€250,000 ar fáil d’imeachtaí Gaelacha i gComóradh 1916

Díospóireacht le cothú faoi staid reatha na teanga agus a bhfuil i ndán di agus beidh teora leis na heagraíochtaí a bheidh i dteideal tarraingt as an gciste airgid

Ireland2016_Profile 1916

Tá €250,000 curtha ar fáil le caitheamh ar ghné na teanga do Chomóradh Céad Bliain 1916, de réir fógra ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta. Tá súil ag an Aire Stáit Gaeltachta, Joe McHugh, go mbeidh “allúntas ar fáil arís an bhliain seo chugainn” le cur leis an tsuim airgid sin.

Tá cuireadh tugtha ag an Roinn d’eagraíochtaí ar mhian leo maoiniú a fháil d’imeachtaí comórtha, iarratas a dhéanamh sna seachtainí seo romhainn leis an Roinn.

‘An Teanga Bheo’ an teideal atá ar an ngné seo de Chomóradh Céad Bliain Éirí Amach na Cásca 1916 agus deirtear go bhfuil sé i gceist ann an “teanga a chur i láthair an phobail mar ghné bhríomhar uathúil dár bhféiniúlacht, dár sochaí, dár stair agus dár gcultúr”.

Tá sé mar aidhm ag an Roinn go spreagfaidh an iarracht seo “tuilleadh feasachta” i measc an phobail maidir leis an teanga, chomh maith le díospóireacht agus machnamh a chothú “faoin ré atá caite, faoi staid reatha na teanga agus faoina bhfuil i ndán di.”

Glacfar le hiarratais ar an gciste airgid seo ó eagraíochtaí atá ag feidhmiú faoi scáth na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta nó Foras na Gaeilge. Cuirfear san áireamh freisin iarratais ó eagraíochtaí a fuair cúnamh airgid san am a caitheadh ó cheann de na dreamanna thuas.

Imeachtaí a chuirfear i láthair trí Ghaeilge agus a thiocfaidh le príomhchuspóirí na scéime amháin a bheidh i dteideal cúnamh airgid.

Caithfear iarratais le maoiniú a fháil a chur i láthair na Roinne faoi 2 Meitheamh.

Fág freagra ar '€250,000 ar fáil d’imeachtaí Gaelacha i gComóradh 1916'