Der Rebell – leaganacha Gearmáinise de dhánta an Phiarsaigh le foilsiú

Labhair Tuairisc.ie Hans-Christian Oeser a chuir Gearmáinis ar dhánta an Phiarsaigh don chnuasach Der Rebell a bheidh ar fáil an mhí seo chuaginn

Fogra 1916 strap

Pearse

Foilseofar an mhí seo chugainn dánta Phádraic Mhic Phiarais i nGearmáinis. Is é Hans-Christian Oeser a chuir Gearmáinis ar dhánta an Phiarsaigh don chnuasach Der Rebell a bheidh ar fáil ar an 15 Márta. Dúirt Oeser le Tuairisc.ie gur “togra idir eatarthu” a bhí san aistriúchán ar dtús.

“Tharla sé seo mar bhí orm an cúpla líne ó ‘An Mháthair’ atá sa scéal ‘Victims’ le Eugene McCabe a aistriú. Ina dhiaidh sin rinne mé dhá trí cinn eile ‘ar mhaithe le spórt’ agus ba ansin a chuimhnigh mé go mbeadh comóradh céad bliain an Éirí Amach agus cothrom an lae a cuireadh an Piarsach chun báis ann mí Aibreáin agus Bealtaine.

“Nuair a bhí críochnaithe agam, bhraith mé go mba cheart dom a chuid scríbhinní ar fad a léamh go bhfaighinn léargas ceart ar an bhfear ach faraor géar ní raibh mo dhóthain ama agam. Tá iarracht déanta agam cur síos cruinn ceart a dhéanamh ar an bPiarsach mar fhear, mar fhile agus mar reibiliúnaí san iarfhocal ag deireadh an chnuasaigh,” a dúirt Oeser.

Is é Ambasáid na hÉireann i mBeirlín a sheolfaidh an leabhar agus tá Oeser ag súil go mbeidh sé ar fáil in am d’Aonach Leabhar Leipzig i mí Mhárta.

na dánta eagraithe ina dtrí ghrúpa sa duanaire: dánta a scríobhadh i mBéarla, dánta a scríobhadh i nGaeilge agus a chuir an Piarsach féin Béarla orthu agus dánta Gaeilge nár aistrigh an Piarsach. Dúirt Oeser go raibh sé deacair in amanna a dhéanamh amach cé na dánta a d’aistrigh an Piarsach féin.

“Caithfidh mé a admháil nach  bhfuil ceist an fhéinaistriúcháin fad is a bhaineann sé leis an bPiarsach chomh soiléir sin. Níl na ráitis uilig ag teacht le chéile. Mar shampla, liostáiltear na dánta go léir ar shuíomh ollscoile amháin mar aistriúcháin ón nGaeilge. Ar ndóigh níl sé sin fíor. Níl aon amhras ann ach gur i mBéarla agus i mBéarla amháin a bhí na dánta a scríobh sé sa phríosún,” a dúirt sé.

Ba iad na dánta Béarla is mó a thaitin le Oeser mar aistritheoir, mar gheall ar a “reitric Bhíobalta, a gcora fáidhiúla agus a dtréith aislingeach a chuirfeadh Walt Whitman i gcuimhne do dhuine”. Thaitin na dánta lenar inar fhág sé slán leis an saol seo go mór leis an aistritheoir chomh maith. Dúirt sé go raibh cuid de na haistriúchán a rinne an Piarsach féin ar a chuid dánta cumhachtach freisin ach go raibh cuid acu “ábhairín ciotach”.

Pearse book

“Deirtear liom gur chuir friotal an Phiarsaigh an Ghaeilge in oiriúint don saol nua ach faraor bhí cuma chiotach nó fiú sean-fhaiseanta ar dhánta eile ar chuir sé féin Béarla orthu. Tá rud éigin ann nach dtaitníonn liomsa nó, más dána an mhaise féin dom é, le lucht léite an lae inniu.

“Ní dóigh liom gur féidir an truamhéala nádúrtha a mhaolú, ach sí an fhadhb leis an nGearmáinis ná gur teanga lán truamhéala í sin freisin agus bíonn an t-aistriú ó theanga amháin go teanga eile cineál ciotach de bharr sin agus uile,” a mhínigh sé.

Ag cúl an leabhair tá iarfhocal atá beagnach chomh fada leis an mbailiúchán dánta féin ina rinne Oeser iarracht comhthéacs a thabhairt don fhilíocht. Deir sé féin go raibh deacracht ar leith aige leis seo ó tharla nach saineolaí é ar an bPiarsach agus nach bhfuil a dhóthain dá shaothar, taobh amuigh den fhilíocht, léite aige. Is amhlaidh an scéal do go leor sa Ghearmáin, áfach, áit nach bhfuil iomrá ar bith ar an Éirí Amach ná do lucht a cheannais.

“Shamhlóinn, nach bhfuil mórán eolais ag muintir na Gearmáine ar an bPiarsach, seachas dream beag a bhfuil taithí ar Éirinn acu. Is amhlaidh an scéal, a bheag nó a mhór, leis an Éirí Amach. Táthar ag súil go mbeidh roinnt imeachtaí, ailt nuachtán agus araile ann, a phléifidh le 1916.

“Agus ar ndóigh tá ag iarraidh a chur leis an iarracht sin mar, dar liom féin, tá an-tábhacht ag baint leis ó thaobh na staire de, agus níor chóir náire a bheith ar na hÉireannaigh mar gheall air, ba cheart a bheith bródúil as. Ba é an chéad iarracht ag coilíneacht de chuid na Breataine í féin a shaoradh ó shlabhraí an impiriúlachais ar an gcaoi sin,” a dúirt sé.

Bhí Oeser ag seimineár aistriúchán filíochta le deireanas agus léigh sé cuid de na haistriúcháin nua atá déanta aige. Dúirt sé gurbh iomaí tuairim a cuireadh in iúl fúthu agus nach mar a chéile a bhí an dá thuairim ná baol air.

“Cheap roinnt daoine go raibh na leaganacha Gearmánacha damanta, kitsch, uafásach agus cheap daoine eile go raibh siad iontach, mealltach agus ardaigeanta. Sin mar a bhíonn,” a dúirt sé.

Gearmánach is ea Hans-Christian Oeser a tháinig go hÉirinn den chéad uair sa bhliain 1980. Bhí ina léachtóir le Gearmáinis san NIHED (DCU) ar feadh tamaill agus ina dhiaidh sin ina léachtóir le Gearmáinis in UCD. Mhúineadh sé ranganna Gearmáinise in Institiúid Goethe i mBaile Átha Cliath freisin. Is ball bunaithe de Chumann Aistritheoirí agus Teangairí na hÉireann é agus bhí ina eagarthóir ar Translation Ireland idir 1995-1999. Tá Gearmáinis curtha aige ar os cionn 140 saothar agus tá deich saothar eile a chum sé féin curtha i gcló aige.

Seo thíos an t-aistriúchán a rinne Oeser ar Mise Éire.

Ich bin Éire

Ich bin Éire:

Älter als das Alte Weib von Beare.

 

Groß mein Ruhm:

Ich, die ich den kühnen Cú Chulainn gebar.

 

Groß meine Schmach:

Meine eigenen Kinder, die die Mutter verkauften.

 

Groß mein Schmerz:

Unversöhnlich der Feind, der mich allzeit bedrängt.

 

Groß mein Leid:

Gestorben der Stamm, in den ich Hoffnung setzte.

 

Ich bin Éire:

Einsamer als das Alte Weib von Beare.

Fág freagra ar 'Der Rebell – leaganacha Gearmáinise de dhánta an Phiarsaigh le foilsiú'

  • Fearn

    Toll, Herr Oeser!