Drochsheans gur inis Conor McGregor scéal Roxanna Nic Liam do Donald Trump

Ní bheadh aon duine ag súil go mbeadh am ag Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá a bheith ag éisteacht le duine ag bladráil faoin inimirce anseo

Drochsheans gur inis Conor McGregor scéal Roxanna Nic Liam do Donald Trump

Roxanna Nic Liam

Shíl mé go raibh an focal deireanach ráite agamsa faoi cheist na hinimirce. Ach ansin chonaic mé go raibh cruinniú le bheith ann idir Conor McGregor agus Donald Trump. Cén t-ábhar cainte a bheadh acu – sea, ceist na hinimirce go hÉirinn agus tuairimí McGregor faoi.

Caithfidh mé a rá nach raibh mé ag súil leis an gceann sin. Agus cogaí fuilteacha ar siúl in áiteacha éagsúla ar fud an domhain, agus Meiriceá sáite i gceisteanna móra a bhaineas le síocháin agus cogadh, ní bheadh aon duine ag súil go mbeadh am ag Uachtarán na tíre sin a bheith ag éisteacht le héinne ag bladráil faoin inimirce anseo.

Is fada ó bhí ceannlínte móra faoin gceist ar aon nós, bíodh siad ar thuairiscí faoi agóidí in aghaidh tearmann a thabhairt do dhaoine, nó ar thuairiscí faoi pholaiteoirí a bheith ag cur i gcoinne pholasaithe an rialtais faoin gceist. Tá rudaí ciúnaithe síos, shílfeá.

Ach ní féidir a bheith ag súil go mbeadh duine chomh gnóthach le Conor McGregor ag léamh na bpáipéar. Tá go leor rudaí ar a intinn aige.

Seans nach bhfaca sé an t-alt san Irish Times Dé Sathairn, ag insint scéala an ionaid san mBalla Thoir i mBaile Átha Cliath. Ba í Sorcha Pollak, a scríobhann go minic faoi na cúrsaí seo, a scríobh an t-alt.

Tá an teannas a bhí ann laghdaithe, a deir sí, toisc gur cothaíodh nasc idir an pobal áitiúil agus an dream a tháinig chuig an tír mar iarrthóirí tearmainn.

Más cuimhin libh, bhíodh daoine áitiúla ag léirsiú go rialta taobh amuigh den ionad ar Bhóthar an Bhalla Thoir, agus iad ag maíomh go raibh faitíos orthu roimh an dream a tháinig chun na tíre. Bheadh mná agus cailíní i gcontúirt, a dúirt siad.

Níl ann ach beagán le cois dhá bhliain ó bhí dream taobh amuigh den ionad, ag béicíl ‘get them out’ agus dream eile ag bagairt go bhfaigheadh siad réidh leo amach as an áit.

Is léir ó alt Shorcha Pollak, a thug cuairt ar an áit agus a labhair le daoine, go bhfuil athrú bunúsach ar an saol thíos ansin anois agus go bhfuil rudaí  ciúnaithe síos go maith ann. Is léir freisin go bhfuil daoine tuisceanacha i mbun na hoibre sin ag cothú nascanna le clubanna spóirt, le grúpaí pobail agus le scoileanna sa cheantar. Labhair sí le fear a bhí go láidir i gcoinne na n-inimirceach tráth agus anois a mhaíonn gur dream iad a chuir go mór le saol an phobail sa cheantair. D’athraigh sé a intinn.

I measc na ndaoine a labhair léi, bhí an t-aisteoir Roxanna Nic Liam. Bhain sí cáil amach sa sobaldráma Fair City agus go leor scannán agus drámaí eile. Gaeilgeoir í Roxanna a scríobhann filíocht agus píosaí ‘Rap’. Bhí sise ar dhuine den dream a bhunaigh an grúpa ‘East Wall for All’ i dtús na trioblóide. Deir sí go bhfuil aithne mhaith aici ar dhaoine a bhí ag léirsiú i dtús ama agus atá anois ag obair go deonach chun cabhrú leis an ionad agus leis na daoine a tháinig anseo agus iad i gcruachás.

Meas’ sibh an raibh Conor McGregor ag insint scéala Roxanna do Donald Trump?

B’fhéidir go mbeadh suim aige i scéala Kelly, a oibríonn sa chaifé ar an gCarraig Dhubh. Nuair a bhíonn gach áit eile dúnta, toisc nach mian le muintir na hÉireann dul ag obair chomh luath sin, bíonn Kelly i mbun oibre agus í ag baint gal as an meaisín caife.

D’inis sí dúinn  maidin Lá le Pádraig go bhfuil a mac ina chónaí léi anois agus ar tí tosnú sa choláiste. Is gearr go dtiocfaidh a hiníon ón tSín agus tá áit aimsithe aici di i scoil dara leibhéal gar dá hionad oibre. Aon uair nach mbíonn Kelly le feiceáil sa chaifé bí cinnte go mbíonn sí ag obair sa siopa fón atá faoina stiúir i nDún Laoghaire. Ní thuigeann sí an téarma ‘lá tinnis’, agus ní bheadh sí in ann ‘oibriú ón mbaile’. Ach tuigeann Kelly cén sórt saoil atá anois aici agus ag a clann. ‘Tá an brú ar fad imithe,’ dúirt sí. ‘Airíonn mo mhac i bhfad níos saoire sa tír seo.’

Seans go dtuigfeadh an tUachtarán cás na mná ón Laitvia níos fearr. Bhí sise i mbun an mheaisín caife Tigh Dunnes nuair a bhuail mé isteach níos deireanaí an lá céanna. Cheapamar gur as an bPolainn di. ‘Ó ní hea,’ a dúirt sí. ‘Is as An Laitvia mé.’

‘Agus cén chaoi a bhfuil cúrsaí ansin?’ a d’fhiafraigh muid di. Sheas sí agus ba léir go raibh sé deacair a cás a mhíniú. ‘Go dona,’ a dúirt sí. ‘Tá faitíos ar chuile dhuine. Gach lá beo.’

Ansin chuimhnigh mé ar an léarscáil agus an líne teorann idir an Laitvia agus an Rúis. Bheadh McGregor in ann a inseacht don Uachtarán go bhfuil daoine atá ina gcónaí san Aontas Eorpach i Laitvia ag maireachtáil faoi bhagairt laethúil go ndéanfaí ionradh orthu. Ní raibh an bhean áirithe seo an-óg agus bhí mé ag déanamh amach gur mhair sí le linn na tréimhse a raibh tíortha ar an Mhuir Bhailt, faoi smacht an Aontais Shóivéadaigh. Ní bheadh cuimhní maithe aici ar an tréimhse sin nuair a bhí Uachtarán na Rúise ag foghlaim a cheirde sa KGB.

Níl ó na daoine sin ar fad ach síocháin agus deis chun oibre. Stopfadh gach rud sa tír seo ar an bpointe, dá n-imeodh ár gcuid inimirceoirí. Stopfadh Bus Átha Cliath go hiomlán, stopfadh gach seirbhís sna hospidéil, thiocfadh deireadh le cúrsaí tógála, dhúnfaí scoileanna. Agus ní bheadh deor caife le fáil ag muintir na hÉireann.

Tá rún ag McGregor seasamh don Uachtaránacht. Beidh Donald Trump in ann comhairle a chur air faoi go leor rudaí. Is dócha go raibh neart ábhar comhrá ag an mbeirt acu, nuair a chuimhním i gceart air.

Fág freagra ar 'Drochsheans gur inis Conor McGregor scéal Roxanna Nic Liam do Donald Trump'

  • Tash

    “D’athraigh sé a intinn.”

    Dochreidte ar fad! Cheapas ná raibh daoine in ann a leithéid a dhéanamh sá lá atá inniu ann.

  • diarmuid

    “Stopfadh gach rud sa tír seo ar an bpointe, dá n-imeodh ár gcuid inimirceoirí. Stopfadh Bus Átha Cliath go hiomlán, stopfadh gach seirbhís sna hospidéil, thiocfadh deireadh le cúrsaí tógála, dhúnfaí scoileanna. Agus ní bheadh deor caife le fáil ag muintir na hÉireann. ”

    Is tuairim fíor amaideach seo!