‘Ealaín é an t-aistriúchán liteartha, níl tú ag aistriú treoracha IKEA‘

Tá cáineadh déanta ar theach foilsitheoireachta sa Fhrainc atá ag úsáid AI le leabhair a aistriú. Deir lucht foilsitheoireachta na Gaeilge gur mithid a bheith aireach…

‘Ealaín é an t-aistriúchán liteartha, níl tú ag aistriú treoracha IKEA‘

Deir lucht foilsitheoireachta agus scríbhneoireachta na Gaeilge nár cheart ligean don AI ‘beag is fiú’ a dhéanamh de cheird ná d’ealaíon an aistritheora.

Bhí lucht foilsitheoireachta na Gaeilge ag caint le Tuairisc faoin gcáineadh géar atá déanta ag an eagraíocht Association des Traducteurs Littéraires de France [Cumann Aistritheoirí Liteartha na Fraince] (ATLF) ar an gcomhlacht foilsitheoireachta Harlequin (Harper Collins France) mar gheall ar an scéala go bhfuil an intleacht shaorga in úsáid acu le leabhair a aistriú go Fraincis.

Dúirt Máirín Nic Con Iomaire, a bhfuil úrscéalta aistrithe ón bhFraincis go Gaeilge aici, “nach féidir leis an intleacht shaorga áit an aistritheora a thógáil”.

“Ní féidir leis an meaisínaistriúchán ná leis an intleacht shaorga áit an aistritheora a thógáil, cuma cén fhorbairt atá tagtha orthu le blianta beaga anuas.

“Cruthúnas air sin is ea an gá atá le heagarthóirí agus le profléitheoirí leis an leagan críochnúil a sholáthar i dtograí ina mbaintear leas astu. Tá dua ar leith ag baint leis an gcineál sin oibre – go deimhin is éasca go minic an bunleagan a aistriú ná a bheith ag baoiteáil le leagan a sholáthair an intleacht shaorga,” a dúirt sí.

Dúirt Nic Con Iomaire go bhfuil an méid sin fíor “go speisialta” i gcás an aistriúcháin liteartha.

Mar sin féin, dúirt an t-aistritheoir nach féidir “seasamh roimh fhorbairtí teicneolaíochta” ag an am céanna.

“Is am fíorchinniúnach é seo agus tá géarghá le plé stuama ciallmhar a chinnteoidh gur ar mhaithe le cách a dhéanfar bainistiú ar na deiseanna nua seo ionas nach ndéanfar beag is fiú de cheird ná d’ealaíon an aistritheora,” a dúirt sí.

Tá an foilsitheoir Tadhg Mac Dhonnagáin, ar chuir a inphrionta foilsitheoireachta Barzaz roinnt mhaith aistriúchán amach le tamall de bhlianta anuas “go mór i gcoinne” úsáid na hintleachta saorga in earnáil na foilsitheoireachta.

Dúirt sé go dtuigeann sé do chás ATLF agus go mbreathnaítear an an aistriúchán sa Fhrainc mar “ealaín”, meon atá aige féin, a dúirt sé.

“Tá stádas ealaíontóra ag an aistritheoir liteartha sa Fhrainc agus tá ciall leis sin. Ceann de na haidhmeanna a bhí againn le Barzaz ná an cineál sin tuisceana a chur chun cinn i gcultúr na Gaeilge, gur rud ealaíonta cruthaitheach atá san aistriúchán agus go bhfuil sé tábhachtach.

“Tá mé go mór ina éadan ar bhonn prionsabail, agus go mór i gcoinne na hintleachta saorga a úsáid le pictiúir a chruthú agus a chur i leabhair chomh maith,” a dúirt sé.

Dúirt Mac Dhonnagáin, ar aistríodh a úrscéalta féin go teangacha eile, go bhfuil sé “an-tábhachtach” go mbeadh duine daonna ag plé leis an aistriúchán liteartha.

“Baineann an litríocht leis an daonnacht. Ní ag cur teanga eile ar rud a bheadh níos meicniúla, nó rud a bhaineann le treoracha maidir le píosa troscáin as IKEA a chur i dtoll a chéile atá i gceist. Cé go mbeadh sé tábhachtach go mbeadh sé sin féin cruinn!

“Níor oibrigh [Barzaz] le duine ar bith, go bhfios dúinne, a úsáideann an intleacht shaorga. Tá a fhios agam go bhfuil rud ann sna hinstitiúidí san Eoraip, go n-úsáidtear córas meicniúil de chineál éigin le dréacht a dhéanamh a ndéanann aistritheoir eagarthóireacht air. Ceist an-chasta í, ach mar a deirim, airím gur ealaín é an t-aistriúchán liteartha,” a dúirt sé.

Dúirt sé go measann sé go mbeidh an cheist níos práinní i gcás teangacha móra a mbíonn go leor den aistriúchán liteartha ag tarlú iontu cheana féin, ach nach mbeadh tionchar rómhór aige ar an earnáil i saol na Gaeilge faoi láthair.

“Níl an t-aistriúchán liteartha an-fhorbartha sa Ghaeilge. Ní ceist an-mhór í sa teanga s’againne, ach aistritheoirí óga a bheadh ag iarraidh a mbealach a dhéanamh i dteangacha eile atá ag brath ar an aistriúchán ón mBéarla nó ó theangacha eile – an Eastóinis mar shampla – beidh tionchar aige orthu sin.

“Níl an oiread sin daoine san Eastóin a bheadh in ann leabhar Sally Rooney, nó pé duine, a léamh i mBéarla. Tá gá le deiseanna a thabhairt d’aistritheoirí óga le go bhfoghlaimeodh siad an cheird. Is mór an trua go mbeadh na deiseanna sin séanta agus ceilte ar dhaoine óga,” a dúirt Mac Dhonnagáin.

Dúirt Mac Dhonnagáin go bhfuil a chomhlacht féin ag treabhadh gort nua san fhoilsitheoireacht Ghaeilge agus leabhar a scríobhadh ar dtús sa Bhoisnis le foilsiú i nGaeilge acu i mbliana.

“Scríobhadh an leabhar sa Bhoisnis, níl sé ar fáil i mBéarla, aistríodh go Fraincis é agus beidh an t-aistriúchán Gaeilge bunaithe ar an leagan Fraincise. Tá comhairleoir againn a bhfuil Boisnis agus Gaeilge aici. Is talamh úr san aistriúchán Gaeilge é seo.

“Creidim féin go bhfuil tábhacht le haistriúcháin. Sílim o bhfuil gá leis an tuiscint atá ar an rud is úrscéal Gaeilge ann a leathnú. Is féidir é sin a dhéanamh go sciobtha le haistriúcháin – an Ghaeilge a bheith mar uirlis le heolas a chur ar scríbhneoirí nua. Leathnaíonn sé teorannacha na teanga,” a dúirt sé.

Foilsitheoir eile a bhíonn ag plé le leabhair aistrithe ná Darach Ó Scolaí ó Leabhar Breac. Tá idir úrscéalta agus úrscéalta grafacha a aistríodh ó theangacha eile go Gaeilge foilsithe ag Leabhar Breac i gcaitheamh na mblianta.

Dúirt Ó Scolaí le Tuairisc gurb é a thuairim féin ná go bhfuil “obair an aistritheora ag athrú go réabhlóideach” mar gheall ar na forbairtí nua teicneolaíochta seo agus go mbeidh tionchar aige sin ar an gcaoi a n-oibríonn aistritheoirí liteartha amach anseo.

“Is cinnte go bhfuil obair an aistritheora ag athrú go réabhlóideach agus gur ‘eagarthóirí aistriúcháin’ a bheidh i gceist feasta níos mó ná aistritheoirí per se. Ní féidir labhairt faoin aon treocht mar sin in Éirinn, ná i bhfoilsitheoireacht na Gaeilge, mar níl dóthain conarthaí aistriúcháin ann le rá go bhfuil claonadh ann i dtreo amháin ná i dtreo eile,” a dúirt Ó Scolaí.

Maíodh i ráiteas a chuir an Association des Traducteurs Littéraires de France amach go bhfuil fógra faighte ag aistritheoirí liteartha na Fraince ó Harlequin go bhfuil deireadh ag teacht leis an gcaidreamh oibre atá ag an teach foilsitheoireachta leo agus gurb iad a gconarthaí reatha “a gconarthaí deireanacha” leis an gcomhlacht.

“Tá Harlequin ag tabhairt droim láimhe don aistriúchán: beidh seirbhís sheachtrach, an ghníomhaireacht chumarsáide Fluent Planet, ag cur na dtéacsanna trí bhogearra meaisín-aistriúcháin agus fostóidh siad saor-phrofléitheoirí le heagarthóireacht a dhéanamh ar an aschur Fraincise. An sprioc atá acu ná an brabach a mhéadú tríd an obair a laghdú,” a maíodh sa ráiteas.

Dúirt ATLF gurb é seo an chéad uair, go bhfios don eagraíocht, atá teach foilsitheoireachta tar éis an cinneadh a dhéanamh an t-aistriúchán meaisín a úsáid “ar scála mór”.

“Ní féidir glacadh lena leithéid de chleachtas. Tá teacht isteach rialta caillte go tobann ag daoine, cuid acu atá ag obair le fada leis an teach foilsitheoireachta, agus gan de bhuíochas acu ach an tairiscint go mb’fhéidir go bhféadfaidís obair a fháil, ar ráta níos lú, don soláthraí seachtrach Fluent Planet, in áit a bheith ag aistriú don teach foilsitheoireachta,” a dúradh.

Dúirt siad nach mbeidh go leor de na haistritheoirí atá thíos leis an gcinneadh seo sásta glacadh leis an coinníollacha nua oibre.

Maíodh sa ráiteas go bhfuil “feall” déanta ag an Harlequin ar na hoibrithe a bhíonn ag obair in earnáil na leabhar ach go bhfuil “feall” eile déanta acu ar a gcuid léitheoirí.

“Tá an luach ar fad bainte acu d’earnáil an aistriúcháin agus tá drochmheas léirithe acu ar aistritheoirí agus ar léitheoirí araon. Seo tús le fáinne fí do chaighdeán na foilsitheoireachta, atá á thiomáint ag an meon gur bhfuil sé “maith go leor” agus goideann sé an saineolas agus an chruthaitheacht ó na hoibrithe. Baineann sé ó na léitheoirí an rochtain atá acu ar litríocht bhríomhar dhaonna,”  a dúradh.

D’éiligh an eagraíocht ar scríbhneoirí, eagarthóirí, aistritheoirí, agus léitheoir a dhearbhú nach dteastaíonn leabhar a aistríodh le ríomhaire a chur chun cinn agus a dtacaíocht a bheith ag an éileamh do “théacsanna daonna, a rinne daoine daonna i gcúinsí maith oibre”.

Dheimhnigh Harlequin i ráiteas a chuir siad ar fáil don nuachtán Publishers Weekly go bhfuil “tástálacha” ar bun ag an gcomhlacht in éineacht le Fluent Planet agus go bhfuil “aistritheoirí a bhfuil taithí acu ag úsáid uirlisí intleachta saorga mar chuid dá gcuid oibre”.

Dúradh, áfach, nár úsáideadh an intleacht shaorga le saothar iomlán a aistriú agus go bhfuil súil acu go gcabhróidh an cur chuige nua le díolachán leabhar a mhéadú sa Fhrainc.

“Tá líon na leabhar Harlequin a dhíoltar i margadh na Fraince ag titim le blianta beaga anuas. Tá muid ag iarraidh coinneáil orainn ag cur an oiread foilseachán agus is féidir ar fáil dár léitheoirí ag an bpraghas an-íseal atá ann faoi láthair – €4,99 don tsraith Azur, mar shampla,” a dúradh sa ráiteas.

Fág freagra ar '‘Ealaín é an t-aistriúchán liteartha, níl tú ag aistriú treoracha IKEA‘'

  • Ealaíontóir

    Seo go díreach an todhchaí atá uaidh Údarás na Gaeltachta, deireadh a chuir leis na hEalaíona le AI. Cén fhad go mbeidh comórtas acu don aistriúcháin is fearr ar phíosa litríochta ag úsáid AI! Mura gcuirtear stop leis an tseafóid anois, ag tosaigh leis an gcomórtas maslach sin atá á reachtáil ag Údarás na Gaeltachta, beidh an cath caillte ag earnáil chruthaitheach na Gaeilge.

  • Marcas

    Tá a mhéar leagtha ag Darach Ó Scolaí ar bhun na faidhbe, is é sin, ‘gur ‘eagarthóirí aistriúcháin’ a bheidh i gceist feasta níos mó ná aistritheoirí per se.’ Ní chóir dearmad a dhéanamh gur uirlis réabhlóideach ab ea é an foclóir dátheangach ar tús.

  • Donncha

    Aontaím le Ealaíontóir. Caithfidh an tÚdarás €6000 ag duine éigin as ucht ábhar bréagach a chruthú, gan scil, gan cruthaitheacht. Ní thabharfaidís an t-airgead céanna do chruthaitheoir Gaeltachta le píosa oibre ceart a dhéanamh. Tá siad ag oscailt na doirse ag cuir fáilte roimh AI a úsáid san earnáil chruthaitheach in áit daoine. Agus tá a fhios againn go bhfuil siad ag úsáid AI cheana féin in áit aistritheoirí. Caithfear stop a chur leis anois.