Deis ag na hÉireannaigh ar an Leacht agus na réalta móra as láthair

Cé go bhfuil duaischiste níos mó ag an Irish Open an tseachtain seo ná mar atá ag an gcomórtas PGA atá ar siúl i Meiriceá, fós bíonn sé deacair na réalta móra idirnáisiúnta a mhealladh go hÉirinn

Deis ag na hÉireannaigh ar an Leacht agus na réalta móra as láthair

Shane Lowry. Pictiúr: INPHO/Oisin Keniry

Tá sé deich mbliana ó cuireadh Shane Lowry in aithne don saol mór nuair a bhuaigh sé an Irish Open agus tá fear Uíbh Fhailí anois ag ceann ghrúpa Éireannach atá ag iarraidh an comórtas a thabhairt leo Dé Domhnaigh.

Agus cinneadh déanta ag Rory McIlroy gan páirt a ghlacadh i gcomórtas na bliana seo, a gcuirfear tús leis ar ghalfchúrsa an Leachta ar maidin, meastar gurb é Lowry an tÉireannach is mó a bhfuil seans aige an comórtas a thabhairt leis.

Chuir sé tús iontach leis an mbliain nuair a bhuaigh sé an Abu Dhabi HSBC Championship mí Eanáir agus chríochnaigh sé san ochtú háit ag an PGA Championship le déanaí agus sa dara háit ag an Canadian Open.

Mar sin féin, cé go bhfuil taithí ag Lowry ar chúrsa an Leachta ó bheith ag imirt i gcomórtas amaitéarach an South of Ireland Championship, a imrítear in iarthar an Chláir gach bliain, níor éirigh rómhaith leis ann riamh.

Bhuaigh Graeme McDowell (2000) agus Darren Clarke (1990) an ‘South’ agus chríochnaigh Pádraig Harrington sa dara háit faoi dhó ann, agus is cinnte go mbeadh an-cheiliúradh ann dá n-éireodh le duine den triúr sin an tseachtain seo.

I measc na nÉireannach eile a bheidh ag imirt an tseachtain seo, beidh fear na nDéise Séamus Power, a bhíonn ag imirt i Meiriceá den chuid is mó, agus Paul Dunne.

Faraor, ní bheidh na réalta móra idirnáisiúnta uile le feiceáil an deireadh seachtaine seo. Is é John Rahm (11) an t-imreoir is airde ar rangú an domhain a bheidh ag glacadh páirte sa chomórtas agus é ag iarraidh é a bhuachan den dara huair.

Tá Rahm ar dhuine de cheathrar atá sa chéad 25 áit ar domhain a bheidh ag imirt an tseachtain seo. Is iad an triúr eile Matt Wallace, Tommy Fleetwood agus Louis Oostheuizen.

Ní hí ceist an airgid an chúis atá ag cuid de na himreoirí is mó le rá gan bacadh leis an Irish Open. Tá duaischiste €6.2 milliún ar fáil an tseachtain seo, níos mó ná a bheidh ar fáil ag an gcomórtas PGA a bheidh ar siúl i Meiriceá an deireadh seachtaine seo ach ní fheileann an cúrsa nó an dáta go leor de na himreoirí is fearr ar domhan.

Níl mórán cleachtaidh ag imreoirí Meiriceánacha ar ghalfchúrsaí dumhcha nó ar an ngaoth a bhíonn ag séideadh cois farraige ag na cúrsaí seo agus b’fhearr leo iad a sheachaint.

Fiú iad siúd atá ag iarraidh cleachtadh a fháil ar an stíl ghailf sin roimh thús an British Open, a imrítear ar chúrsa dumhcha, is féidir an taithí sin a fháil ag an Scotish Open, a bheidh á reáchtáil an tseachtain seo chugainn.

Ní bhíonn imreoirí ag iarraidh imirt trí seachtaine as a chéile roimh cheann de mhórchomórtais an ghailf agus sin is cúis le cinneadh McIlroy agus go leor galfairí eile gan imirt i gcontae an Chláir an tseachtain seo.

Tá go leor daoine in Éirinn nach n-aontaíonn le cinneadh McIlroy ach murach an obair atá déanta ag fear an Dúin le roinnt blianta anuas, gach seans nach mbeadh an Irish Open ann ar chor ar bith.

Tá an Irish Open anois ar cheann de na comórtais is luachmhaire ar an European Tour ach mura n-athraítear dátaí an chomórtais, beidh sé deacair i gcónaí na réalta móra a mhealladh.

Fág freagra ar 'Deis ag na hÉireannaigh ar an Leacht agus na réalta móra as láthair'