€17,000 caite ag Roinn na Gaeltachta ar fheachtas bolscaireachta d’fholúntais Ghaeilge sa Bhruiséil

Beagnach €300,000 a chaith an An Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta ar sheirbhísí comhairleoireachta, poiblíochta agus grianghrafadóireachta ó 2011 i leith

€17,000 caite ag Roinn na Gaeltachta ar fheachtas bolscaireachta d’fholúntais Ghaeilge sa Bhruiséil

€294,000 a chaith an An Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta ar sheirbhísí comhairleoireachta, poiblíochta agus grianghrafadóireachta ó 2011 i leith, ag áireamh €17,000 a caitheadh ar fheachtas bolscaireachta d’fholúntais sa Bhruiséil.

Léiríonn eolas nua faoi chaiteachas na Roinne gur íocadh an tsuim sin –€17,000, leis an gcomhlacht caidreamh poiblí Q4PR as feachtas bolscaireachta a chur ar bun chun aird a tharraingt ar dheiseanna fostaíochta sa Bhruiséil do Ghaeilgeoirí.

Tháinig ardú mór ar bhille grianghrafadóireachta na Roinne idir 2011 agus 2015, cé go raibh laghdú i gceist i mbliana. €1,055 a chaith an Roinn ar sheirbhísí grianghrafadóireachta in 2011 i gcomparáid le €15,498 le linn 2015.

San áireamh i mbille na bliana 2015 bhí €960 a íocadh le Reg Gordon as pictiúir a ghlacadh ag láthair Theach an Phiarsaigh i Ros Muc. Caitheadh €9,819 ar sheirbhísí grianghrafadóireachta i mbliana.

€148,342 a chaith an Roinn ar thuarascálacha le comhairleoirí seachtracha idir 2011-2015.

Ba é an t-athbhreithniú ar an PSO d’aersheirbhís Oileáin Árann an tuarascáil chomhairleoireachta is costasaí a choimisiúnaigh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta le cúig bliana anuas. Foilsíodh an tuarascáil sin, a rinne an comhlacht EY, in 2014 agus €41,795 a chosain sí.

Bhí an tuarascáil a rinne Public Affairs Ireland ar struchtúr bainistíochta Údarás na Gaeltachta, a chosain €17,617, ar an dara ceann ba chostasaí de na tuarascálacha a choimisiúnaigh an An Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, mar a thugtar anois uirthi.

D’íoc an Roinn €5,994 le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge as tuarascáil faoi phróiseas comhairliúcháin a bhain leis an Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge. Tá an tuarascáil sin ag an Roinn ach níor foilsíodh fós í.

Trí cinn de chonarthaí a shínigh an Roinn le comhlachtaí caidreamh poiblí idir 2011-2015.  €108,000 a íocadh le comhlachtaí caidreamh poiblí, ag áireamh an €17,000 a íocadh le Q4PR as ‘feachtas bolscaireachta maidir le deiseanna fostaíochta Gaeilge in institiúid na hEorpa’.

An bhliain seo chugainn a thiocfaidh deireadh leis an gcomórtas earcaíochta d’aistritheoirí Gaeilge san Aontas Eorpach a fógraíodh níos túisce i mbliana. Cé nach bhfuil deireadh tagtha fós leis an bpróiseas earcaíochta sin, táthar ag súil go rachaidh na haistritheoirí a fhostófar i mbun oibre le linn na bliana seo chugainn. Chuir 210 iarrthóir isteach ar 62 post i réimse an aistriúcháin.

Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo cheana, tá an baol ann nach líonfar na poist d’aistritheoirí.

Tá comórtas eile earcaíochta ar siúl i láthair na huaire le ‘cúntóirí’ a earcú. Tá 13 post cúntóra do dhaoine a bhfuil Gaeilge líofa acu le líonadh san Aontas agus chuir 118 duine isteach ar na postanna sin.

 

Tháinig an t-eolas nua maidir le caiteachas na Roinne Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta chun solais mar thoradh ar shraith ceisteanna a cuireadh ar Airí Rialtais sa Dáil.

Fág freagra ar '€17,000 caite ag Roinn na Gaeltachta ar fheachtas bolscaireachta d’fholúntais Ghaeilge sa Bhruiséil'