‘English the most sensible and practical language’ san ionad oibre – ráiteas eisithe ag The Flying Enterpise

Tá ráiteas eisithe ag The Flying Enterprise, an teach tábhairne i gCorcaigh ar éirigh fear óg Gaeltachta as a phost ann nuair a tugadh rabhadh dó gan Gaeilge a labhairt

‘English the most sensible and practical language’ san ionad oibre – ráiteas eisithe ag The Flying Enterpise

I ráiteas a d’eisigh lucht bainistíochta an tí tábhairne The Flying Enterprise i gCorcaigh tráthnóna, deirtear go bhfuil meas ag foireann an tí ar an tuairim gurb é an Béarla “the most sensible and practical language” don láthair oibre.

Maíonn an lucht bainistíochta chomh maith nach bhfuil aon bhaint ag an nGaeilge leis an gconspóid atá ar bun faoina bpolasaí teanga.

Sa ráiteas a d’eisigh siad, dúradh gur ‘cúis iontais ar go leor bealaí’ cuid de na ráitis a bhí luaite sna meáin inné le Cormac Ó Bruic, an fear óg Gaeltachta a d’éirigh as a phost sa Flying Enterprise i ndiaidh dó rabhadh a fháil gan Gaeilge a labhairt ag an obair.

“In many ways we were suprised by the comments attributed to our former employee Cormac O’Bruic (sic) in yesterday’s media. This matter is certainly not about the Irish language.

“We currently employ up to seventy people and of them there are six different nationalities who all speak their native langauge. They respect that while at work the most sensible and practical language to speak is English,” a dúradh.

Dúradh freisin gur thuig Ó Bruic gur “ceist acmhainní daonna” a bhí i gceist leis an scéal agus go raibh próiseas acmhainní daonna ar bun nuair a d’éirigh sé as.

Mhaígh lucht bainistíochta an bheáir agus bialann i gCorcaigh go mbeadh sé “unfair” ar Ó Bruic dá bpléifí an scéal go poiblí.

Tá conspóid The Flying Enterprise go mór i mbéal an phobail ó tháinig sé chun solais ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inné, nuair a d’éirigh oibrí beáir i dteach tábhairne mór le rá i gcathair Chorcaí as a phost tar éis dó rabhadh a fháil gan Gaeilge a labhairt agus é ar dualgas.

Tharla easaontas idir Cormac Ó Bruic, ó Chorca Dhuibhne, agus úinéirí teach tábhairne an Flying Enterprise mar gheall ar nós an fhir óig a theanga dhúchais a labhairt agus é i mbun oibre.

I litir a sheol úinéir The Flying Enterprise, Finbarr O’Shea go dtí Ó Bruic ar an 11 Lúnasa, cuireadh in iúl don oibrí beáir go raibh a P45 á fháil aige toisc nár fhill sé ar an obair i ndiaidh gur éirigh idir é féin agus a bhainisteoir faoi cheist labhairt na Gaeilge.

Tá cáineadh géar déanta ag lucht teanga ar The Flying Enterprise as an bpolasaí teanga acu agus tá an brúghrúpa Gaeilge Misneach le hagóid a chur suas taobh amuigh den teach tábhairne ag a 2 a chlog inniu. Tá agóid beartaithe chomh maith ag Gael-Taca, príomheagraíocht Ghaeilge Chathair Chorcaí, amárach ag 12.45pm.

Bhí scéal Tuairisc.ie inné faoin gconspóid i gcathair Chorcaí ar an scéal is mó a léadh ar an suíomh ó tháinig ann dó nach mór dhá bhliain ó shin.