Deontas le híoc le múinteoirí a chuireann feabhas ar a gcuid Gaeilge

Tá scéim phíolótach nua á hullmhú ag Roinn na Gaeltachta ar mhaithe le feabhas a chur ar Ghaeilge múinteoirí bunscoile agus iar-bhunscoile agus teagascóirí luathbhlianta

Deontas le híoc le múinteoirí a chuireann feabhas ar a gcuid Gaeilge

Íocfar deontas le múinteoirí a chuireann feabhas ar a gcuid Gaeilge faoi scéim nua atá beartaithe ag Roinn na Gaeltachta.

Beidh an scéim phíolótach nua atá á hullmhú ag an Roinn faoi láthair dírithe ar mhúinteoirí bunscoile agus iar-bhunscoile agus ar theagascóirí luathbhlianta freisin.

“Is é cuspóir na scéime ná feabhas suntasach a chur ar chumas na múinteoirí sin sa Ghaeilge agus ar a gcumas cabhrú le daltaí torthaí foghlama feabhsaithe a bhaint amach,” a dúirt urlabhraí ó Roinn na Gaeltachta le Tuairisc.

Scéim dheonach a bheidh ann agus íocfar “deontas airgid” leis na múinteoirí má éiríonn leo “feabhas áirithe a chur ar a gcumas teanga”.

Déanfar cumas Gaeilge na múinteoirí a thomhas trí chóras tástála TEG, an Teastas Eorpach sa Ghaeilge.

Deir Roinn na Gaeltachta go rachaidh siad i gcomhairle leis an Roinn Oideachais agus dreamanna eile nuair a bheidh an scéim á cur i gcrích.

Caithfear cuid den €4 milliún breise a fógraíodh do Roinn na Gaeltachta i mBuiséad 2024 ar an scéim nua, ach níl an leibhéal maoinithe don scéim seo aontaithe go fóill.

Fág freagra ar 'Deontas le híoc le múinteoirí a chuireann feabhas ar a gcuid Gaeilge'

  • Siob

    B’fhiú glaoch a chur ar an Roinn ar an gcéad dul síos, tá mé a’ ceapadh. Gheobhaidh tú an t-uimhir cheart ach glaoch a chur orthu nó ar an Roinn Oideachais.

  • Nuala Holloway

    Ba mhaith liom níos mó eolas ar an gcúrsa seo.
    Le meas.
    Nuala Holloway.