Diúltaithe ag muintir na hÍsiltíre do Geert Wilders den cheathrú huair

…Ach is dóichí ná a mhalairt go mbeidh comhrialtas ‘pobalach’ i gcumhacht mar sin féin, agus olltoghchán na hÍsiltíre buaite ag an bpríomh-aire reatha Mark Rutte

Diúltaithe ag muintir na hÍsiltíre do Geert Wilders den cheathrú huair

Mark Rutte

Níor éirigh le Geert Wilders an bua a fháil in olltoghchán an lae inné san Ísiltír. Ní hamháin sin, ach ós rud é go bhfuil diúltaithe den cheathrú huair as a chéile anois ag formhór mór mhuintir na hÍsiltíre do theachtaireacht Ioslamafóibeach agus frith-Eorpach fhear na gruaige buí, mhaithfí do dhuine a cheapadh go bhfuil deireadh lena ré.

Sin é an mórscéal idirnáisiúnta.

Tá scéal eile ann, áfach.

Le breis is deich mbliana anuas, bhí tionchar as cuimse ag Wilders agus a Pháirtí ar son na Saoirse ar pholaitíocht na hÍsiltíre. Ar fhaitíos go gcaillfidís vótóirí a rachadh le gluaiseacht Wilders, bhog páirtithe na heite deise níos faide ar dheis, agus bhog páirtithe na heite clé i dtreo an láir.

Páirtí nuachoimeádach an phríomh-aire reatha Mark Rutte, an VVD ba mhó a bhog i dtreo Wilders. Ní dhearna an chéim bheag bhreise ar dheis aon dochar do Mark Rutte: in ainneoin gur chaill a pháirtí cúpla suíochán, d’éirigh leis an VVD an sciar is mó de na vótaí a fháil, 21.3 faoin gcéad, nó 33 den 150 suíochán sa pharlaimint.

‘Tá an Ísiltír tar éis “stad!” a rá le pobalachas den chineál mícheart,” a dúirt Mark Rutte aréir agus a bhua á cheiliúradh aige. An tátal atá le baint as an ráiteas pobalach sin, ar ndóigh, ná go bhfuil a leithéid ann, dar le Rutte, agus pobalachas ‘ceart’ – agus gurb eisean a chuirfeas i bhfeidhm é: tuilleadh srianta ar an inimirce, ach gan aon chaint a chuirfeadh fonn múisce ar dhuine.

Ós rud é gurbh é an VVD is mó a fuair vótaí is ar Mark Rutte a iarrfar comhrialtas a chur le chéile, ach ní bheidh jab éasca aige. Beidh sé ag brath ar thacaíocht trí pháirtí mhóra eile ar a laghad. D’fhéadfadh sé, fiú amháin, go mbeidh Páirtí an Lucht Oibre, a bhí i gcomhrialtas leis an VVD le ceithre bliana anuas ach a ndearnadh slad air i dtoghchán an lae inné, i measc na bpáirtithe sin.

Ní hé go bhfuil féidearthachtaí maidir le comhrialtas gann: d’éirigh le 13 pháirtí éagsúla an pharlaimint a bhaint amach, páirtí do sheanóirí, páirtí d’inimircigh agus páirtí do chearta na n-ainmhithe ina measc. D’éirigh leis an gceann deireanach acu sin cúig shuíochán a ghnóthú, fiú amháin.

Fág freagra ar 'Diúltaithe ag muintir na hÍsiltíre do Geert Wilders den cheathrú huair'