Easpag de bhunadh na Gaeltachta páirteach i sochraid Bhanríon Shasana inniu

Is as ceantar na nOileán i gConamara do thuismitheoirí Mark O’Toole agus aithne mhaith ag muintir na háite air

Easpag de bhunadh na Gaeltachta páirteach i sochraid Bhanríon Shasana inniu

Tá fear de bhunadh Chonamara i measc na mball den chléir a bheas páirteach inniu i searmanas sochraide Bhanríon Shasana, Éilís II, i Mainistir Westminster i Londain.  De bhunadh na Gaeltachta an tEaspag Mark O’Toole atá ina Ard-Easpag ar dheoise Caerdydd agus Mwynglawdd sa mBreatain Bheag a bheidh i measc na gceannairí eaglasta ón mBreatain Bheag a bheas páirteach i searmanas na sochraide

Is as ceantar na nOileán i gConamara do thuismitheoirí an Easpaig – Marcus Chóilín Choilm Ó Tuathail as Leitir Caladh agus Máire Mháirtín Larry Nic Dhonncha as An Máimín, Leitir Móir. I Londain a chaith siadsan formhór a saoil agus is ansin a thóg siad a gclann. In Southwark a rugadh Mark O’Toole i 1963.

In Ord na Seirbhíse do shochraid mhór an lae inniu tá Mark O’Toole ainmnithe sa liosta den chléir ón mBreatain Bheag a bheas páirteach sa mhórshiúl a bheidh ann sula dtabharfar cónra na Banríona isteach i Westminster Abbey.

I mí an Mheithimh i mbliana a rinneadh insealbhú ar Mark O’Toole mar Ard-Easpag ar Caerdydd agus tá sé anois ar an Easpag Caitliceach is sinsearaí sa mBreatain Bheag. Roimhe sin bhí sé ina Easpag ar Plymouth i gCorn na Breataine agus sular ceapadh ina Easpag é bhí sé ina rúnaí ag Ard-Easpag Westminster, An Cairdinéal Cormac Murphy O’Connor. Chaith sé seal freisin i gceannas ar choláiste traenála sagart Allen Hall in Chelsea, Londain.

Bhí cúram suntasach ar Mark O’Toole nuair a bhí sé ina rúnaí ag an gCairdinéal in Westminster mar gurb é a thug teagasc d’iar-phríomhaire na Breataine Tony Blair nuair a bhí seisean ag ullmhú le hiompú ina Chaitliceach.

Nuair a thug Rí nua na Ríochta Aontaithe, Séarlas III cuairt ar Caerdydd na Breataine Bige Dé hAoine seo caite bhí an tEaspag Mark O Toole i measc na gceannairí eaglasta a chas leis i gCaisleán Caerdydd. Go deimhin ba é O’Toole a chuir an Rí in aithne de thoscaireacht na heaglaise ag an bhfáiltiú. Tá míreanna físe den ócáid le feiceáil ar na meáin shóisialta agus an bheirt ag caint agus ag comhrá le chéile. Is cosúil nárbh é seo an chéad uair ar chas an tEaspag le Séarlas mar go bhfuil sé le cloisteáil ag meabhrú don Rí gur chasadar le chéile cheana i mí Iúil.

Tugann an tEaspag Ó Tuathail cuairteanna rialta ar cheantar na nOileán agus ar Chonamara áit a bhfuil cuid mhaith gaolta aige. Léigh sé aifreann i Séipéal Thír an Fhia ó am go ham.

Bhásaigh a athair, Marcus Ó Tuathail roinnt blianta ó shin agus tá sé curtha i Reilig an tSean-Bhaile i Leitir Mealláin. Bhí an Cairdinéal Murphy O’Connor i láthair ag an tsochraid i Séipéal Thír an Fhia ag an am. I Londain atá cónaí ar mháthair an Easpaig ach caitheann sí tréimhsí rialta i gceantar na nOileán i gcónaí.

 

Fág freagra ar 'Easpag de bhunadh na Gaeltachta páirteach i sochraid Bhanríon Shasana inniu'

  • Seamus Ó Súilleabháin

    ***************************************************************************************
    http://artpickle.com/index.cfm?artpage=webhome&webtab=testsite&webid=11059
    ***************************************************************************************

    **************** Socraid Bhanríon Shasana, Eilís II agus nóiméad ómós di ****************

    ***GO MAIRE AN RÉABHLÓID AGUS AN PHOBLACHT NUA SHOISIALACH CHEART***
    ****************************** ÁTA LE TEACHT INA hÁIT******************************

    **************************************************************************************

    Cad tuige nár ghlac an ‘Saorstát’ seo nóiméad ciúnais ar son Iospairtigh Stáit na Banríona ar fud an Domhain ó hÉirinn go dtí an Aifric Theas a d’fhulaing faoina hImpireacht/Ríocht Aontaithe thar na glúnta agus a fhulaingíonn go fóill.

    Guím ar a son agus ar son a sleachta. Is mór an truaigh nach bhfuil ‘Sinn Féin’ ábalta ceist a chur ar na daoine sin an lá atá inniu ann agus gheobhaidís freagra ceart ina áit a bheith ag tabhairt maithiúnas ar a son.

    Is mise
    Dónall Mór Mac Billings
    Mac na Reablóide Teanga agus Polaitíochtaí

    An Ghaeltacht,
    Bloc E
    Árdán 1

    Príosún Phort Laoise
    Éire

    Labhair í agus mairfidh sí.
    ***************************************************************************************
    http://artpickle.com/Index.cfm?artpage=artistdetail&ID=11059
    ***************************************************************************************