‘Do chuala scéal do chéas gach ló mé’ – feall náisiúnta an leathanbhanda

Tá leagan i mBéarla a deir nach polasaí fearg. B’fhéidir nach ea, ach is minic gur tús birt fearg...

‘Do chuala scéal do chéas gach ló mé’ – feall náisiúnta an leathanbhanda

Scéal i mbarr bata a thug an dream a tháinig romhainn ar an teileagram nuair a tháinig sé i dtosach. Meas tú céard a thabharfaidís ar an tuairisc is deireanaí faoin gcóras cumarsáide atá chomh riachtanach sin sa lá atá inniu ann, an leathanbhanda?

Scéal fada ar an anró b’fhéidir, nó scéal agus a thóin leis.

Níl aon mhaith scéal an ghamhna bhuí a dhéanamh de, ná scéal mhadra na n-ocht gcos, ach scéal é chomh truamhéalach agus chomh náireach agus a tharla sa tír seo le fada.

Tá cúl láimhe tugtha ag Eir don rún a bhí acu leathanbhanda a chur ar fud na tuaithe.

Ag magadh fúinn atá siad agus an chumhacht sin acu mar gur dhíol muid an córas cumarsáide seo agus gur fhág muid an stát ag déanamh a ngearáin leis an ngaoth.

Chuirfeadh sé focail Phádraig Mhic Phiarais i gcuimhne do dhuine:

“Mise Éire

Sine mé ná an chailleach Bhéarra

Mór mo náir

A clann féin a dhíol a máthair”.

Le billiúnaí sa bhFrainc, Xavier Niel, córas leathanbhanda Eir anois.

Leathanbhanda a chur sna cathracha an múnla gnó atá aigesean. Sin é an bealach is fearr le brabach a dhéanamh.

Tá muid fágtha sa gcaoi aige nach bhfuil istigh ar an gconradh faoi láthair leis an leathanbhanda a chur faoin tuath ach dream amháin, Enet. Mura bhfuil dul amú mór ormsa, cuirfidh siadsan an scéal go cnámh na huillinne.

Cé a thabharfadh milleán dóibh? Nach é a ndeis é?

Éileoidh siad an euro is airde agus ní bheidh de rogha ag an stát, i.e. na cáiníocóirí, ach an t-airgead a thabhairt dóibh.

Nach é an rud céanna a tharla nuair a shnigeáil an Tíogar Ceilteach agus gurbh éigean dúinn na bannóirí a chúiteamh agus bancanna na hEorpa a shábháil.

Bhí Timmy Dooley as Fianna Fáil ag fuarchaoineachán an lá cheana faoin tsáinn ina bhfuilimid i dtaobh conradh a dhéanamh anois.

Tá muid mar a bheadh fear ag dul ar an aonach le bó, a dúirt sé, agus gan roimhe ach aon cheannaitheoir amháin.

Ní raibh caint ar bith aige gurbh iad páirtí Fhianna Fáil a dhíol an bhó sa gcéad áit nuair a rinne siad príobháidiú ar Telecom.

Easpa airgid a bhí orthu ag an am, a dúirt Cathal Mac Coille in Tuairisc.ie. Shílfeá gur trua a bhí aige dóibh.

Ní dhearna sé tagairt ar bith don lámh a bhí ag an bPáirtí Daonlathach sa bhfeall náisiúnta sin.

Bhí údaráis na hEorpa ag tafann ar an rialtas an córas neo-liobrálach a chur i bhfeidhm, príobháidiú a dhéanamh fúthu agus tharstu, na comhlachtaí stáit a dhíol go beo.

Go deimhin bhí caint an uair sin freisin ar scaoileadh le Coillte agus le comhlachtaí stáit eile.

Mil ar chroí an Pháirtí Dhaonlathaigh a bhí sa teagasc seo.

Bhí Fianna Fáil i ladhar an chasúir acu i gcomhrialtas agus iad á spreagadh leis an ngníomh gránna a dhéanamh.

Cén bhrí ach níorbh fhiú trácht ar an méid a cuireadh ina n-aghaidh.

Mar is minic le Páirtí an Lucht Oibre bhí siad patuar go maith faoin scéal. Níor chuir siad aon eagar catha orthu féin lena stopadh.

Gealladh scaireanna i Telecom do na hoibrithe agus chuir sin gobán i mbéal Pháirtí an Lucht Oibre, go mór mór sa gceannaireacht.

‘A Mhuire is trua’ atá ag daoine anois faoin díol náireach a rinneadh. Is gearr ó dúirt an tAire Stáit Seán Kyne agus an Teachta Dála Éamon Ó Cuív ar Raidió na Gaeltachta gur dhearmad a bhí ann.

Is é dúnadh an dorais i ndiaidh na foghla acu é.

Go fiú Colm McCarthy, a scríobhann don Sunday Independent, tá amhras ag teacht air. ‘It could be time to think again about the privatised State telecoms network’ an teideal a bhí ar alt a scríobh sé faoin ábhar le gairid.

‘Do chuala scéal do chéas gach ló mé,’ a dúirt an file Piaras Feiritéar fadó. Is é a fhearacht sin againne agus an leathanbhanda é.

Caithfear an tréas a rinne Fianna Fáil agus Fine Gael a choinneáil faoi na polláirí acu.

Tá leagan i mBéarla a deir nach polasaí fearg. B’fhéidir nach ea, ach is minic gur tús birt fearg.

Ná bíodh muid inár dtost feasta.

Teastaíonn gníomh—gníomh grod.

Fág freagra ar '‘Do chuala scéal do chéas gach ló mé’ – feall náisiúnta an leathanbhanda'

  • Mánus

    Dúirt Fianna Fáil (Mary O’Rourke) linn scaranna Telecom Éireann a cheannacht ar nós gur gníomh tírghrá a bheadh ann. Bhí fhios ag go leor a cheannaigh na scaranna go mbeadh an córas teileacumarsáide go hiomlán i lámha n gcomhlachtaí móra. Is é an toradh sa deireadh ar “Thatcherism” Fhianna Fáil ná go bhfuil muintir na tuaithe ligthe i ndearmad arís.

  • Pádraic

    An b’dhuil aon deontas le fáil uaidh an EU? Deanadh muid fhéin an beart. Níl móran ciall a bheadh ag fanacht ar dhaoine ar cumadh leó fúinn.