Deireadh tagtha le cruinnithe faoin Straitéis 20 Bliain agus tuarascáil le hullmhú

Ghlac 55 duine páirt sa phlé a rinneadh inné ar a bhfuil déanta agus le déanamh mar gheall ar fheidhm a thabhairt do Straitéis 20 Bliain na Gaeilge

Straiteis 20 bliainTá deireadh tagtha le sraith cruinnithe a reáchtáil an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta timpeall na tíre faoi dhul chun cinn na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge. Ba i dTúr an Chloig, ar champas na Roinne Oideachais agus Scileanna, a reáchtáladh an ‘cruinniú mullaigh’ tráthnóna inné. 

I láthair ag an gcruinniú bhí ionadaithe ó eagrais éagsúla Ghaeilge, na ranna Stáit, na meáin Ghaeilge agus grúpaí eile, chomh maith le hionadaithe ón Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta i dTuaisceart Éireann, a bhfuil straitéis dá gcuid féin tugtha isteach acu le bliain anuas. 

Tugadh léargas ar an méid, dar le dreamanna éagsúla, a baineadh amach faoin Straitéis ó tugadh isteach an chéad lá í cothrom an ama seo cúig bliana ó shin. Ina measc siúd a rinne amhlaidh, bhí Beirtí Ó hAinmhire agus Séamus Mac Giolla Chomhaill, ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta; Steve Ó Culáin, príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta; agus Ferdie Mac an Fhailigh, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge. 

I ndiaidh chaint na bpríomhoifigeach, bhí díospóireacht ghrúpaí ann idir rannpháirtithe an chruinnithe, bunaithe ar chúig mhórthéama: an tOideachas; An Teaghlach agus an Pobal sa Ghaeltacht; an Teaghlach agus an pobal taobh amuigh den Ghaeltacht; Seirbhísí Poiblí; agus na Meáin Chumarsáide agus an Teicneolaíocht. 

Mhair an plé agus an díospóireacht idir na grúpaí, ina raibh 55 duine páirteach, ar feadh tuairim is uair go leith. Ag deireadh na díospóireachta, labhair urlabhraí ó na grúpaí éagsúla os comhair an tslua agus thug léargas ar an méid a pléadh agus na topaicí is mó a tháinig chun cinn le linn an chomhrá. 

Ba í Anna Davitt ó Fhoras na Gaeilge a labhair thar ceann lucht na meán cumarsáide agus na teicneolaíochta. Ba é an príomhmholadh a tháinig chun cinn ón ngrúpa sin ná cé go bhfuil freastal maith á dhéanamh ag na meáin Ghaeilge ar phobal na Gaeilge, go raibh bearna shuntasach ann do chainteoirí Gaeilge atá sna déaga agus faoi bhun 11 bliain d’aois.

Dúradh freisin go raibh gá le forbairt infreastruchtúir i gceantair tuaithe timpeall na tíre le go mbeadh teacht ag daoine sna ceantair sin ar na seirbhísí Gaeilge nach bhfuil ar fáil ach ar líne. 

Labhair Muireann Ní Mhóráin, ón gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, thar ceann an ghrúpa a phléigh dul chun cinn na Gaeilge sa chóras oideachais faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.

Leag an grúpa sin an-bhéim ar an maolú atá déanta ar an gcúrsa Gaeilge don Ardteistiméireacht le blianta beaga anuas agus dúradh go gcaithfeadh siollabas agus curaclam dúshlánach a thabhairt isteach do na daltaí scoile. Moladh, áfach, an dul chun cinn atá déanta ó thaobh an oideachais bunscoile le roinnt míonna anuas agus an iarracht atá déanta ag an Roinn Oideachais dul i ngleic leis na fadhbanna atá ann don chainteoir cumasach Gaeilge i láthair na huaire. 

Ba é Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, a labhair faoi na tuairimí a tháinig chun cinn maidir leis an nGaeilge sa tseirbhís phoiblí. Moladh ranna éagsúla as an méid atá déanta chun an Ghaeilge a chur chun cinn ach dúradh freisin nár leor an méid a bhí á dhéanamh. Tá ‘dea-thoil sna ranna’, a dúradh, ach toisc nach bhfuil aon chaighdeán leagtha síos do na ranna ar fad, is minic a bhíonn drogall ar an bpobal seirbhísí Gaeilge a lorg.

Caithfear dul i ngleic leis an bhfadhb sin má tá ardú le theacht ar ‘líon na ndaoine a úsáideann seirbhísí Stáit trí Ghaeilge’, ceann de spriocanna na Straitéise. Moladh freisin go n-ardófaí go 30% líon na ndaoine a d’fhostófaí le Gaeilge sa Státseirbhís toisc ‘nach leor’ an céatadán díobh atá ann faoi láthair. 

Labhair Lorcán Mac Gabhann, Glór na nGael, agus Máire Ní Mhainnín, Údarás na Gaeltachta, faoi na tuairimí a léiríodh faoin teaghlach agus an pobal taobh amuigh den Ghaeltacht agus taobh istigh den Ghaeltacht faoi seach. Ba é an tuairim choitianta a léirigh na grúpaí sin ná go raibh feabhas tagtha ar chúrsaí ó tugadh an Straitéis isteach sa bhliain 2010, ach arís eile go bhféadfaí i bhfad níos mó a dhéanamh chun na spriocanna a leagadh síos cúig bliana ó shin a bhaint amach faoi 2030. Tugadh suntas don ‘easpa spriocamanna’ atá luaite sa Straitéis.

Ba é cruinniú an lae inniu an ceathrú ceann agus an ceann deiridh de shraith cuinnithe a reáchtáladh sna mórchontaetha Gaeltachta le coicís anuas. Bhí trí chruinniú ann roimhe seo, ceann i nDún na nGall, ceann i nGaillimh agus ceann i gCiarraí. 

Labhair Tuairisc.ie le roinnt ceannairí pobail atá ag plé le pleanáil teanga sna ceantair Ghaeltachta i ndiaidh na gcruinnithe sin agus ní mó ná sásta a bhí a bhformhór leis an dul chun cinn atá déanta faoin Straitéis go dtí seo.

Dúradh gur bhraith an pobal [Gaeltachta] go raibh an Roinn tar éis iad a thréigean agus ualach na pleanála teanga á leagan anuas orthu gan acmhainní mar is ceart a chur ar fáil. In aigheacht réamhbhuiséid a d’ullmhaigh Roinn na Gaeltachta féin anuraidh, dúradh go raibh an méid a bhí i ndán don Straitéis 20 Bliain Don Ghaeilge idir dhá cheann na meá.

San aighneacht sin a chuir an Roinn faoi bhráid an Rialtais, dúradh go raibh an Straitéis ag ‘pointe leochaileach’ agus tugadh le fios go raibh an baol ann go gceapfadh pobal na Gaeltachta nach bhfuil an Stát ‘dáiríre’ ná ‘macánta’ faoin teanga.

“The implementation of the 20 Year Strategy is now at a crucial juncture and the support of Gaeltacht communities will be very important.

“It is vital that these communities feel that they have full Government back up and that the State’s efforts with regard to the language are genuine and sincere,” a dúradh in aighneacht na Roinne.

Cuirfear tuarascáil le chéile bunaithe ar an aiseolas a fuarthas ag na cruinnithe Gaeltachta agus cruinniú an lae inné san ardchathair agus cuirfear an tuarascáil sin ar aghaidh chuig an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta roimh dheireadh mhí Eanáir na bliana 2016.

Táthar ag súil go mbeifear in ann na príomhthosaíochtaí straitéiseacha don tréimhse cúig bliana idir 2016 agus 2021 a aithint agus a fhoilsiú.

Fág freagra ar 'Deireadh tagtha le cruinnithe faoin Straitéis 20 Bliain agus tuarascáil le hullmhú'