Drioglann Ghaeltachta an chéad cheann in Éirinn le cead a fháil a gcuid táirgí a dhíol ar an láthair

Drioglann Loch Measc an chéad cheann in Éirinn a bhfuil leas bainte acu as reachtaíocht nua a thugann cead dóibh a gcuid táirgí a dhíol ar an láthair

Drioglann Ghaeltachta an chéad cheann in Éirinn le cead a fháil a gcuid táirgí a dhíol ar an láthair

Is sa Ghaeltacht atá an chéad drioglann in Éirinn a bhfuil cead faighte acu a gcuid táirgí a dhíol ar an láthair.

Thug an chúirt dúiche i gCaisleán an Bharraigh ceadúnas do Dhrioglann Loch Measc, atá lonnaithe i dTuar Mhic Éadaigh i nGaeltacht Mhaigh Eo, na biotáillí a dhéantar ar an láthair a dhíol le daoine a thugann cuairt ar an drioglann.

Roimhe seo, ní raibh cead ag drioglanna a gcuid táirgí a dhíol ar an láthair ach tá athrú tagtha air sin ó tháinig An tAcht Deochanna Meisciúla (Grúdlanna agus Drioglanna), 2018 i bhfeidhm.

Anois, tá cead ag drioglanna agus grúdlanna beaga a gcuid táirgí a dhíol leis an bpobal ar an láthair idir 10.00am agus 6.00pm, chomh fada agus gur le daoine a bhíonn ag déanamh turais sa drioglann a dhíoltar iad.

Is i mí Iúil na bliana seo a d’oscail Drioglann Loch Measc. Tá jin agus vodca ar díol ag an drioglann faoi láthair agus tá sé i gceist acu fuisce a chur ar fáil faoi cheann cúpla bliain.

Tá cúigear fostaithe ann go lánaimseartha agus duine amháin ar bhonn páirtaimseartha. Thug 700 cuairteoir turas orthu ó d’oscail siad i rith an tsamhraidh.

Fág freagra ar 'Drioglann Ghaeltachta an chéad cheann in Éirinn le cead a fháil a gcuid táirgí a dhíol ar an láthair'

  • A thíortha an AE tá Cosc ar theanga oifigiúil amháin amháin

    Faraor, níl cead de réir dlí ag drioglanna agus grúdlanna na Gaeltachta an fógra sláinte oifigiúil stáit a chur i dteanga oifigiúil Éireannach an AE rud a mhileann an íomhá Gaelach atá cuid acu ag iarraidh a chothú.

    Ní bhíonn fadhb le fógraí sláinte dhátheangacha ag rialtais Cheanada, na Beilge ná le fógraí thrítheangacha fiú ag rialtas na hEilbhéise srl.
    Ní mó an scéal faoin dlí éagórach agus íoróineach seo a scaipeadh ar fud na hEorpa.

  • Cosc ar theanga oifigiúil AE amháin

    Faraor, níl cead de réir dlí ag drioglanna agus grúdlanna na Gaeltachta an fógra sláinte oifigiúil stáit a chur i nGaeilge freisin rud a mhileann an íomhá Gaelach atá cuid acu ag iarraidh a chothú.

    Ní bhíonn fadhb le fógraí sláinte dhátheangacha ag rialtais Cheanada, na Beilge ná le fógraí thrítheangacha fiú ag rialtas na hEilbhéise srl.
    Ní mó an scéal íoróineach faoin dlí leithchealach éagórach seo a scaipeadh ar fud na hEorpa. Is an AE a cheadaíonn an lipéadú seo ar dheochanna Éireannacha agus freisin is saoránaigh an AE atá ag íoc as an Ghaeilge mar theanga oibre san AE.

  • Des O Murchu

    An mbeidh se le fail ar an Carta Leighis asap?