Deisceart Chonamara ar na ceantair is measa sa stát ó thaobh Covid-19, Corca Dhuibhne an áit is lú atá buailte

Tá figiúirí nua ar fáil do na toghcheantair Ghaeltachta a thugann léargas ar scaipeadh an choróinvíris idir an 13-26 Deireadh Fómhair

Deisceart Chonamara ar na ceantair is measa sa stát ó thaobh Covid-19, Corca Dhuibhne an áit is lú atá buailte

Tá Conamara i measc na ndeich gceantar is measa sa stát ó thaobh scaipeadh an Covid-19, de réir na bhfigiuírí is déanaí.

A mhalairt de scéal a bhí ann i gcás Chorca Dhuibhne an áit is lú sa stát a raibh an galar ag scaipeadh sa tréimhse coicíse idir an 13-26 Deireadh Fómhair.

155 cás den ghalar a deimhníodh i dtoghcheantar Dheisceart Chonamara le linn na tréimhse céanna agus 726 an ráta coicíse do scaipeadh an ghalair a bhí ann, an naoú ráta is airde sa stát.

308 an meánráta náisiúnta a bhí ann in aghaidh gach 100,000 duine don tréimhse chéanna.

Ráta 28 a bhí i nDeisceart Chonamara ag tús na míosa.

Tá ardú tagtha ar líon na gcásanna i gConamara Thuaidh le deireanaí chomh maith. Deimhníodh 36 cás nua den Covid-19 ann idir 13-26 Deireadh Fómhair rud a fhágann go bhfuil an ráta coicíse imithe ó 128 go dtí 209.

56 an ráta coicíse a bhí i gCorca Dhuibhne, an ráta is ísle sa stát go léir, in éineacht leis an Aonach i dTriobaid Árann. Ocht gcás a deimhníodh i gCorca Dhuibhne le linn na tréimhse coicíse.

I nDún na nGall, d’fhéadfadh go bhfuil tionchar na srianta Leibhéal 4, a cuireadh i bhfeidhm ar an 15 Deireadh Fómhair, le feiceáil sna figiúirí is déanaí ó na húdaráis sláinte.

I dtoghcheantar na nGleanntach, mar a bhfuil Gaeltacht iarthuaisceart Dhún na nGall, deimhníodh 27 cás nua idir 13-26 Deireadh Fómhair agus thit an ráta coicíse ó 155 cás go dtí 113 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa cheantar.

Deimhníodh 70 cás nua sa cheantar thart timpeall ar Bhaile Dhún na nGall i ndeisceart an chontae agus laghdaigh an ráta coicíse ó 321 idir 6-19 Deireadh Fómhair go dtí 264 idir 13-26 Deireadh Fómhair.

Ardú a bhí i gceist i dtoghcheantar Mhaigh Chromtha, mar a bhfuil Gaeltacht Mhúscraí. 91 cás nua a deimhníodh ann le linn na tréimhse sin agus an ráta imithe ó 198 go dtí 247.

Laghdú a bhí ann sa cheantar thart timpeall ar Ghaeltacht na nDéise chomh maith agus an ráta i dtoghcheantar Dhún Gharbhán tite ó 152 go dtí 117.

I nGaeltacht Mhaigh Eo, tháinig ardú arís ar líon na gcásanna i dtoghcheantar Bhéal an Mhuirthead. Ráta coicíse 325 cás in aghaidh gach 100,000 duine a bhí ann idir an 6-19 Deireadh Fómhair agus ráta 476 a bhí ann de réir na bhfigiúirí is déanaí. 60 cás nua a deimhníodh i gceantar Bhéal an Mhuirthead idir 13-26 Deireadh Fómhair.

Ardú a bhí i dtoghcheantar Chathair na Mart, mar a bhfuil Tuar Mhic Éadaigh ó 229 go dtí 294. 54 cás nua a deimhníodh ann idir 13-26 Deireadh Fómhair.

I gcontae na Mí, ráta 497 atá i dtoghcheantar Bhaile Átha Troim, mar a bhfuil cuid de Ghaeltacht Ráth Chairn. Ráta 485 atá i dtoghcheantar Cheannanais, mar a bhfuil an chuid eile de Ghaeltacht Ráth Chairn agus Bhaile Ghib.

Ó dheas i dtoghcheantar an Neidín, áit a bhfuil Gaeltacht Uíbh Ráthaigh lonnaithe, thit an ráta coicíse ó 164 go dtí 100.

25 cás ar fad a aimsíodh sa toghcheantar idir 13-26 Deireadh Fómhair.

Tá an tríú ráta is airde sa tír i gcathair na Gaillimhe Láir. Ráta 981 a bhí ann idir an 6-19 Deireadh Fómhair, ach ráta 1019 atá i gceist de réir na bhfigiúirí nua a foilsíodh aréir.

Tá an ráta coicíse is airde sa stát fós i mBaile Shéamais Dhuibh, toghcheantar i gcontae an Chabháin. 1,484 an ráta a bhí ann idir 13-26 Deireadh Fómhair.

Fág freagra ar 'Deisceart Chonamara ar na ceantair is measa sa stát ó thaobh Covid-19, Corca Dhuibhne an áit is lú atá buailte'

  • An Teanga Bheo

    Tubaiste ceart an t-eolas seo go raibh biseach ar rudaí go luath.