Drogall ar Chomhairleoirí géilleadh d’iarratas Island Ferries i gcás na seirbhíse go hInis Mór

Tá chuile chosúlacht ar an scéal go mbeadh cuid mhaith Comhairleoirí ag tarraingt na gcos maidir le tacaíocht a thabhairt do fhodhlíthe nua a laghdódh na táillí atá ina cúis aighnis idir an Chomhairle agus an comhlacht farantóireachta

Drogall ar Chomhairleoirí géilleadh d’iarratas Island Ferries i gcás na seirbhíse go hInis Mór

D’fhágfadh laghdú ar bith ar an táille in aghaidh an phaisinéara a ghearrtar ar Island Ferries dá seirbhís idir Ros a Mhíl agus Cill Rónáin go mbeadh ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe géilleadh mór a dhéanamh.

Dheimhnigh Príomhfheidhmeannach na Comhairle Contae, Kevin Kelly, tráthnóna inné nach bhféadfadh an Chomhairle athrú a chur ar an táille faoi théarmaí na bhfodhlíthe atá ann faoi láthair.

Tá Island Ferries Teo, a chuir deireadh leis an tseirbhís farantóireachta go hInis Mór, Árainn, inné, ag éileamh go laghdófaí an táille in aghaidh an phaisinéara ó 80 cent go 40 cent. Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne ar Morning Ireland ar maidin gur mhaith leis go mbeidh seirbhís farantóireachta in áit faoi thráthnóna inniu.

Má shocraítear go nglacfaidh an Chomhairle Contae le laghdú ar an táille, chaithfí fodhlíthe nua a dhréachtadh agus a chur faoi bhráid na gComhairleoirí Contae.

Tá chuile chosúlacht ar an scéal go mbeadh cuid mhaith Comhairleoirí ag tarraingt na gcos maidir le tacaíocht a thabhairt do fhodhlíthe nua a laghdódh na táillí atá ina cúis aighnis idir an Chomhairle agus an comhlacht farantóireachta.

Bhí an Comhairleoir Jim Cuddy ar dhuine de na Comhairleoirí ba láidre a labhair amach inné faoi cheist na táille. “Thug Island Ferries an Chomhairle Contae go dtí na cúirteanna is cumhachtaí sa tír agus chuireadar costas trom ar an gComhairle.   Bhí Island Ferries caillteach sna cúirteanna agus tá siad ar ais anois chugainn ag iarraidh go gcuirfí laghdú ar an dleacht,” a dúirt an Comhairleoir Cuddy. Dúirt sé freisin nár cheart go mbeadh aon chainteanna idir Comhairle Chontae na Gaillimhe agus Island Ferries nó go rachadh an comhlacht farantóireachta ar ais i mbun na seirbhíse idir Ros an Mhíl agus Cill Rónáin.

Bhí an Comhairleoir Cuddy ag tagairt do rún a bhí curtha chun cinn ag na Comhairleoirí Seán Ó Tuairisg agus Eileen Mannion – rún ar glacadh leis – go dtabharfadh na Comhairleoirí údarás don Phríomhfheidhmeannach, Kevin Kelly, a dhul i mbun comhráití faoin aighneas le hionadaithe Island Ferries.

Bhí an Comhairleoir Malachi Noone ar an intinn chéanna le Jim Cuddy go leagfaí síos coinníoll maidir atosú na seirbhíse. Dúirt Noone nach mbeadh sé i gclár no i bhfoirm cainteanna a thosú le Island Ferries nó go mbeadh an báid i mbun seirbhíse arís.

Dúirt an Comhairleoir James Charity – ar abhcóide é féin – go raibh breithiúnas na gcúirteanna soiléir agus daingean. Cuireadh an cás faoi bhráid na hArd-Chúirte agus na Cúirte Uachtaraí.

“Bhí an chúirt ab airde ó thaobh stádais sa Stát sásta go raibh sé d’údarás ag an gComhairle Contae fodhlíthe maidir le dleachtanna a chur i bhfeidhm i gcás mar seo.

“Dúradar freisin go raibh an Chomhairle Contae tar éis dul de réir na rúibricí i gceart agus go raibh an táille a bhí dá ghearradh réasúnach,” arsa an Comhairleoir Charity.

Ag leanúint lena chuid cainte, dúirt an Comhairleoir Charity go raibh muintir Inis Mór fágtha i ladhar an chasúir ag an gcomhlacht farantóireachta. Theastódh, a dúirt sé, socrú buan a chinnteodh go mbeadh seirbhís ar fáil go hInis Mór i gcaitheamh na bliana gan baol go stopfaí é.

Cuireadh na fodhlíthe i bhfeidhm “go dlisteanach” dar leis an gComhairleoir Séamus Breathnach.

“Dheimhnigh na cúirteanna an méid sin freisin ach níor bailíodh na táillí. Níor stop duine ar bith stiúrthóir an chomhlachta, Island Ferries, ó dhul san iomaíocht i dtoghchán áitiúil é féin agus féachaint ansin an bhfaigheadh sé tacaíocht leis na fodhlíthe a athrú”.

Dúirt an Breathnach gur ceist í seo anois don Rialtas.

“Is iontach liom nach bhfuil polaiteoirí sinsearacha agus státseirbhísigh sinsearacha in ann réiteach a fháil ar an bhfadhb seo. San am céanna, tá mé ag tacú leis an socrú go rachadh Príomhfheidhmeannach na Comhairle Contae chun cainte le hionadaithe Island Ferries,” a dúirt Breatnach.

“Toradh ar phríobháidiú seirbhísí an fhadhb seo”, a dúirt an Comhairleoir Dermot Connolly.

“Is iad muintir Inis Mór atá sáinnithe inniu agus tá práinn mhór leis an aighneas,” a dúirt sé. Mhol an Comhairleoir Connolly go gcuirfí scéal go práinneach chuig Aire na Gaeltachta agus Aire Stáit na Gaeltachta, chuig Aire na Mara agus chuig an Taoiseach ag iarraidh go gcuirfí bealach taistil sásúil ar fáil ar bhonn éigeandála idir Inis Mór agus Ros a Mhíl.

Thacaigh an Comhairleoir Séamus Breathnach leis sin agus glacadh leis an rún d’aon ghuth.

Tá an dá bheart ann anois – an t-iarratas ar ranna Stáit agus ar an Taoiseach go ndéanfaí socrú láithreach go mbeadh bád do phaisinéirí ar fáil idir Ros a Mhíl agus Cill Rónáin agus, lena chois sin, go mbeadh Príomhfheidhmeannach na Comhairle Contae i mbun comhráití le Island Ferries. Níl aon choinníoll ann go mbeadh ar Island Ferries a bheith i mbun seirbhíse sula bpléifí an scéal leis an bPríomhfheidhmeannach.

Fág freagra ar 'Drogall ar Chomhairleoirí géilleadh d’iarratas Island Ferries i gcás na seirbhíse go hInis Mór'