‘€41 milliún fágtha gan chaitheamh sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta’ – líomhaintí sa Dáil

Dúirt an t-iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív sa Dáil tráthnóna nach bhfuil an pobal ag fáil a gcirt ón Roinn toisc nach bhfuil an buiséad a thugtar di á chaitheamh, rud a shéan an tAire Heather Humphreys

‘€41 milliún fágtha gan chaitheamh sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta’ – líomhaintí sa Dáil

Tá sé curtha i leith na Roinne Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta nár caitheadh €41 milliún dá buiséad caipitil anuraidh.

Ag labhairt dó sa Dáil inniu, dúirt an t-iar-aire Gaeltachta nach bhfuil an pobal ag fáil a gcirt ón Roinn toisc nach bhfuil an buiséad a thugtar di á chaitheamh “ar leas an phobail”.

Dúirt Ó Cuív nach raibh aon rogha aige ach dul i muinín an Achta Um Shaoráil Faisnéise chun eolas bunúsach a fháil faoi chaiteachas na Roinne.

Níor chaith an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta €13 milliún dá bhuiséad caipitil anuraidh agus mhaígh an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil gur ceadaíodh €28 milliún eile d’údaráis áitiúla d’obair nár cuireadh i gcrích nó nach bhfuil tosaithe fós.

De réir na bhfigiúirí is déanaí, níor chaith an Roinn ach €8 milliún den €10 milliún de bhuiséad caipitil a bhí aici don mhí seo caite.

B’ionann é seo agus gan 16.7% den bhuiséad caipitil do mhí Feabhra a bheith caite, a dúirt Ó Cuív. Shéan an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, Heather Humphreys, go raibh ag teip ar a Roinn a buiséad caipitil a chaitheamh. Dúirt sí nár caitheadh iomlán an bhuiséid sa Roinn an bhliain seo caite toisc go raibh moill le tograí eisceachtúla a bhain le comóradh 1916, ina measc bunú an tséadchomhartha náisiúnta ar Shráid an Mhúraigh.

Dúirt an tAire Humphreys go raibh an maoiniú a ceadaíodh d’údaráis áitiúla anuraidh á chaitheamh.

“Tá an t-airgead á chaitheamh agus cinnteoimid go gcaithfear é agus go gcaithfear mar is ceart é,” a dúirt an tAire Humphreys.

Dúirt an Teachta Dála Ó Cuív nach raibh aon mhíniú eile ar “leisce” na Roinne eolas a chur ar fáil faoi chúrsaí caiteachais ach “nach raibh ag éirí leo an t-airgead a chaitheamh”.

Dúirt an tAire Humphreys gur cuireadh mioneolas faoi chúrsaí caiteachais ar fáil don Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil.

Fág freagra ar '‘€41 milliún fágtha gan chaitheamh sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta’ – líomhaintí sa Dáil'