D’fhéadfaí lipéadú dátheangach ar earraí bia a phlé amach anseo – An tAire Sláinte

Thug an tAire Sláinte le fios nach mbeadh ceist na Gaeilge ina cuid den phlé atá le déanamh ag grúpa oibre trasrialtais ar rialacha nua atá le teacht ó Choimisiún na hEorpa

D’fhéadfaí lipéadú dátheangach ar earraí bia a phlé amach anseo – An tAire Sláinte

Deir an tAire Sláinte go bhfuil sé róluath a rá an gcuirfear dualgas ar chomhlachtaí Gaeilge a chur ar lipéid earraí bia.

Thug an tAire Jennifer Carroll MacNeill le fios roimhe seo nach mbeadh ceist na Gaeilge ina cuid den phlé atá le déanamh ag grúpa oibre trasrialtais ar rialacha nua atá le teacht ó Choimisiún na hEorpa, ach deir sí anois go bhféadfaí an scéal a phlé amach anseo.

Tá an tAE ag obair ó 2022 ar leasuithe a dhéanamh ar na rialacha a bhaineann leis an eolas a chuirtear ar fáil don phobal ar lipéid earraí bia. Nuair a fhoilseoidh an Coimisiún na leasuithe, tabharfaidh an rialtas anseo grúpa oibre le chéile chun a dtionchar a mheas.

Ina dhiaidh sin d’fhéadfaí plé a dhéanamh ar dhualgas a chur ar tháirgeoirí eolas i nGaeilge a chur ar lipéid, a deir Carroll MacNeill.

Bhí an tAire Sláinte ag freagairt ceist Dála ón Teachta Neamhspleách Barry Heneghan.

D’fhiafraigh an Teachta Heneghan di an raibh aon teagmháil ag an Aire le Roinn na Gaeltachta maidir le cur chun cinn na Gaeilge ar lipéadú earraí bia, ach dúirt an tAire go mbeadh sé “níos cuí” dul i dteagmháil leis an Roinn nuair a bheadh measúnú déanta ar an reachtaíocht nua.

Dúirt an tAire Carroll MacNeill ina freagra gur tugadh faoi chomhairliúchán poiblí nuair a d’fhógair an Coimisiún go raibh leasú le déanamh ar an dlí, an Rialachán um Fhaisnéis Bhia do Thomhaltóirí (FIC). Le linn an chomhairliúcháin sin, léiríodh imní faoin gcostas a bhainfeadh le leasuithe éigeantacha maidir le lipéadú earraí bia, go háirithe do tháirgeoirí beaga.

Thug an tAire le fios an mhí seo caite go raibh cinneadh déanta ag an Rialtas tús áite a thabhairt don Bhéarla nuair a thabharfar isteach na rialacha nua maidir le heolas cothúcháin a thaispeáint ar lipéid earraí bia agus nach mbeadh an lipéadú dátheangach “mar chuid de chúraimí” an ghrúpa oibre trasrialtais.

Dúirt an tAire gur féidir le comhlachtaí eolas ar lipéid a chur ar fáil go dátheangach “ar bhonn deonach” faoi láthair ach go mbeidh ar chomhlachtaí an t-eolas cuí a thaispeáint i mBéarla de réir an dlí, bíodh sé sin i mBéarla amháin nó go dátheangach i mBéarla agus i nGaeilge.

Faoi na moltaí a rinne an tAE in 2022, bheadh an leagan amach céanna ar an eolas cothúcháin ar earraí bia agus chaithfí an t-eolas a thaispeáint ar aghaidh an phacáistithe. Bheadh dualgais níos déine ann chomh maith maidir le heolas a chur ar an lipéad faoin áit as ar tháinig an bia. Thabharfaí isteach freisin rialacha nua maidir le marcáil dátaí ar na hearraí bia agus bheadh gá le liosta comhábhar agus dearbhú cothúcháin a chur ar lipéid deochanna alcólacha.

Fág freagra ar 'D’fhéadfaí lipéadú dátheangach ar earraí bia a phlé amach anseo – An tAire Sláinte'

  • Fearn

    “Deir an tAire Sláinte go bhfuil sé róluath a rá an gcuirfear dualgas ar chomhlachtaí Gaeilge a chur ar lipéid earraí bia.”

    Os chionn céad bliana agus an feitheamh fada fós orainn, leoga!