D’fhéadfadh gurb í an Ghaeilge an dara teanga is mó a mbeadh tóir uirthi ag daltaí A-Leibhéal amach anseo

An laghdú mór atá tagtha ar líon na ndaltaí atá ag tabhairt faoin bhFraincis is cúis leis an athrú, seachas borradh a bheith tagtha faoin líon a roghnaíonn an Ghaeilge

D’fhéadfadh gurb í an Ghaeilge an dara teanga is mó a mbeadh tóir uirthi ag daltaí A-Leibhéal amach anseo

Fágann an tóir atá ar an nGaeilge i measc daltaí iarbhunscoile ó thuaidh go bhféadfadh sí a bheith ar an dara teanga is mó tóir ag daltaí A-Leibhéal faoi cheann roinnt blianta.

Sin de réir tuarascáil nua atá foilsithe ag Comhairle na Breataine i dTuaisceart Éireann, Language Trends in Northern Ireland 2021.

Leagtar amach sa tuarascáil go bhfuil an Spáinnis anois ar an dara teanga is mó tóir i measc daltaí A-Leibhéal agus í chun cinn ar an bhFraincis. Má leanann cúrsaí mar atá, áfach, deirtear go dtiocfaidh an Ghaeilge chun cinn ar an bhFraincis taobh istigh de roinnt blianta eile.

An laghdú ollmhór atá tagtha ar líon na ndaltaí atá ag tabhairt faoin bhFraincis is cúis leis an athrú, seachas borradh mór a bheith tagtha faoi líon na ndaltaí a roghnaíonn an Ghaeilge.

Léirítear sa tuarascáil go raibh thart ar 14,000 dalta GCSE ag staidéar Fraincise 25 bliain ó shin ach tá sé sin tite anois go dtí thart ar 4,000. Thart ar 2,000 dalta a bhí ag déanamh Gaeilge don GSCE in 2019/20, nach mór mar a chéile le líon na ndaltaí a bhí ag staidéar na teanga sin 25 bliain ó shin.

Ardú beag a bhí i gceist san achar céanna ó thaobh daltaí a roghnaigh an Ghaeilge a dhéanamh mar ábhar A-Leibhéal.

I suirbhé ar dhaltaí i mBliain 9 (12-13 bliain d’aois), níor thug ach 44% le fios go raibh sé ar intinn acu teanga a roghnú don GSCE agus 10% a dúirt go raibh sé i gceist acu teanga a staidéar don A-Leibhéal.

De réir an tsuirbhé céanna, múintear an Ghaeilge i 35% de na scoileanna a bhí i gceist. Bhí Fraincis á múineadh i 90% de na scoileanna, Spáinnis i 75% agus an Ghearmáinis i 20%.

De réir na tuarascála, tá fás ag teacht ar earnáil an Ghaeloideachais i dTuaisceart Éireann. Bhí 28 Gaelscoil agus seacht mbunscoil ina raibh aonaid Ghaeilge ag teagasc trí Ghaeilge in 2019-20 agus 4,510 dalta ar fad ag freastal orthu, 2.6% de líon na ndaltaí bunscoile ar fad sa Tuaisceart.

Fág freagra ar 'D’fhéadfadh gurb í an Ghaeilge an dara teanga is mó a mbeadh tóir uirthi ag daltaí A-Leibhéal amach anseo'