‘Dochosanta’ nár chaith Roinn na Gaeltachta €8m den bhuiséad a tugadh dóibh anuraidh

De réir figiúirí a foilsíodh inné, níor chaith an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta sciar suntasach den bhuiséad a bhí aici don bhliain 2014, teip atá cáinte go láidir ag an iar-aire Gaeltachta, Éamon Ó Cuív

9/10/2012. Eamon O Cuiv Dail Scenes

Níor éirigh leis an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta os cionn €8m dá buiséad a chaitheamh an bhliain seo caite, teip ‘dhochosanta’, dar le hiar-aire Gaeltachta. Bhí ar an Roinn €2m a chur ar ais sa Státchiste agus tugadh cead di an chuid eile a thabhairt ar aghaidh go dtí an bhliain 2015.

Léiríonn figiúirí a d’fhoilsigh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste inné go raibh an Roinn i measc na ranna nár chaith a mbuiséad iomlán anuraidh. Níor chaith an Roinn ach €252m den €260m a cuireadh ar fáil di don bhliain 2014.

Bhain os cionn €1m den €8m nár caitheadh leis an maoiniú a ceadaíodh don Roinn le caitheamh ar an nGaeltacht, ar an nGaeilge agus ar na hOileáin.

Bhain €250,000 den mhilliún nár caitheadh ar chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta le Teach an Phiarsaigh i Ros Muc agus an mhoill le forbairt an tionscnaimh sin.

Mhaígh an Roinn gurbh í an chúis nár caitheadh an chuid eile den mhilliún a bhí curtha ar leataobh do chúrsaí Gaeltachta ná gur éirigh leo airgead a shábháil ar chostais taistil agus chothabhála, agus ar chúrsaí oiliúna agus IT.

Dúirt an t-iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív (FF) go bhfuil sé “dochosanta nár chaith [an Roinn] a raibh acu”.

“Tá €6m ag teastáil ón gcéibh in Inis Oírr, tá airgead breise ag teastáil ó Údarás na Gaeltachta do chúrsaí tionscadail nó d’fhéadfaí an t-airgead sin a úsáid do riar mhaith tograí infreastruchtúir ar fud na Gaelachta.

“Is léir go bhfuil na maidí ligthe le sruth ag an Aire sinsearach agus agus an Aire sóisearach sa Roinn. Tá an Ghaeilge, an Ghaeltacht agus na hoileáin thíos leis,” a dúirt Ó Cuív le Tuairisc.ie.

Níorbh í an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an t-aon Roinn nár chaith an t-airgead a tugadh di. Idir na Ranna Stáit agus na hOifigí Poiblí ar fad a raibh farasbarr acu, níor caitheadh €357m.

Fág freagra ar '‘Dochosanta’ nár chaith Roinn na Gaeltachta €8m den bhuiséad a tugadh dóibh anuraidh'

  • Réamonn Ó Ciaráin

    An-díoma orm faoi seo – ní dheachaigh mí thart anuraidh nach raibh coiste An tUltach ag impí ar Roinn Ealaíon, Oidhreachta & Gaeltachta teacht i dtarratháil orainn le hairgead reatha c. €20k sa bhliain- éisteacht le cluas bhodhar a fuair muid – i rith an ama sin, is cosúil, bhíothas ina suí ar charn maoinithe.

  • Seán Mac Gearailt

    Ní rud annamh é seo. Nuair a bhíonn an cáinfhaisnéis á fhógairt tugann an rialtas le fios go bhfuil ar intinn acu méid áirithe a chaitheamh sa roinn seo agus méid eile a chaitheamh i roinn eile. Ní caitear an t-airgead go léir agus go minic ní thugtar seo faoi ndeara. Dála an scéil , ní galar aon rialtas ná aon pháirtí amháin é seo. Seans go bhfaighfeá roinnt den airgead nár caitheadh i bpóca Fhlúirsín.