Deis ag Cúige Mumhan dul níos airde, Cúige Chonnacht i ladhar an chasúir

Beidh Cúige Mumhan ag súil le tógáil anocht ar an mbua breá a bhí acu ar Chúige Uladh an tseachtain seo caite

Deis ag Cúige Mumhan dul níos airde, Cúige Chonnacht i ladhar an chasúir

Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

D’éirigh leis na Muimhnigh iad féin a chur ar ais san iomaíocht i gcomórtas an URC leis an mbua iontach sin i gcoinne na nUltach i mBéal Feirste an Domhnach seo caite, ach beidh sé deacair acu fanacht san áit a bhfuil siad nó dul níos airde sa tábla.

Anocht i bPáirc Musgrave, cuirfidh foireann Graham Rowntree fáilte roimh Lions na hAfraice Theas, foireann atá san 11ú háit ar an tábla, dhá áit agus trí phointe taobh thiar de Chúige Mumhan. Níl ach deich gcluiche imeartha ag na Lions i gcomparáid leis an 11 a d’imir Cúige Mumhan go dtí seo. Chonaiceamar imirt iontach ó Chúige Mumhan ag deireadh an chluiche i gcoinne Chúige Uladh agus rinne siad sárchosaint sa gcéad leath sa gcluiche céanna. Má dhéanann siad an rud céanna anocht beidh sé deacair ar na Lions. Tá deis ag na Muimhnigh dul níos airde ar thábla an URC anocht ach caithfidh siad a bheith an-chúramach.

Amárach tabharfaidh Cúige Uladh aghaidh ar thuaisceart na hIodáile le tabhairt faoi Benettonfoireann atá ceithre áit taobh thiar díobh sa seachtú háit ar an tábla. Ná bíodh aon dul amú ort maidir le Cúige Uladh. In ainneoin go bhfuil siad sa tríú háit ar thábla an chomórtais, níor bhuaigh siad ach cluiche amháin as a gceithre iarracht deiridh agus bhí an t-ádh dearg leo an bua dhá phointe sin a fháil ar Chúige Chonnacht.  Tá na maidí ligthe le sruth ag na hUltaigh faoi láthair agus má theipeann orthu arís amárach beidh cruachás i gceist go cinnte, ó thaobh muiníne go háirithe.

Beidh dúshlán ollmhór roimh na Connachtaigh amárach agus iad ag cur fáilte go Gaillimh roimh Sharks na hAfraice Theas. Scarann ocht n-áit agus naoi bpointe na foirne seo, agus na Sharks atá chun cinn sa gcúigiú háit le 29 pointe. Is fiú a mheabhrú freisin nach bhfuil ach naoi gcluiche imeartha ag na Sharks i gcomparáid leis an 11 cluiche a d’imir Cúige Chonnacht go dtí seo. Sea, tá dúshlán mór roimh na Connachtaigh ach tá fáil acu ar a gcuid imreoirí idirnáisiúnta –  Bundee Aki, Finlay Bealham agus Matt Hansen – don choimhlint seo. Tá foireann Andy Friend i ladhar an chasúir faoi láthair.  Caithfidh siad troid anois agus iad sa mbaile. Cluas bhodhar a thabharfar d’aon leithscéal.  Tá lá na leithscéalta caite.

As baile sa mBreatain Bheag, a bheas Cúige Laighean, foireann nár chaill aon chluiche fós an séasúr seo.  Fiú agus gan fáil acu ar Johnny Sexton, ní dócha go mbeidh aon deacrachtaí ag foireann Leo Cullen. Bearna ollmhór – aon áit déag – atá idir iad agus na hOspreys. Sé chluiche as 11 ceann atá caillte ag na hOspreys ó thús an tséasúir seo agus bhí siad cothrom faoi dhó. Mar sin féin, bhí bua maith as baile acu ar Caerdydd i mBabhta 11, bua a chuirfeas go mór lena gcuid muiníne cé nach mbeidh an lá leo.

Fág freagra ar 'Deis ag Cúige Mumhan dul níos airde, Cúige Chonnacht i ladhar an chasúir'