Deis ag foireann na hÉireann bóthar fada a dhéanamh gearr in aghaidh na hAlban

Ní bheidh mná na hÉireann cinnte d’áit ag Corn an Domhain 2023 má bhuann siad a gcluiche i nGlaschú anocht ach céim mhór i dtreo an chomórtais a bheadh ann

Deis ag foireann na hÉireann bóthar fada a dhéanamh gearr in aghaidh na hAlban

Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Albain v Éire – Hampden Park, 8.00 (Beo ar RTÉ 2)

D’fhéadfadh mná na hÉireann áit a bhaint amach ag ceann de na mórchomórtais sacair den chéad uair riamh agus iad ag tabhairt aghaidh ar Albain i gcluiche cáilithe anocht.

Ní bheidh Éire cinnte d’áit ag Corn an Domhain 2023 má bhuann siad i nGlaschú ach céim mhór i dtreo an chomórtais mhóir a bheadh ann toradh maith a fháil. Tá an-dul chun cinn déanta ag an bhfoireann faoi cheannas Vera Pauw le cúpla bliain anuas agus léiriú maith ar an dul chun cinn a bheadh i mbua anocht.

Próiseas casta go leor é d’Éirinn áit a bhaint amach ag Corn an Domhain, a bheidh á reáchtáil san Astráil agus sa Nua-Shéalainn an bhliain seo chugainn. Cé go bhfuil trí chluiche cáilithe á n-imirt anocht – tabharfaidh an Phortaingéil aghaidh ar an Íoslainn agus imreoidh an Bhreatain Bheag in aghaidh na hEilvéise chomh maith – ní rachaidh ach dhá fhoireann a bhuafaidh anocht díreach chuig Corn an Domhain.

Faoi láthair, tá Éire rangaithe sa tríú háit as na sé fhoireann, iad taobh thiar den Íoslainn agus den Eilvéis. Fágann sin go gcaithfidh Éire a gcluiche a bhuachan agus go gcaithfeadh an Phortaingéil nó an Bhreatain Bheag teacht aniar aduaidh ar a gcéilí comhraic, chun go mbeadh Éire cinnte d’áit ag Corn an Domhain.

Tá an dá chluiche eile sin ag tosú níos luaithe ná ceann na hÉireann, rud a fhágann go mbeidh a fhios ag Vera Pauw agus a cuid imreoirí ag leath ama i bPáirc Hampden cén toradh atá ag teastáil chun cáiliú díreach don chomórtas san Astráil agus sa Nua-Shéalainn.

Ní hé deireadh an domhain a bheadh ann dá mbeadh ar Éirinn an bóthar níos faide a thógáil, áfach. Rachadh siad ar aghaidh chuig comórtas cáilithe eile, ina mbeidh trí áit i gCorn an Domhain ar fáil, agus meastar go mbeadh Éire cuid mhaith níos fearr ná na foirne eile a bheidh ag glacadh páirte sa chomórtas sin.

Is féidir dearmad a dhéanamh air sin uile mura n-éiríonn le hÉirinn anocht, áfach.

Tá Éire buailte ag roinnt gortuithe agus iad ag fáil réidh don chluiche mór. Is mór an chailliúint í Meghan Connolly, a gortaíodh in aghaidh na Fionlainne. Is i lár na páirce a imríonn sí d’Éirinn den chuid is mó ach i measc na gcosantóirí, in áit Niamh Fahey, a bhí Connolly nuair a gortaíodh í. Tá Fahey féin ar fáil arís anocht ach tá Jessica Ziu agus Ruesha Littlejohn anois gortaithe, rud a fhágann go bhfuil Éire gann go maith i lár na páirce. Rinne Lily Agg go maith nuair a tháinig sí isteach in áit Littlejohn in aghaidh na Fionlainne ach beidh le feiceáil cé a roghnaíonn Pauw anocht.

Níl teacht ag an mbainisteoir ar Leanne Kiernan ná Ellen Molloy ach an oiread, beirt lán fuinnimh i measc na dtosaithe. Bhí fadhb ag an bhfoireann deiseanna a chruthú le cúpla cluiche anuas ach beifear ag súil go mbeidh Kyra Carusa in ann cuidiú leis an ngné sin den imirt agus í fillte ar an scuad.

Beidh foireann na hAlban lán misnigh freisin tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar an Ostair i réamhbhabhta cáilithe an tseachtain seo caite. Theastaigh am breise sa chluiche sin, rud a d’fhéadfadh a bheith ina bhuntáiste ag Éirinn, ach ar an dtaobh eile den scéal táthar ag súil le slua mór i Hampden chun tacú leis an bhfoireann bhaile.

Beidh taithí agus cumas Katie McCabe agus Denise O’Sullivan cinniúnach arís má tá Éire chun an beart a dhéanamh. Seans go mbeifear ag brath ar chiceanna saora agus ciceanna cúinne chun na deiseanna a chruthú ach má bhíonn Louise Quinn in ann a cloigeann a chur le ceann agus an cluiche a bhuachan, d’fhéadfadh mná na hÉireann gaisce stairiúil a dhéanamh.

 

Fág freagra ar 'Deis ag foireann na hÉireann bóthar fada a dhéanamh gearr in aghaidh na hAlban'