Dóthain don chroíphobal cáiliúil úd ar 7Lá, ach an dtabharfar na hacmhainní dó?

Cad a bhí ‘nua’ faoin 7Lá nua, ar cuireadh tús aréir leis ar TG4

Dóthain don chroíphobal cáiliúil úd ar 7Lá, ach an dtabharfar na hacmhainní dó?

Tháinig 7Lá 2.0 os ár gcomhair oíche Dé Máirt; nó b’fhéidir gurbh fhearr leagan 1.5 a bhaisteadh air óir go bhfuil an oiread fothragtha idir TG4 agus RTÉ le tamall faoi sholáthar nuachta/cúrsaí reatha na Gaeilge ná feadar Dia ná duine cá mbeimid i gceann tamaill, fiú má bhíonn réamhthaifeadadh déanta orainn!

Lena chois sin ar fad, tugadh le fios ar an suíomh seo inné go bhfuil Breandán Delap, duine de na daoine is cumasaí in iomaire na hiriseoireachta Gaeilge, tar éis an t-eiteach a thabhairt do ról an eagarthóra leis an gclár cúrsaí reatha. Tá Éamonn Ó Cualáin le teacht ina áit agus is é Joe Reddington a bhí mar léiritheoir ar chlár na seachtaine seo, cé go raibh baint ag Delap chomh maith leis, de réir tuairisce.

Castróvaics má bhí a leithéid riamh ann. 

‘Bliain nua, stiúideo nua,’ a d’fhógair Máirín Ní Ghadhra go húdarásach ag tosach an chláir. Ba cheart ‘láithreoirí’ nua a bheith curtha leis an ráiteas sin mar go bhfuil painéal láithreoirí earcaithe le tabhairt faoi athbheochan an chláir cúrsaí reatha fadbhunaithe. Meitheal ban a bheidh againn agus Máirín, Eimear Ní Chonaola agus Eibhlín Ní Chonghaile ag déanamh uainíochta ar a chéile. I dteannta na láithreoirí nua, beidh seit chuidsúlach agus grafaic nua againn.

Cuireadh clár tathagach os ár gcomhair aréir agus dhein Máirín é a láithriú go hábalta údarásach, mar is dual di, agus chuimhníomar ar a tréimhse le Cead Cainte fadó. Bhí mír chuimsitheach ag Maolra Mac Donnchadha faoi éilimh mhí-chuí ar chostaisí ó bheirt iarbhall de bhord Údarás na Gaeltachta.

Ba é an scéal eisiach acu gur chosain sé tuairim is €500,000 ar an Oifig um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí na fiosrúcháin a thabhairt chun críche. Bhain formhór an chostais sin leis na castaíocha ar fad i gcás Uí Dhomhnaill. Seó bóthair ceart, go mór mhór nuair a chuimhníonn tú gur bhain an fiosrúchán le héilimh ar €2,000. Bhí paiste cainte le Trevor Ó Clochartaigh, duine de sheanfhondúirí na gclár Gaeilge, ó stiúideo na Dála ina dhiaidh sin. Tarraingíodh anuas na gnásanna maidir le fiosrúcháin den saghas seo mar aon leis an gceist faoi dheireadh a bheith curtha le toghcháin Údarás na Gaeltachta. 

Ina theannta sin, bhí agallamh réamhthaifeadta le hUachtarán nua-thofa Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, Ciarán Ó hÓgartaigh. Bhí an clár Adhmhaidin tar éis teacht rompu lena n-agallamh féin leis an mhaidin sin. Ba í Máirín Ní Ghadhra a sholáthair an t-agallamh sin don raidió, leis. Ná dúirt go raibh na cúrsaí seo casta!

Mar sin féin, labhair an t-uachtarán nua go hionraic le 7Lá faoina fhís don Ghaeilge san Ollscoil. Ní béalghrá a bhí anseo agus thugas suntas dá chuid cainte faoin gcaidreamh a threisiú idir Roinn na Gaeilge agus Acadamh na hOllscolaíochta agus ról na gcampas Gaeltachta. Gné den scéal a gcuirfeadh an croíphobal cáiliúil úd spéis ann, déarfainn.

Cuireadh clabhsúr ar an gclár le hiarracht scéal te bruite a thabhairt dúinn agus Harry McGee faoi agallamh faoin gcruinniú a bhí eagraithe timpeall an ama sin ag Bobby Aylward maidir leis an aisghairm ar an ochtú leasú ar an mbunreacht. 

Nuair a tugadh aghaidh ar an mbóthar fada, achrannach maidir le cúrsaí reatha TG4 bhí cad é bús faoi RTÉ a bheith ag glacadh seilbh ar chlár cúrsaí reatha an stáisiúin. Ó shin tá siad siúd i saol na Gaeilge gur áin leo cúrsaí reatha ar tinneall agus iad ag tnúth le táirge níos téagartha a mbeadh acmhainní cearta aige. Dá bharr thugas suntas faoi leith do mhír Mhaolra aréir. An é seo cuid den chur chuige nua; meitheal na nuachta ag comhghuaillíocht ar bhonn rialta, struchtúrtha le meitheal 7?  Is forbairt shuntasach a bheadh ann dá mba amhlaidh a bheadh ach más socrú ad hoc le hiriseoirí atá i mbun na ragoibre atá ann, seans nach fada go n-imeoidh an bheocht as 7Lá.

Fág freagra ar 'Dóthain don chroíphobal cáiliúil úd ar 7Lá, ach an dtabharfar na hacmhainní dó?'