Earcaíocht d’ionad dóiteáin i 2015

Beidh ar chriú an Bhriogáid Dóiteáin nua atá beartaithe do Chonamara Theas a bheith ina gcónaí i ngiorracht trí chiliméadar den stáisiún

Unknown

Beidh ar chriú an Bhriogáid Dóiteáin nua atá beartaithe do Chonamara Theas a bheith ina gcónaí i ngiorracht trí chiliméadar den stáisiún a bheas le tógáil ar an gCeathrú Rua.

B’in a bhí le rá ag leas-Chathaoirleach Choiste Chonamara an tseachtain seo.

Deir sé go gcuirfear tús leis an bpróiseas earcaíochta don ionad ag tús na bliana seo chugainn tar éis d’obair tógála an tsuímh a bheith curtha i gcrích ar Eastát Tionsclaíochta na Ceathrún Rua.

Deir an tUasal Ó Cualáin go dtógfaidh traenáil na n-iarrthóirí idir trí agus sé mhí agus go mbeidh sé oscailte d’fhir agus do mhná.

Caithfidh fáil a bheith orthu siúd a bheas fostaithe 24 uair a chloig, seacht lá na seachtaine.

Beidh iarrthóirí atá ar liúntas leasa shóisialta ábalta a liúntas ar fad a choinneáil fiú agus iad ag obair leis an tseirbhís briogáid dóiteáin.

Le os cionn fiche bliain, tá muintir Chonamara Theas ag troid le seirbhís briogáid dóiteáin a fháil i gceantar Chonamara Theas agus faoi dheireadh, tiocfaidh an ghrian i ndiaidh na fearthana.

Tá sé fógartha ag Comhairle Contae na Gaillimhe go bhfuil súil acu go mbeidh an stáisiún nua, a bheidh lonnaithe in Eastát Tionsclaíochta na Ceathrún Rua, oscailte faoi lár na bliana seo chugainn.

Cuirfear ciste €180,000 ar fáil d’áiseanna agus trealamh cuí an stáisiúin.

Tá sé i gceist ag an gcomhairle briogáid amháin agus ‘4 x 4’ breise a chur ar fáil le haghaidh na seirbhíse.

Is féidir leis an bpróiseas earcaíochta tosú anois.

Is de bharr feachtas Choiste Cearta Chonamara, grúpa a bunaíodh i 2009 i Ros Muc tar éis cruinniú poiblí, a thosaigh an troid do stáisiún ar an gcead lá.

Dar le Seosamh Ó Cualáin, leas-Chathaoirleach an choiste:

“Tá an tseirbhís seo ag teastáil go géar i gceantar Chonamara Theas, ní amháin ó thaobh tintreacha de, ach timpistí bóithre freisin.

“Caithfidh briogáid dóiteáin a bheith ar an láthair anois do gach rud agus b’fhéidir go mbeadh sé rómhall ón am a thiocfadh briogáid dóiteáin ó Ghaillimh nó ón gClochán, agus má shábhálann an tseirbhís saol daoine, is fiú an tairbhe an trioblóid.”