Duine le Gaeilge líofa agus ‘political sensitivity skills’ ag teastáil ó Chomhairle Cathrach Bhéal Feiste

Den chéad uair riamh, tá post fógartha ag Comhairle Cathrach Bhéal Feiste d’oifigeach Gaeilge

Duine le Gaeilge líofa agus ‘political sensitivity skills’ ag teastáil ó Chomhairle Cathrach Bhéal Feiste

Den chéad uair riamh, tá post fógartha ag Comhairle Cathrach Bhéal Feiste d’oifigeach Gaeilge.

Tá post nua mar oifigeach Gaeilge fógartha ag Comhairle Cathrach Bhéal Feirste inniu agus “political sensitivity skills” i measc na mbuanna riachtanacha atá luaite leis an fholúntas.

Is é seo an chéad uair go gceapfar duine mar oifigeach Gaeilge do Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste. Déanfaidh an té a cheapfar “treoir agus tacaíocht a thabhairt ó thaobh fheidhmiú agus mhonatóiriú ghealltanais na Straitéise Teanga, go háirithe i dtaca le snáithe na Gaeilge de”.

De réir an fhógra, beidh sé de dhualgas ar an té a cheapfar “ timpeallacht dhearfach a chur chun cinn ó thaobh chuimsiú na Gaeilge i soláthar sheirbhísí agus fhaisnéis na comhairle”, chomh maith le bheith “freagrach as taighde a dhéanamh ar phleananna gnímh”.

Tugtar le fios san fhógra go bhfuil “political sensitivity skills”, “cumas plé le ceisteanna leochaileacha”, “feasacht pholaitiúil” agus “ardchumas sa Ghaeilge labhartha agus scríofa” riachtanach don phost.

Fógraíodh post eile inniu mar Oifigeach Ultaise, a bhfuil a leithéid de riachtanais luaite leis chomh maith, cé nach bhfuil aon chumas san Ultais luaite leis an fholúntas sin.

D’éirigh anuraidh le rún a cuireadh os comhair Choiste Straitéise agus Acmhainní Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste go bhfostófaí Oifigeach Gaeilge sa Chomhairle.

Léiríodh i bpróiseas comhairliúcháin a reáchtáladh ina dhiaidh sin gur thacaigh 61% de mhuintir na cathrach le ceapachán an Oifigigh Gaeilge.

Mí Bealtaine seo caite a vótáil na comhairleoirí cathrach i mBéal Feirste ar son an rúin a d’fhágfadh go gceapfaí na hoifigigh nua sa Chomhairle.

£29,909 – £32,233 sa bhliain an tuarastal atá á thairiscint don dá phost agus beifear ag glacadh le hiarratais go dtí an 29 Bealtaine. Tuilleadh eolais anseo.

Fág freagra ar 'Duine le Gaeilge líofa agus ‘political sensitivity skills’ ag teastáil ó Chomhairle Cathrach Bhéal Feiste'

  • Seán Onil

    An bhuil aon Rúiseach le fáil?