D’fhéadfadh go bhfuil sé in am teacht ar thuiscint nua ar céard is Gaeltacht ann

An bás mall pianmhar atá i ndán don Ghaeltacht toisc ár dtuiscint uirthi a bheith róchúng?

D’fhéadfadh go bhfuil sé in am teacht ar thuiscint nua ar céard is Gaeltacht ann

Bhuail mé isteach chuig ionad Gael-Taca i gCorcaigh le déanaí, mar a raibh fear ann agus a lá oibre deireanach san áit á dhéanamh aige. Tá sé ag dul sall go dtí Halafacs sa Nua-Albain chun Gaeilge a mhúineadh ag tús na scoilbhliana seo romhainn. Thosaigh muid ag caint faoin nasc idir Éire, Albain, agus Nua-Albain, nó ‘Alba Nuadh’, mar a thugtar uirthi i nGaeilge na hAlban. Bhí mé fiosrach faoin gceantar Gaelach sin ó rinne mé staidéar ar a’ Ghàidhlig san ollscoil, go háirithe nuair a d’fhoghlaim mé go raibh roinnt polaiteoirí Ceanadacha ag iarraidh go ndéanfaí an tríú teanga oifigiúil de chuid na tíre sin den Ghaeilge. Dá nglacfaí leis an éileamh sin, bheadh saol na Gaeilge i bhfad níos láidre, níos leithne, agus níos bríomhaire ná mar atá sí inniu. Faraor, ní féidir linn ach a bheith ag samhlú cén saghas athrú saoil a bheadh ann dá dtarlódh a leithéid. Nó an bhfuil ar ár gcumas fiú an méid sin féin a dhéanamh?

Tá sé de nós ag pobal na Gaeilge agus na meáin Ghaeilge a bheith  ag labhairt faoin nGaeltacht gan stad agus faoi cé acu an bás nó beatha atá i ndán di. Tá a leithéid á dhéanamh againn ó bhí ár dtír uilig fós faoi choróin na Breataine, ach is éard atá difriúil faoi scéal na Gaeilge ó 1956 ná go bhfuil teorainneacha oifigiúla timpeall ar an nGaeltacht agus muintir na mbailte beaga agus móra laistigh de na teorainneacha sin buartha i gcónaí faoi chúrsaí infheistíochta, fostaíochta agus infreastruchtúir agus faoi sheirbhísí poiblí agus eile.

Ar shlí, in ainneoin stádas speisialta na Gaeltachta sa Phoblacht iontach(?) atá againn, is minic muid míshuaimhneach míshocair faoi thodhchaí na teanga agus na Gaeltachta.

’Séard a rith liom, agus mé ag caint le mo chara i gCorcaigh, ná go mb’fhéidir go bhfuil an Ghaeltacht á cur chun báis go mall pianmhar againn, toisc an dóigh a n-amharcann muid féin, mar phobal teanga, uirthi. Murab ionann agus francophonie, an tsamhail den phobal domhanda a labhraíonn an Fhraincis, is ar bhailte beag nó ceantair bheaga aonaracha a smaoinítear nuair a smaoinítear ar cad is Gaeltacht ann. Ar shlí, seans gurbh fhearr dúinne eiseamláir na Lochlannach: grúpa tíortha, le teangacha a bhfuil gaol acu lena chéile ach nach ionann iad, a oibríonn go dlúth lena chéile mar phobal amháin. An bhfuil bealach ann, mar sin, chun gréasán a chruthú le go leathnófaí coincheap na Gaeltachta amach, ó Thalamh an Éisc go Tír an Iúir agus ó Halafacs Cheanada go Glaschú? Cad chuige nach smaoineofaí ar an nGaeltacht a athcheapadh mar cheantar ilnáisiúnta ilréigiúnach ina bhfuil nasc idir an uile chainteoir Gaeilge? Más ag smaoineamh go róchúng a bhíonn muid, an bhfuil deis mhór á cailliúint againn? Ar cheart dúinn Comhairle Cheilteach a chur i mbun gnímh, mar atá ann leis an gComhairle Nordach?

Dar ndóigh, ní hionann cás na Gaeilge/Gàidhlig, cúpla mionteanga, agus tírdhreach leathan na Fraincise, teanga dhomhanda. Sin ráite, tá iarracht déanta ag go leor eagraíochtaí chun gréasán teanga a fhorbairt, le cláracha ar nós clár Fulbright agus an Ireland Canada University Foundation, a sheolann teagascóirí Gaeilge go Meiriceá Thuaidh chun an nasc Gaelach leis an Oileán Úr a chaomhnú. Cúpla bliain ó shin, chuir Kevin Scannell léarscáil le chéile, a thaispeáin líon na dtvuíteanna Gaeilge idir Éire agus an Bhreatain. Is cinnte go mbeifí in ann gréasán domhanda a chur le chéile ar líne, ach an féidir linn an coincheap sin a aistriú ón Twittersféar go dtí an saol go léir? An bhféadfadh pobal Gaelach na Nua-Alban aon rud a fhoghlaim faoi thionscadal éigin atá ar siúl sa Spidéal i gConamara, mar shampla? Nó cad é faoi na cosúlachtaí idir Bóthar na bhFál agus sráideanna Halafacs? Is cosúil go ndéantar an chorrchomparáid mar seo, ach an bhfeictear aon toradh orthu?

Tá beocht ár dteanga(cha) ag brath ar níos mó ná an bealach a amharcann muid uirthi, ach tá seans go bhfuil peirspictíocht nua de dhíth orainn. Má shíltear gur rómhór an difríocht idir cás na Gaeilge agus cás na Breatnaise, mar shampla, ba cheart dúinn amharc ar mhúnla na Fionlainne agus na dtíortha Lochlannacha eile.

Bíonn bród orainn, mar Éireannaigh, nasc a bheith againn le cultúr agus stair na nGael agus na gCeilteach. B’fhéidir gur cheart dúinn leas a bhaint as an mbród sin chun comhpháirtíocht nua-aimseartha Ghaelach (nó Cheilteach) a bhunú.

Fág freagra ar 'D’fhéadfadh go bhfuil sé in am teacht ar thuiscint nua ar céard is Gaeltacht ann'

  • Mánus

    Ceist mhaith an féidir gréasán labhartha Gaeilge a athchruthú don “saol go léir”. Bhíodh Gaeilgeoirí mhóra BÁC ag bladráil lena gcéile i gClub an Chónra faoi eastát tithíochta a bhunú mar chaithimh aimsire le 60 bhliain agus tada dá bharr. Rinne fear óg iarracht macánta eastát lánGhaeilge a bhunú in iarthair Bhleáchliath sa 1990daí agus tacaíocht dá laghad ní bhfuair sé ó na Gaeilgeoirí Mhóra. Bhí deis íontach an uair sin toisc nach raibh talamh na tógáil comh daor sin.
    Nach gréasáin (i.e. pobail) ina raibh an Ghaeilge mar phríomhtheanga cumarsaide a bhí ins na ceantracha Gaeltachta Catagóir A go dtí na 1980daí? Do theip ar an stát agus an córas polaitiúil iad a chaomhnú.
    Anois agus an teip sin follasach do chách seo freagra an Stáit iarÉireannaigh
    “Risks around declining use of the Irish language in Gaeltacht areas and consequent risks to national identity – This specific issue is not included as a strategic risk this year.”
    https://www.taoiseach.gov.ie/eng/publications/publications_2018/national_risk_assessment_2018_-_overview_of_strategic_risks_-_final.pdf

  • Ben

    Ar ndú tá cead a chinn ag an údar cibé tuiscint is mian leis a chumadh le dhul leis an bhfocal “Gaeltacht” – ach ní athraíonn sé sin an fhírinn lom nach mbeidh oiread is pobal amháin ar domhan ina bhfuil an Ghaeilge in uachtar faoi cheann deich mbliana nó mar sin muna gcuireann muid troid láidir suas anois.

    Cibé cén sainmhíniú atá ag duine ar “Gaeltacht”, beidh pobal dúchais na Gaeilge caillte againn n Éirinn, in Albain (agus go háiride in Albain Nua!) roimh i bhfad eile, agus ba mhór ár náire é sin gan bhréag.

    I dtaca le Ceanada, ba dheas aitheantas a thabhairt don Ghaeilge ansin is dó – ach b’fhearr i bhfad tacú le teangachaí dúchasascha na háite sin ar dtús, teangachaí atá á marú ag rialtas Klanada le fada an lá.

    PS – maidir leis an nós seo atá ag scríbhneoirí tuairisc.ie agus suíomhannaí eile “Gáidhlig” a scríobh agus iad ag trácht ar Ghaeilge na hAlban, mholfainn an t-alt maith seo le Ciarán Ó Duibhín a léamh: http://www.smo.uhi.ac.uk/~oduibhin/alba/ouch.htm

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    An bhfuil ar ár gcumas ceantar uirbeach lán-Ghaeilge a chruthú sa stáit seo?? Níl a leithéid ann go bhfios domh.

    Oh tá dhá bhaile faoi limistéar Gaeltachta i dTír Chonaill – An Fál Carrach (Na Croisbhealaí) agus An Clochán Liath, ach nuair a bhí siad ag plé ceist na Gaeilge sa Ghaeltacht faoin phlean forbartha contae cha raibh ionadaithe poiblí (comhairleoirí contae) fiú ar chomhintinn fá chomharthaíocht i nGaeilg amháin bheith ar ghnóanna (ghnóthaí) ar An Clochán Liath!! B’fhearr i bhfad leo glacadh le comharthaíocht dátheangach!! A leithéid d’amaidí!!

    Tá géarghá le coinníoll Gaeilge don Ghaeltacht agus an coinníoll sin curtha i bhfeidhm chun cosc a chuir ar an truailliú leanúnach ón mBéarla.