Éachtaint chaolchúiseach ar shó agus anó ghrá na hóige in ‘Normal People’

Cé go mb’fhéidir go mbeadh ‘Normal People’ ró-mhalltrialach agus ró-thromchroíoch do dhaoine áirithe, is cinnte go n-éireoidh mórán gafa le gaol na beirte agus cad atá i ndán dóibh

Éachtaint chaolchúiseach ar shó agus anó ghrá na hóige in ‘Normal People’

Is fada ó bhí an oiread sin búis faoi shaothar drámaíochta Éireannach. In ainneoin gurb iad an BBC agus Hulu a choimisiúnaigh Normal People (BBC 3, Dé Luain agus RTÉ, Dé Máirt) níl aon dabht ach gur saothar Éireannach é.

Is comhlacht léiriúcháin agus stiúrthóir Éireannach atá i mbun úrscéal Éireannach, atá lonnaithe in Éirinn, a thabhairt chuig an scáileán.

Lena chois sin is Éireannaigh formhór na n-aisteoirí. Bhí an-ráchairt ar úrscéal Sally Rooney nuair a foilsíodh é in 2018 agus d’éirigh leis áit a fháil ar liosta fada dhuais Booker. Maíodh gurb í Rooney “glór a glúine” agus ní fada go rabhthas ag cóiriú an tsaothair don scáileán.

I dtosach an chéad ghála buailimid leis na scoláirí meánscoile Marianne (Daisy Edgar-Jones) agus Connell (Paul Mescal) atá ag tabhairt faoi bhliain na hArdteiste i mbaile beag in iarthar na hÉireann. Cadhan aonair í Marianne atá neamh-mhuinteartha, ardnósach agus tarcaisniúil lena comhghleacaithe scoile.

Lena chois sin tá sí coráistiúil lena múinteoirí is gach re sea aici leo sa seomra ranga. Is é Connell an stail bheagfhoclach áitiúil, é meabhrach, réchúiseach agus ina ghaiscíoch ar pháirc na caide.

Cuirtear abhaile orainn go bhfuil teaghlach Marianne ana-shaibhir agus iad buailte fúthu i dtigh maorga.

Taibhsíodh dom gur de bhunadh na cinsealachta iad agus gurb é sin is cúis le cuid den chol lena comhscoláirí. Malairt scéil atá ag Connell, é féin agus a mháthair buailte fúthu i dteach sraithe bunúsach. Go deimhin tá a mháthair ag obair mar ghlantóir sa tigh mór agus is é an ceangal sin a chuireann gaol rómánsúil sa tsiúl idir Marianne agus Connell.

 

Ag an am céanna tá Connell ag iarraidh an gaol a choimeád faoi rún, an náire agus brú comhaoise ag dó na geirbe aige.

Vae linn ansin agus éachtaint chaolchúiseach á fáil againn ar shó agus anó ghrá na hóige. Éiríonn leis an stiúrthóir, an sárcheardaí Lenny Abrahamson, greim a bhreith ar shaontacht, ar mhéaldráma agus ar chorraíl na n-ógánach agus iad ag teacht in inmhe. An gheáitsíocht agus an chúthaileacht, an fhearaíocht agus an éiginnteacht, an bhulaíocht agus crá croí – tá siad go léir ann.

Tá na radhairc chollaíochta lárnach sa léiriú a dhéantar ar ghaol na beirte. Ní radhairc ana-shlíoctha gan údar iad seo ach iad tomhaiste, réalaíoch agus le béim ar liobarnacht, saontacht agus míshuaimhneas.

Ní nach ionadh, is é an fear as Cill Dara, Mescal, agus an bhean Shasanach, Edgar-Jones, a dhéanann formhór an scannáin a iompar agus duine acu ar a laghad i ngach radharc.

Ní chaitear aon dua le cíoradh a dhéanamh ar charachtair thánaisteacha agus ní luaitear aithreacha na beirte dubh, bán ná riabhach sa chéad dá ghála.

Is é caidreamh na beirte atá lárnach ó thús deireadh. Tugann an bheirt taispeántais chumasacha uathu agus deineann Edgar-Jones an beart ar chanúint na hÉireann.

Cé go mb’fhéidir go mbeadh an saothar seo ró-mhalltrialach agus ró-thromchroíoch do dhaoine áirithe, is cinnte go n-éireoidh mórán gafa le gaol na beirte agus cad atá i ndán dóibh.

Fág freagra ar 'Éachtaint chaolchúiseach ar shó agus anó ghrá na hóige in ‘Normal People’'