Deontas ceadaithe chun athchóiriú a dhéanamh ar thigh Thomáis Uí Chriomhthain

Is sa tigh seo, a thóg an t-údar féin, a scríobhadh an leabhar cáiliúil An tOileánach

 

11

Tá €45,000 ceadaithe ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta chun go ndéanfaí athchóiriú ar thigh an údair Tomás Ó Criomhthain sa Bhlascaod Mór.

Chuir an Teachta Dála ó Fhine Gael Brendan Griffin fáilte roimh cheadú an deontais agus “lúcháir” air go mbeadh an tigh athchóirithe oscailte don 10,000 duine a thugann cuairt ar an oileán gach bliain.

20

Ba é Tomás Dhónaill Ó Criomhthain féin a thóg an tigh timpeall na bliana 1888 agus tá cur síos aige in An tOileánach ar an obair a dhein sé:

“Timpeall deich mbliana tar éis pósta dhom do thógas tigh nua. Níor shín fear cloch chugham, ná mairtéal, faid a bhíos á dhéanamh agus do chuireas féin ceann air. Ní tigh mór é; mar sin féin dá mbeadh Rí Seoirse ar a laethanta saoire ar feadh mí ann níorbh é gráinneacht an tighe ba ghalar báis do.”

Ag scríobh dó ar an iris Comhar le déanaí, dúirt Daithí de Mórdha ó Ionad Oidhreachta an Bhlacaoid gur “saghas ollscoil a bhí i dtigh seo an Chriomhthainigh” agus gurb ann a mhúin Tomás an Ghaelainn do scoláirí ar nós Carl Marstrander, Robin Flower agus Brian Ó Ceallaigh.

“Díol spéise,” a deir de Mórdha, “is ea an mám suntasach litríochta a ceapadh nó a bailíodh sa tigh – na leabhair Allagar na hInise, An tOileánach, Dinnsheanchas na mBlascaodaí agus Seanchas Ón Óileán Tiar, scata giotaí, amhráin agus ailt”.

Thug sé le fios go bhfuil sé i gceist an tigh a athchóiriú faoi mar a bhí leis an gceann adhmaid clúdaithe le feilt agus tarra a bhíodh ar fhormhór na dtithe ar an oileán.

“Tá sé i gceist na hairm agus an trealamh a bhíodh in úsáid san oileán, agus in Iarthar Dhuibhneach i gcoitinne, a chur ar taispeáint sa tigh, chun go mbeadh léargas éigin ag cuairteoirí ar shaol an oileáin ag tús na fichiú haoise. Tabharfaidh athchóiriú an tí stádas cuí do dhuine de na scríbhneoirí is tábhachtaí Gaelainne a tharraing peann chuigis riamh,” a dúirt Dáithí de Mórdha.

Fág freagra ar 'Deontas ceadaithe chun athchóiriú a dhéanamh ar thigh Thomáis Uí Chriomhthain'