Drochdheireadh seachtaine do Ghaillimh, CV Cunningham, cumhacht Parnell agus ceachtanna eile

Caitheann Tuairisc.ie súil siar ar na cluichí móra a imríodh sa chraobh iomána agus sa chraobh peile ag an deireadh seachtaine

Imreoir Loch Garman, Lee Chin. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Craobh na Mumhan faoi scáth Chraobh Laighean den chéad uair le fada

Toisc go luaitear stair agus tábhacht chraobh iomána na Mumhan chomh minic sin, bíonn sé éasca beag is fiú a dhéanamh de chraobh Laighean. Bhí Cill Chainnigh chomh mór sin i gceannas san oirthear le fada an lá go raibh an cúige in áit na leathphingine le taobh chomórtas na Mumhan.

Tá na Cait tite ar gcúl le blianta beaga anuas agus le teacht chun cinn na Gaillimhe, Loch Garman agus Átha Cliath, tá na cluichí chomh crua agus a bhí siad riamh. Bhí sé sin le feiceáil oíche Dé Sathairn. Bhí na ceithre fhoireann sin san iomaíocht do thrí áit agus cuireadh críoch dhrámatúil leis an gcomórtas nuair a chríochnaigh na foirne uile sa ghrúpa ar chúig phointe agus Gaillimh fágtha ar an trá fholamh.

Chríochnaigh trí fhoireann, Luimneach, Corcaigh agus an Clár, ar na pointí céanna i gCúige Mumhan ach, agus an Clár i bhfad chun deiridh ó thaobh dhifríocht na scór, ní raibh baol rómhór ann go rachaidís chun tosaigh ar an dá fhoireann eile.

Bhí daoine fós ag súil go mbeadh coimhlint iontach idir Tiobraid Árann agus Luimneach ach ar chúis amháin nó ar chúis eile, ní dheachaigh an cluiche i bhfeidhm ar mhórán.

Casfaidh siad ar a chéile arís i gcluiche ceannais an chúige faoi cheann coicíse, nuair a bheidh deis acu a thaispeáint dúinn go bhfuil craobh na Mumhan chomh maith lena cáil.

Bainisteoir na Gaillimhe, Micheál Donoghue. INPHO/Ryan Byrne

Mí-ádh ar Ghaillimh ach orthu féin an locht

Ba é scéal mór an deireadh seachtaine ná go bhfuil iománaithe na Gaillimhe, seaimpíní na hÉireann 2017 agus foireann a d’imir i dtrí chluiche ceannais le ceithre bliana anuas, díbeartha as an gcraobh. Toisc gur chlis orthu i gcoinne Átha Cliath agus gur chríochnaigh an cluiche idir Cill Chainnigh agus Loch Garman ar comhscór, beidh Gaillimh díomhaoin an chuid eile den samhradh.

Bhí mí-ádh ar Ghaillimh ar bhealach. As na ceithre chluiche a d’imríodar i gcraobh Laighean, bhuadar péire, ceann níos mó ná Loch Garman atá anois cáilithe do chluiche ceannais an chúige. Ba é cluiche an tSathairn an t-aon chluiche a chaill siad, ceann níos lú ná Luimneach, atá anois ag fáil réidh do chluiche ceannais na Mumhan.

Mar sin féin, níl aon chúis mhór ghearáin ag fir na Gaillimhe. Bhí an locht orthu féin go raibh siad i mbaol sa chluiche deireanach sin agus ní raibh le déanamh acu ach gan ligean d’Áth Cliath buachan Dé Sathairn agus bheidís slán.

Bhí an chéad chluiche in aghaidh Cheatharlach cinniúnach. Níor chuir na Gaillimhigh mórán stró orthu féin i rith na sraithe agus faoin am ar imir siad Ceatharlach, ní raibh cluiche imeartha acu le dhá mhí anuas, ó chaill siad in aghaidh Phort Láirge i gcluiche ceathrú ceannais na sraithe.

Níor bhuaigh Gaillimh ach le sé phointe an lá sin in aghaidh Cheatharlach. D’éirigh níos fearr i gcoinne na foirne is laige sa chraobh le Cill Chainnigh (bua 14 pointe), Áth Cliath (12 pointe) agus Loch Garman (15 pointe) agus sin é a chroch Gaillimh sa deireadh.

Chris Crummy agus Eamon Dillon agus ceiliúradh tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Ghaillimh. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Áth Cliath dosháraithe i bPáirc Parnell

Bíonn an-chuid achrainn ann i dtaobh pheileadóirí Átha Cliath agus an cead atá acu imirt i bPáirc an Chrócaigh ach is cinnte gur fearr le hiománaithe na príomhchathrach a gcuid cluichí baile a imirt i bPáirc Parnell.

Páirc bheag í agus bíonn sé deacair ag foirne dul i dtaithí uirthi mura bhfuil cleachtadh acu ar an áit. Bíonn an slua sa mhullach ar an bpáirc ann chomh maith agus nuair a bhíonn atmaisféar maith ann mar a bhí Dé Sathairn seo caite, is mór an cúnamh é d’fhoireann Átha Cliath.

Tá déanta ar fheabhas ag Áth Cliath sna cluichí atá imeartha acu i bPáirc Parnell i mbliana agus gan aon cheann de na cúig cinn atá imeartha acu ann caillte acu.

Tá cuma níos fearr fós ar an staitistic sin nuair a chuireann tú í i gcomparáid leis na torthaí sna cluichí a bhí acu i bPáirc an Chrócaigh le gairid. Cúig chluiche atá imeartha ag iománaithe Átha Cliath ansinó thús 2016 agus tá gach ceann acu caillte acu, cluiche in aghaidh Uíbh Fhailí anuraidh san áireamh.

Bainisteoir Ros Comáin, Anthony Cunningham. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Tionchar Cunningham ina chéad bhliain

Chuaigh rudaí in olcas do lucht tacaíochta na Gaillimhe inné nuair a chlis ar fhoireann pheile an chontae i gcluiche ceannais Chonnacht. Ach oiread leis an iomáint, bhí Gaillimheach i gceannas ar an bhfoireann a bhuaigh ar Ghaillimh agus Anthony Cunningham ina bhainisteoir ar Ros Comáin.

Tá cúig bliana déag ann ó chuaigh Cunningham i bhfeighil ar iománaithe Ros Comáin 2004 an chéad fhoireann idirchontae a raibh sé mar bhainisteoir air. Seachas sa chéad phost sin, tá gaisce déanta ag Cunningham ina chéad bhliain le gach ceann eile de na foirne a raibh sé i gceannas orthu ó shin.

Ceapadh é mar bhainisteoir ar fhoireann pheile Naomh Bríd i Ros Comáin in 2006 agus bhuaigh siad craobh shinsir Chonnacht den chéad uair riamh an bhliain chéanna. Bhuaigh sé craobh an chontae leis an gcumann arís an bhliain dár gcionn sula ndeachaigh sé trasna na Sionainne chun cúram a ghlacadh ar Charraig an Chaisleáin in 2009. Bhuaigh sé craobh an chontae an chéad bhliain aige leosan. Bhuaigh Carraig an Chaisleáin craobh na hIarmhí trí bliana as a chéile faoi cheannas Cunningham agus bhuaigh siad craobh Laighean in 2011.

D’iompaigh Cunningham ar an iomáint ansin. Agus é ina bhainisteoir ar fhoireann faoi 21 na Gaillimhe, shroich siad cluiche ceannais na hÉireann ina chéad bhliain agus cé gur chaill siad an cluiche ceannais sin in 2010, bhuaigh siad craobh na hÉireann an bhliain dár gcionn.

Ceapadh Cunningham mar bhainisteoir ar fhoireann shinsir na Gaillimhe ag deireadh 2011 agus d’éirigh go hiontach leis arís ina chéad bhliain nuair a bhuaigh iománaithe na Gaillimhe craobh Laighean den chéad uair sular chaill siad i gcluiche ceannais na hÉireann.

Chuaigh an caidreamh idir Cunningham agus foireann na Gaillimhe chun searbhais ag deireadh 2015 tar éis dóibh cluiche ceannais na hÉireann a chailliúint arís ach tá sé ar ais i gceannas ar fhoireann eile, peileadóirí Ros Comáin anois, agus craobh eile buaite aige ina chéad séasúr leo.

Fág freagra ar 'Drochdheireadh seachtaine do Ghaillimh, CV Cunningham, cumhacht Parnell agus ceachtanna eile'