Duine de mháistrí an tsean-nóis ar shlí na fírinne agus Josie Sheáin Jeaic Mac Donncha tar éis bháis

Ba as an Aird Thiar I gCarna i nGaeltacht Chonamara do Josie Sheáin Jeaic a bhí áirithe ar na hamhránaithe sean-nóis ab oilte riamh

Duine de mháistrí an tsean-nóis ar shlí na fírinne agus Josie Sheáin Jeaic Mac Donncha tar éis bháis

Josie Sheáin Jeaic Mac Donncha.

Tá Josie Sheáin Jeaic Mac Donncha as Carna, duine de mhóramhránaithe sean-nóis na hÉireann, tar éis bháis.

Ba as an Aird Thiar do Josie Sheáin Jeaic a bhí áirithe ar na hamhránaithe sean-nóis ab oilte riamh. Iascaire ab ea é agus saineolaí ní hamháin ar an dtraidisiúin amhránaíochta ach ar gach gné d’oidhreacht, de sheanchas agus de stair a cheantair dhúchais Gaeltachta.

Bhuaigh sé Corn Uí Riada, príomhghradam an tsean-nóis trí bhabhta – i 1971, 1978 agus 1982

 

Josie Sheáin Jeaic: bhí sé ina bhádóir ar feadh a shaoil agus grá aige don seoltóireacht. Bhíodh sé ar bord an An Truelight nó an ghleoiteog ‘An McHugh’ ag na cruinnithe bád. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Thug sé turais ar Albain mar chuid de Chuairt na bhFilí agus ar Shasana le Comhaltas Ceoltóirí Éireann agus i 1976 bhí sé ar dhuine de bhuíon ceoltóirí Éireannacha a thug turas ar an Libia.

Ceapadh ina amhránaí cónaithe é in Ionad an Léinn Éireannaigh in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh in 2003-2004 agus bhronn an Ollscoil chéanna máistreacht oinigh air in 2012.

Dúirt an Dr Lillis Ó Laoire an uair sin gur “justly recognised master of the sean-nós tradition” é Josie Sheáin Jeaic agus luaigh an saineolaí ceann de na saintréithe ag an amhránaí: “an intense mesmeric involvement with the texts and the music of his songs”.

Is measc na mórshaothar a rinne Josie Sheáin Jeaic tá Josie Sheáin Jeaic (Cinq Planets, 2000) agus Ó na Sceirdí Aniar (Gael Linn, 1987).

 

Fág freagra ar 'Duine de mháistrí an tsean-nóis ar shlí na fírinne agus Josie Sheáin Jeaic Mac Donncha tar éis bháis'

  • Aoife Ní Oistín

    Fear uasal, álainn. Ar dheis Dé go raibh a anam.

  • Seosamh Ó Cuaig

    Fear cumasach a raibh ómós mór dhó. D’inseodh sé an fhírinne dhuit i gcónaí, taitníodh sé leat nó ná taitníodh.

  • Íte Ní Chionnaith

    Duine álainn agus amhránaí álainn. Suaimhneas síorraí dó.

  • maitiu

    Oisin i ndiaidh na Feinne.