Dhá chlann roghnaithe as 1,600 iarratas chun seal a chaitheamh ina gcónaí ar Inis Meáin 

Eagraíodh an comórtas do thréimhse ‘saor ó chíos’ ar Inis Meáin chun go mbeadh tuilleadh gasúr ag freastal ar scoileanna an oileáin Ghaeltachta

Dhá chlann roghnaithe as 1,600 iarratas chun seal a chaitheamh ina gcónaí ar Inis Meáin 

Tá dhá chlann roghnaithe as 1,630 iarratas chun seal a chaitheamh ina gcónaí saor ó chíos ar Inis Meáin. 

Comhlacht Forbartha Inis Meáin atá ag tabhairt deis don dá theaghlach, muintir Mhic an tSaoir as contae na Mí agus muintir Sheehy as Luimneach,  naoi mí a chaitheamh ar an oileán gan aon chíos a íoc.

Eagraíodh an comórtas chun go mbeadh tuilleadh gasúr ag freastal ar scoileanna an oileáin agus daoine nua ag teacht isteach sa phobal.

Cuireadh fiche teaghlach as an 1,600 teaghlach a chuir isteach ar an gcomórtas ar ghearrliosta agus iarradh orthu cur i láthair físeáin a dhéanamh. Dúradh leo níos mó a rá sna físeáin faoina gceangal leis an nGaeilge agus faoin bhfáth go raibh fonn orthu bogadh go dtí oileán Gaeltachta.

Cuireadh agallamh ar cheithre theaghlach ina dhiaidh sin sular roghnaíodh muintir Mhic an tSaoir agus muintir Sheehy. 

Dúirt Cathaoirleach Chomhlacht Forbartha Inis Meáin, Mairéad Ní Fhátharta, gur “ardú croí” a bhí sa líon mór daoine a chuir isteach ar an gcomórtas.

“Údar mór dóchais do na ceantair Ghaeltachta gur léirigh oiread sin  daoine spéis sa Ghaeilge agus a bheith ina gcónaí i gceantar iargúlta,” arsa Mairéad Ní Fhátharta, atá ina príomhoide ar iar-bhunscoil Inis Meáin, Coláiste Naomh Eoin.

Labhair ceann den dá theaghlach a roghnaíodh sa chomórtas – muintir Mhic an tSaoir – ar an gclár Iris Aniar ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar maidin.

Múinteoir meánscoile ar sos gairme í Colette, agus forbróir bogearraí, Rónán, atá ag tógáil a bpáistí le Gaeilge. Cúigear páistí faoi sheacht mbliana atá acu, Róisín, Darach, Beinín, Tomás agus Siobhán, cúpla atá bliain go leith.

“Tá suim mhór againn sa dúlra agus sa Ghaeilge gan dabht agus an cultúr Gaelach,” a dúirt Rónán Mac an tSaoir.

“Nuair a chonaic muid an fógra – teach saor ó chíos ar Inis Meáin – thuig muid díreach ar an bpointe gur deis dár saol a bhí ann.”

Dúirt sé go raibh an teaghlach ag súil lena seal ar Inis Meáin go háirithe mar gheall ar an “meas” atá ag muintir Inis Meáin ar an nGaeilge.

Dúirt Colette go raibh an chlann ar bís.

“I ndáiríre níl mé in ann creidiúint go bhfuil sé ag tarlú,” a dúirt sí.

Ceathrar gasúr faoi sheacht mbliana atá i dteaghlach Sheehy as contae Luimnigh. Ag obair d’ollchomhlacht atá an t-athair agus teiripeoir ar sos gairme an mháthair. Cé nach bhfuil siad chomh líofa céanna le muintir Mhic an tSaoir tá cúrsa TEG déanta acu agus é i gceist acu go mbeadh tús áite ag an nGaeilge ina saol feasta.

Fág freagra ar 'Dhá chlann roghnaithe as 1,600 iarratas chun seal a chaitheamh ina gcónaí ar Inis Meáin '