Delap agus Tuairisc an scéal seo a innsint arís.

  • maire

    Ba dheas e da mbeadh rud le ra ag Brid faoi seo uileag.