Easpa corpoideachais don aos óg –tá chuile rialtas ó thús an stáit chomh ciontach céanna

Ní ag déanamh poillín in airde atá ár gcolúnaí faoin bhfógra nach fada uainn an lá a mbeidh daltaí in ann an corpoideachas a roghnú mar ábhar Ardteistiméireachta

Easpa corpoideachais don aos óg –tá chuile rialtas ó thús an stáit chomh ciontach céanna

Maithfidh an tAire Oideachais agus Scileanna dom é má deirim nach ndearna mé uan díom féin agus nár thosaigh mé ag pocléimneach nuair a d’fhógair sé cúpla seachtain ó shin nach fada uainn anois an lá a mbeidh daltaí in ann an corpoideachas a roghnú mar ábhar Ardteistiméireachta.

Tá a fhios agam gur fearr go deireanach ná go brách, ach mar a deir seanfhocal eile, ‘is deartháir don tsiléig an righneas’ agus mura raibh córas oideachais agus rialtais na tíre seo righin ag aithneachtáil tábhacht an chorpoideachais ní lá go maidin é.

Bíodh do rogha agat – siléig nó righneadas.

Tá chuile rialtas ó thús an stáit chomh ciontach céanna. Chomh fada siar leis an mbliain 1938 foilsíodh tuarascáil inar dúradh go mba cheart Institiúid Náisiúnta Corpoideachais a bhunú.

Mar a tharla le moltaí fiúntacha go leor, fágadh ag bailiú dusta ar sheilf é ar feadh beagnach deich mbliana fichead gur foilsíodh Tuarascáil Mhic Dhonnchadha i 1965. Léirigh sin arís an fhaillí a bhí á déanamh ar an gcorpoideachas i gcuraclam na scol.

Cúpla bliain dár gcionn cuireadh scoláireachtaí ar fáil do chéimithe as an tír seo a cheadaigh dóibh cáilíochtaí san ábhar a bhaint amach i gColáiste Strawberry Hill gar do Londain. Faoi dheireadh, sa mbliain 1973, osclaíodh Coláiste Náisiúnta an Chorpoideachais i Luimneach – ina dhiaidh sin tugadh Coláiste Thuamhumhan air agus i 1991 cónascadh é sin le hOllscoil Luimnigh.

Mar sin 50 bliain i ndiaidh don tír tosaí ag soláthar múinteoirí corpoideachais, cuireadh an t-ábhar ar shiollabas na hArdteiste.

Maith dom é a Aire mura bhfuilim ag déanamh poillín in airde.

Measann tú dá mba choláiste a chuirfeadh oiliúint ar mhúinteoirí Spáinnise, Gearmáinise nó Fraincise a bunaíodh i 1973 an mbeadh fanacht chomh fada céanna orainn go ndéanfaí ábhar Ardteiste díobh siúd? Nó an measann tú an mbeadh údaráis oideachais na tíre, nó go deimhin an pobal fré chéile, ar nós cuma liom ina thaobh sin ?

Tabhair an leabhar nach mbeadh.

Níor mhiste duit dá mba le gairid a tugadh faoi deara an ceangal idir aclaíocht agus folláine an duine. Tá sé dhá mhíle bliain ó chum an file Rómhánach, Juvenas an líne mens sana in corpore sano (intinn fholláin i gcorp folláin). Dá réir sin ní ceal eolais a fágadh an corpoideachas ar an trá fholamh sa tír seo.

Le linn do na húdaráis a bheith i mbun siléige, bímis buíoch go ndearna eagraíochtaí spóirt den uile mhianach an obair ba chóir a bheith déanta acu siúd – go deonach. Murach iad.

Fós feicim daoine ag cnáimhseáil nuair a fhógraítear méideanna áirithe d’airgead an cháiníocóra a bheith á thabhairt d’eagraíochtaí éagsúla. ‘Airgead Rialtais’ ar ndóigh a thugtar air sna scéalta a chuireann mise agus tusa ar an eolas.

Fiú agus an scéal ag feabhsú, is de bheagán sin. Faoi cheann dhá bhliain, nuair a bheidh an corpoideachas mar ábhar Ardteiste don chéad uair, ní bheidh chuile dhalta a sheasfaidh an scrúdú in ann é a roghnú. Céim ar chéim a dhéanfar an obair. Rinne 369 meánscoil iarratas ar a bheith sa scéim – 80 acu a fuair cead sin a dhéanamh agus iontu siúd tosófar ag múineadh an ábhair ag tús na scoilbhliana seo ag teacht.

Cén fáth mar sin nach bhfuil chuile scoil sa gcomhaireamh ceann? Easpa airgid. Céard eile?

I dtuarascáil de chuid na Roinne Oideachais féin inar leagadh amach céard iad na gnéithe is mó dá gcúram a dteastaíonn airgead a chaitheamh orthu as seo go ceann deich mbliana, deirtear go bhfuil géarghá le háiseanna Corpoideachais i go leor scoileanna, ach nach bhfuil ar a gcumas faoi láthair glacadh le hiarratais ó na scoileanna sin ar airgead a chuirfeadh an scéal ina cheart.

Measann an Roinn go gcosnódh sé €450 milliún an feabhas a theastaíonn a chur ar hallaí spóirt mheánscoileanna na tíre agus €360 milliún ar sheomraí cearta ilfhóinteacha a chur i mbunscoileanna.

Ag an bpointe seo ba mhaith liom an tsochraid ba chostasaí a chonacthas sa tír seo riamh a chur ar a súile do mo chuid léitheoirí. €539 milliún a chosain sé le gairid na méadair uisce atá ag déanamh meirge thart timpeall na tíre a chur i dtalamh.

Sa mullach air sin ní i bhfad ó shin a chaith na húdaráis a bhí i réim ag an am €55 milliún ar mheaisíní vótála leictreonacha (ar fritheadh €70,000 orthu nuair a díoladh iad).

Is maith an poll a chuirfeadh sin leis féin leis an gcostas a bheadh le háiseanna atá dlite dóibh a chur ar fáil do dhaltaí na tíre, ar cheart ‘comhchúram a dhéanamh dóibh’ de réir na Bunreachta.

Feicim go bhfuil Gaelcholáiste Luimnigh agus Coláiste Choilm i mBaile an Chollaigh ar phéire de na scoileanna atá ar an liosta is túisce a bhainfidh buntáiste as an bplean nua. Tá mé cinnte gur maith an oidhe orthu é.

Cé is moite de Ghairmscoil Chú Uladh i mBéal an Átha Móir ní fheicim aon scoil Ghaeltachta luaite.

Níl scoil Ghaeltachta ná Ghalltachta as Conamara ná as Oileáin Árann luaite ach an oiread.

An sparán a bheith folamh is cúis iadsan a bheith ar an bhfaraor géar freisin.

Tá mé ag dul amú nó chuirfeadh an €9 milliún a caitheadh ag tógáil aerstráicí nach n-úsáidfear choíche ar an gCloigeann agus in Inis Bó Finne cóir mhaith ar áiseanna corpoideachais i Scoil Phobail an Chlocháin, Scoil Phobail Mhic Dara i gCarna agus ar gach a bhfuil de bhunscoileanna idir an Aill Bhreac agus Uachtar Ard, an Choill Bhreac agus Bearna.

Bheadh an €46.7 billiún de mo chuidse agus de do chuidse a caitheadh de bharr saint bancanna agus cuid de na ruifínigh a bhí ag plé leo luaite freisin agam ach go bhfuil sé fógartha ag an dochtúir súil a choinneáil ar an mbrú fola.

Comhchúram mo thóin!

Fág freagra ar 'Easpa corpoideachais don aos óg –tá chuile rialtas ó thús an stáit chomh ciontach céanna'

  • Máiread

    I 1959 agus cupla blian roimhe sin bhí Physiology már abhar don Ard Teast. sa Meanscoileanna. Bhí chlár 2 blian i gceist. Is mór an eolas a scapadh an chlár faoí iontas an chorp agus faoí már a oibríonn nó nach oibríonn gach ball san corp agus an toradh faduda.
    Ar a laghad, tugann chlár már seo meas mór duinn ar ár gcorp agus an tabht atá ann é a coiméad slán i gach ré don saol.