Duais mhór idirnáisiúnta do scannán ina bhfuil aisteoir Gaeltachta i lár an aonaigh

Tá ceann de na príomhróil ag Dara Devaney, as Muiceanach Idir Dhá Sháile, in Float Like a Butterfly, scannán nua a bhuaigh gradam ag Féile Idirnáisiúnta Scannán Toronto

Duais mhór idirnáisiúnta do scannán ina bhfuil aisteoir Gaeltachta i lár an aonaigh

Tá duais mhór idirnáisiúnta buaite ag scannán nua ina bhfuil ceann den dá phríomhpháirt ag an aisteoir Gaeltachta, Dara Devaney.

Is as Muiceanach Idir Dhá Sháile i nGaeltacht Chonamara do Devaney atá i gceann de na príomhróil i scannán nua Carmel Winters, Float Like a Butterfly, a bhuaigh gradam an International Federation of Film Critics don chlár Discovery ag Féile Idirnáisiúnta Scannán Toronto.

Is ag Hazel Doupe (Frances) agus Dara Devaney (Michael) atá na príomhróil in Float Like a Butterfly,a scríobh agus a stiúir Winters. Scéal atá ann faoi bhean óg den lucht siúil atá meáite ar dhul leis an dornálaíocht in ainneoin na ndúshlán ar fad atá roimpi.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Dara Devaney go raibh áthas air gur thaitin an scannán chomh mór sin le daoine.

“Is scannán é a rinneadh taobh istigh de thréimhse ghearr ama, ar bhuiséad beag agus is cineál d’éacht é a ghabháil go Toronto agus duais a bhaint,” a dúirt sé.

Páirt mar athair an chailín atá ag Devaney sa scannán.

“Is mar gheall ar an athair go bhfuil an-suim ag an gcailín óg i Muhammad Ali agus sa dornálaíocht. Is scéal é faoin gcaidreamh atá ag an gcailín seo lena hathair agus faoi spiorad an chailín atá ag iarraidh briseadh amach,” arsa Devaney.

Dúirt na moltóirí gur scannán “iontach” a bhí ann agus mhol siad go háirithe an tslí “sciliúil” a insítear an scéal agus taispeántas Hazel Doupe. B’ionann an scannán agus “a triumph of free spirit”, a dúirt na moltóirí.

Tá aithne mhór ag pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ar Dara Devaney mar gheall ar a róil i ndrámaí de chuid TG4 amhail An Bronntanas, Na Cloigne agus Grace Harte.

Thug sé leis gradam IFTA in 2016 dá thaispeántas sa tsraith drámaíochta An Klondike.

 

 

Fág freagra ar 'Duais mhór idirnáisiúnta do scannán ina bhfuil aisteoir Gaeltachta i lár an aonaigh'