D’fhéadfadh go n-iarrfaí ar oibrithe sláinte atá ar scor filleadh ar an obair – An Taoiseach

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar tráthnóna nach raibh sé i gceist ag an Rialtas aon mhórócáidí ná ollchruinnithe a chur ar ceal ‘ag an tráth seo’

D’fhéadfadh go n-iarrfaí ar oibrithe sláinte atá ar scor filleadh ar an obair – An Taoiseach

Ní aon ghá fós leas a bhaint as na fórsaí cosanta chun dul i ngleic le géarchéim an choróinvíris, ach d’fhéadfadh go mbeifear ag iarraidh ar oibrithe sláinte atá ar scor filleadh ar an obair sna seachtainí amach romhainn. 

B’in a bhí le rá ag an Taoiseach Leo Varadkar tráthnóna agus é ag fógairt nach raibh sé i gceist ag an Rialtas aon mhórócáidí a chur ar ceal “ag an bpointe seo”.

D’iarr an Taoiseach chomh maith ar dhaoine gan cinneadh a dhéanamh as a gconlán féin scoileanna a dhúnadh nó ócáidí a chur ar ceal.

Bhí Leo Varadkar ag labhairt tar éis  cruinniú i dTithe an Rialtais le dreamanna éagsúla a bhfuil baint acu le tionóil éagsúla.

Tá os cionn 100,000 cás de Covid-19 dearbhaithe anois ar fud an domhain agus os cionn 3,400 duine básaithe de bharr an ghalair.

Tá téarnamh déanta cheana ag os cionn leath de na daoine a bhuail an galar a bhfuil a lorg fágtha aige ar 85 tír ar fud an domhain mhóir.

De réir na bhfigiúirí is déanaí ó Ollscoil John Hopkins, baineann breis is 80,500 cás den ghalar leis an tSín, mar ar thosaigh Covid-19, tá os cionn 6,500 cás sa Chóiré Theas  agus tá beagnach 5,000 cás san Iaráin. An Iodáil an tír is measa atá buailte san Eoraip agus nach mór 4,000 cás sa tír sin.

Idir an dá linn, iarradh ar bhreis is 60 ball foirne in Ospidéal na hOllscoile i gCorcaigh iad féin a choinneáil amach ó dhaoine eile mar gheall ar an gcás den choróinvíreas a aimsíodh san ospidéal.

Is é an cás sin an chéad chás de Covid-19 in Éirinn nár tolgadh thar lear é agus baineann sé le fear  a chaith seal san ospidéal sular tastáladh don ghalar é.

Tá diansrianta ar chuairteoirí i bhfeidhm san ospidéal i gCorcaigh mar a bhfuil cúram leighis á chur ar an bhfear meánaosta atá á choinneáil amach ó dhaoine eile.

16 cás den víreas atá aimsithe in Éirinn go n-uige seo agus thar tír isteach a tháinig an víreas i ngach cás acusan seachas cás Chorcaí.

Tuairiscítear, áfach, go bhfuil lucht leighis den tuairim go mbeidh na céadta cás eile ann as seo go ceann cúpla seachtain.

Sa chás go rachadh an scéal in olcas dhúnfaí scoileanna agus gnóanna go leor agus chuirfí ócáidí spóirt agus ócáidí poiblí eile ar ceal.

Táthar ag súil i gcónaí nach mbeidh gá lena leithéid cé go bhfuil sé ina imní mhór go mbeidh an galar á scaipeadh i measc an phobail laistigh den tír féin.

Tá 13 cás de Covid-19 ar an taifead ó dheas agus cúram á chur ar na daoine sin san ospidéal. Tá sé chás acusan san oirthear, tá sé cinn san iarthar agus ceann amháin sa deisceart. Tá trí chás ó thuaidh den teorann.

Chuir Coláiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath in iúl do mhic léinn agus baill foirne aréir go raibh baint ag cás den ghalar leis an gcampas sin. Tá cuid den champas dúnta mar bheartas réamhchúraim.

Tá gach coinne obráide agus coinne a bhí ag othair sheachtracha Dé Luain agus Dé Máirt curtha ar ceal i sé ospidéal ghrúpa Ollscoil Luimnigh.

Moltar don phobal cloí le comhairle lucht sláinte maidir le glaineacht agus sláinteachas.

Fág freagra ar 'D’fhéadfadh go n-iarrfaí ar oibrithe sláinte atá ar scor filleadh ar an obair – An Taoiseach'