Níl sé éasca éadach a roghnú don té a chaitheann an lá i mbun obair oifige. Bíonn daoine ag iarraidh go mbeadh siad néata agus gairmiúil ach gan dul thar fóir leis an bhfaisean. Bíonn muid ar fad ag lorg an chothromaíocht sin a fhágann go bhfuil roinnt stíle ag baint linn ach nach dtarraingítear an oiread airde orainn gur mó suntas a thugtar don éadach ná don obair.
Tá roinnt roghanna le moladh agam an tseachtain seo a bheadh feiliúnach don bhean ar mhian léi go bhfeicfí í mar dhuine a bheadh gléasta go cuí agus go gairmiúil don obair.
Bléasar bándearg déanta as línéadach mar mhalairt ar an dath dubh a bhíonn ar a leithéid go minic. Tá an ceann seo deas éadrom don tráth seo bliana. Ar fáil ó Topshop ar €76.00.
Treabhsar dubh le gearradh teann ar na cosa. Dearadh an-simplí agus clasaiceach air seo. Ba cheart do gach duine infheistíocht a dhéanamh i bpéire deas treabhsair den chineál seo ar dhath dubh. Ar fáil ó Warehouse ar €47.00.
Cídeog atá sa ghúna liathbhuí seo. Tá an ceann seo an-chompordach agus faiseanta ach sách simplí go mairfidh sé sa vardrús ar feadh na mblianta fada. Ar fáil ó Asos ar €52.54.
Dath bándearg ar an mbarréide simplí seo atá an-fheiliúnach don obair nó go deimhin d’ócáidí eile. Ar fáil ó Zara ar €25.95.
Is maith liom féin treabhsar a mbíonn patrún orthu agus tá an péire seo ar a dtugtar ‘cigarette trousers’ an-deas agus ar phraghas an-réasúnta. Ar fáil ó H&M ar €14.99.
Ní théann an cóta trinse as faisean riamh agus bíonn ceann acu fíorfheiliúnach don obair i gcónaí. An ceann áirithe seo ar fáil ó Dunnes Stores ar €70.00.
Barréide stríocach atá néata agus gairmiúil don obair. Seo ceann de na roghanna is fearr liom féin faoi láthair. Ar fáil ó Zara ar €29.95.
Cídeog eile atá sa ghúna dubh seo a chuireann cuma iontach ar dhuine. Ba cheart go mbeadh áit i ngach vardrús do ghúna den chineál seo. Ar fáil ó Oasis ar €63.00.
Léine shíoda í seo atá ar fáil i rogha leathan dathanna. Infheistíocht mhaith í seo agus an nóiméad a thriailfidh tú an ceann seo ort beidh fonn ort í a cheannach láithreach. Ar fáil ó & Other Stories ar €79.00.
Tá an sciorta pionsail seo go hálainn ar fad. Tá sé ar fheabhas don obair ach feiliúnach freisin d’ócáid tar éis na hoibre. Ar fáil ó Asos ar €38.71.
Bróg chúirte a thugtar ar an dearadh seo atá déanta as svaeid dubh. Bróga ísle iad seo atá compordach agus a rachaidh le go leor cineálacha feistis. Ar fáil ó River Island ar €61.00.
Fág freagra ar 'Éadach oibre don oifig atá néata agus gairmiúil'