Easpa aistritheoirí Gaeilge ina dúshlán ag Tithe an Oireachtais

Deir Tithe an Oireachtais go bhfuil dúshlán mór ag baint le hearcú foirne toisc go bhfuil an Rannóg Aistriúcháin ‘in iomaíocht dhíreach’ le hinstitiúidí an Aontais Eorpaigh d’aistritheoirí Gaeilge

Easpa aistritheoirí Gaeilge ina dúshlán ag Tithe an Oireachtais

Deirtear i dtuarascáil nua ó Thithe an Oireachtais go bhfuil ag teip ar Rannóg an Aistriúcháin i dTithe an Oireachtais dóthain aistritheoirí a earcú.

Deirtear sa tuarascáil bhliantúil nár éirigh le Seirbhís Thithe an Oireachtais cur leis an bhfoireann sa rannóg ‘ná fiú an láimhdeachas foirne a chúiteamh’.

Deirtear sa Tuarascáil go bhfuil dúshlán mór ag baint le hearcú foirne toisc go bhfuil Rannóg an Aistriúcháin “in iomaíocht dhíreach” le hinstitiúidí an Aontais Eorpaigh d’aistritheoirí Gaeilge.

Deirtear go bhfuil dúshlán níos mó ann ó 2020 nuair a chinn an tAE go mbeadh rogha ag aistritheoirí Gaeilge an Aontais Eorpaigh a gcuid oibre a dhéanamh in Éirinn, sa Ghráinseach i gContae na Mí.

Deirtear go bhfuil cinneadh déanta ag Seirbhís Thithe an Oireachtais feachtais earcaíochta a reáchtáil go hinmheánach amach anseo toisc go raibh líon iarratas íseal ó iarrthóirí ar chomórtais a reáchtáil an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí.

Fágann easpa aistritheoirí go mbíonn moill ar reachtaíocht a fhoilsiú i nGaeilge. Léirigh figiúirí a cuireadh ar fáil do Tuairisc níos luaithe i mbliana nach bhfuil foilsithe go dtí seo ach beagán os cionn 40% den bhreis is 500 acht a dúirt an Ard-Chúirt a chaithfeadh Tithe an Oireachtais cur ar fáil trí Ghaeilge.

Thug Tithe an Oireachtais le fios go bhfuil gach ceann den 511 acht aistrithe go Gaeilge faoin tráth seo ach go bhfuil tuilleadh oibre le déanamh ar 288 acu sular féidir iad a fhoilsiú. Measadh in 2019 go mbeadh 39 aistritheoir ag teastáil chun an obair a dhéanamh ach d’fhág dúshlán earcaíochta nár earcaíodh an líon sin foirne. 26 aistritheoir a bhí ag obair sa rannóg de réir na bhfigiúirí is déanaí.

Luaitear i tuarascáil bhliantúil Choimisiún Thithe an Oireachtais go ndearna an tSeirbhís Leabharlainne agus Taighde staidéar comparáideach ar pharlaimintí dátheangacha eile a léirigh go bhfuil dhá phríomhchur chuige ann maidir le reachtaíocht a phróiseáil go hilteangach –  ‘comhdhréachtú’ agus ‘aistriú iardhréachta’. Dúradh, áfach, gurb í Éire an t-aon áit amháin sa suirbhé a úsáideann an cur chuige ‘aistriú iardhréachta’ don chuid is mó de Bhillí.

Dúirt Seirbhís Thithe an Oireachtais le Tuairisc an tseachtain seo caite go bhfuil sé i gceist tabhairt faoi ghníomhartha áirithe sa bhfómhar chun úsáid na Gaeilge a chur chun cinn i dTeach Laighean, fostú tuilleadh Gaeilgeoirí ina measc.

Tá sé ina sprioc ag Tithe an Oireachtais oibriú “i dtreo Oireachtas dátheangach” agus deir Seirbhís Thithe an Oireachtais go bhfuil siad tiomanta cur lena cumas oibriú trí Ghaeilge.

Ach tá díomá léirithe ag polaiteoirí faoin easpa dul chun cinn atá déanta.

Bhí an Teachta Dála Catherine Connolly ina cathaoirleach ar ghrúpa stiúrtha a chuir tuarascáil le chéile maidir leis na bealaí a bhféadfaí úsáid na Gaeilge a mhéadú i measc polaiteoirí agus foireann Theach Laighean. Cuireadh an tuarascáil ar aghaidh go dtí an Ceann Comhairle i bhfómhar na bliana seo caite ach dúirt Connolly le gairid nach raibh tada cloiste aici faoin tuarascáil ó shin.

Fág freagra ar 'Easpa aistritheoirí Gaeilge ina dúshlán ag Tithe an Oireachtais'

  • Eibhlís Ní Mhathúna

    Mór an trua go bhfuil an scéal mar seo agus an méid ama a chaitear ar mhúineadh na Gaeilge . An bhfuil seans ann go bhfuil daoine neirbhíseach i dtaobh a gcumas féin leis an nGaeilge?

  • An Ghrian Ag Taitneamh

    Chun a bheith níos mealltaí ná na hinstitiúidí Eorpacha, ní mór le Tithe an Oireachtais tuarastal níos airde a thairiscint do na poist seo.

  • Siob

    @Eibhlís ‘An bhfuil seans ann go bhfuil daoine neirbhíseach i dtaobh a gcumas féin leis an nGaeilge?’ Tá cáilíochtaí ag teastáil chun an obair seo a dhéanamh i gceart, obair dhúshlánach atá i gceist. Shílfinn go mbeadh neart iarrthóirí cáilithe ann nach bhfuil in ann obair a fháil sa réimse. Bheadh ​​sé suimiúil taighde a dhéanamh air seo chun na fíricí a fháil amach.

  • Mairead

    Náireach tareis na blianta nach bhfuil coras dhá teanga i dTithe an Oireachtas.
    Maith thú Caitriona Connolly.
    Máiread.

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Polaiteoirí breá sásta go fóill an bhéarla bheith mar theanga an rialtais. Ba cheart Comhdhréachtú bheith ar achan rud sa stáit seo i mo thuairimse. Is iar-smaointiú a bhíonn sa ghaeilg i gcónaí.