‘Déistin’ ar an Aire Gnóthaí Eachtracha le Campbell

Dúirt an tAire Flanagan nár cheart d’éinne a bheith ag caitheamh anuas ar an nGaeilge mar a rinne Campbell ag an deireadh seachtaine.

An tAire Gnóthaí Eachtracha, Charlie Flanagan. Pictiúr: Photocall Ireland
An tAire Gnóthaí Eachtracha, Charlie Flanagan. Pictiúr: Photocall Ireland

Tá ‘déistin’ ar an Aire Gnóthaí Eachtracha, Charlie Flanagan, leis an méid a dúirt Gregory Campbell ón DUP faoin éileamh ar Acht Teanga do phobal na Gaeilge ó thuaidh.

Ag freagairt ceist Dála ó Brendan Smith, Fianna Fáil, ar an Acht Teanga átá á lorg le fada an lá, dúirt an tAire Gnóthaí Eachtracha gur ghoill a ndúirt Campbell ag comhdháil an DUP go mór ar dhaoine “fud fad an oileáin”.

Dúirt an tAire Flanagan nár cheart d’éinne a bheith ag caitheamh anuas ar an nGaeilge mar a rinne Campbell ag an deireadh seachtaine.

“I wish to deplore what were most unhelpful comments on a matter of importance.  I recognise that his comments were deeply hurtful to many people across the island, that our language should be denigrated in such a way,” a dúirt Charlie Flanagan, an tAire Gnóthaí Eachtracha.

Dúirt Gregory Campbell ag an deireadh seachtaine nach raibh san Acht Teanga don Tuaisceart ach éileamh ar ‘liosta aislingeach’ arb ionann é agus ‘páipéar leithris’.

Thug sé le fios do chomhdháil an DUP i mBéal Feirste nach ngéillfeadh a pháirtí ‘go deo’ don éileamh ar Acht Teanga.

Dúirt sé go gcaithfeadh an DUP le gach éileamh ar “wish list” Shinn Féin, an tAcht Teanga san áireamh, “as no more than toilet paper”.

Fág freagra ar '‘Déistin’ ar an Aire Gnóthaí Eachtracha le Campbell'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Is mó maitheas a dheineann Gregory Campbell do chúis na Gaeilge len a fhonóid agus a ghráinn poiblí ná ciniciúlacht agus easpa spéise an rialtais, ar ball dhó Charlie Flanagan – an rialtas is naimhde don Ghaeilge ó bunaíodh an stát.

  • Darragh Ó Náraigh

    Tá déistin ar a lán daoine freisin le rialtas Phoblacht na hÉireann agus an chaoi ina gcaitheann siad leis an nGaeilge agus cearta teanga. Ceapaim féin go bhfuil an stáit chomh donna céanna (nó níos measa fiú) le Gregory Campbell agus a leithéidí.

  • Seán Mag Leannáin (@SeanMagL)

    Nach é seo an fear céanna a bhí ag maíomh tamall ó shin nach raibh aon ghá le hOifigeach Gaeilge i gComhairle Contae na Laoise? An ionadh ar bith é go gcreideann na haontachtaithe nach bhfuil sa Ghaeilge ach liathróid peile?