D’fhéadfadh go leagfaí dualgais i dtaobh na Gaeilge ar Google, Netflix, YouTube agus Facebook faoi reachtaíocht nua

Deir Príomhfheidmeannach an BAI, go gcaithfear dul i ngleic le ceist an easpa dualgas atá ar na meáin nua ó thaobh na Gaeilge

D’fhéadfadh go leagfaí dualgais i dtaobh na Gaeilge ar Google, Netflix, YouTube agus Facebook faoi reachtaíocht nua

D’fhéadfadh go bhfuil reachtaíocht nua ar na bacáin a leagfadh dualgais ó thaobh na Gaeilge ar na meáin nua, ag áireamh leithéidí Google, Netflix, YouTube agus Facebook, chomh maith le suíomhanna nuachta Béarla sa tír seo.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Michael O’Keefe, Príomhfheidmeannach an BAI, go gcaithfí dul i ngleic le ceist an easpa dualgas atá ar na meáin nua ó thaobh na Gaeilge i bhfianaise Treoir ón AE a bhfuil bailchríoch á cur faoi láthair uirthi.

“Tá Treoir ón AE maidir le reachtaíocht do na meáin nua ag teacht, agus beidh a bhfuil i gceist sa réimse seo níos soiléire sna míonna amach romhainn. Tabharfaidh an Treoir sin dlí coiteann isteach don AE ar fad ach ina dhiaidh sin is faoi gach stát a bheidh sé a reachtaíocht féin a thabhairt isteach dá réir.  Cheapfainn go dtabharfadh aon rialtas in Éirinn dualgais bhreise isteach chun an Ghaeilge a chothú agus a chur chun cinn sna meáin, agus, i bhfianaise an stádas atá ag an nGaeilge in Éirinn, bheadh a leithéid cuí.

“Ceist chasta aimpléiseach is ea í fós conas rialú a dhéanamh ar na meáin nua, ach deis a bheadh anseo dualgais i leith na Gaeilge a thabhairt isteach do na meáin sin agus, ag an am céanna, athbhreithniú a dhéanamh ar a bhfuil de dhualgais ann cheana féin faoin Acht Craolacháin 2009,” a dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás Craolacháin na hÉireann, Michael O’Keefe.

Dúirt sé gurb é a thuairim féin ná nár cheart dualgais bhreise a leagan ar na meáin thraidisiúnta nó go ndéanfaí soiléiriú ar na dualgais a bheidh ar na meáin nua.

“Tá moladh déanta ag an Dr John Walsh agus an Dr Rosemary Day go dtabharfaí reachtaíocht isteach chun cur leis na dualgais atá ar stáisiúin tráchtála raidió ó thaobh na Gaeilge de, ach d’áiteoinn nach mbeadh sé cothrom reachtaíocht níos déine a thabhairt isteach do na meáin thraidisiúnta fad is nach bhfuil aon dualgais ar na meáin nua.

“Sin rud a chaithfear dul i ngleic leis go luath, ach ar son na cothromaíochta déarfainn gurbh fhearr aon dualgais bhreise a thabhairt isteach i gcomhthéacs na reachtaíochta nua a bheidh ag teastáil chun rialú a dhéanamh ar earnáil na meán atá athraithe go mór agus atá i bhfad níos leithne ná mar a bhí.”

Dúirt Príomhfheidhmeannach an BAI gur dócha go dtiocfadh aon dream a chuireann ábhar físe agus fuaime ar fáil faoi scáth na reachtaíochta nua, ina measc mórchomhlachtaí domhanda leithéidí Netflix, Facebook agus Youtube agus dreamanna in Éirinn a chuireann podchraoltaí nó físeáin ar fáil mar chuid dá soláthar.

Dúirt sé gur dóigh leis go dtiocfaidh Bille nua maidir le rialú na meán os comhair Thithe an Oireachtais an bhliain seo chugainn nó in 2020.

Fág freagra ar 'D’fhéadfadh go leagfaí dualgais i dtaobh na Gaeilge ar Google, Netflix, YouTube agus Facebook faoi reachtaíocht nua'

  • Fearn

    Cad é an BAI?

  • Breathnóir

    Cad é faoi leithéidí TV3? Go bhfios dom, ní bhíonn oiread is nóiméad amháin i nGaeilge acu ar a gcuid cainéal ar fad. Shílfeá nach ndéanfadh sé dochar ar bith dóibh iarracht bheag éigin a dhéanamh, ar a laghad clár d´fhoghlaimeoirí nó rud éigin.