Deireadh le seirbhís oifig poist i mBaile na nGall 125 bliain i ndiaidh a bunaithe

Ní bheidh fágtha laistiar de bhaile an Daingin i gCorca Dhuibhne feasta ach aon Oifig an Phoist amháin

Deireadh le seirbhís oifig poist i mBaile na nGall 125 bliain i ndiaidh a bunaithe

Beidh Baile na nGall i gCorca Dhuibhne d’uireasa oifig poist den chéad uair le 125 bliain agus teipthe ar An Post aon duine a fháil chun an tseirbhís a sholáthar.

Dúirt urlabhraí ó An Post le Nuacht an Deiscirt ar RTÉ Raidió na Gaeltachta nár éirigh leo teacht ar aon duine a mbeadh suim acu an tseirbhís a chur ar fáil ach a gcuirfear deireadh léi an mhí seo chugainn.

Tá sé i gceist ag Phil Uí Bhrosnacháin, atá ina Máistreás Poist i mBaile na nGall le 34 bliain anuas, éirí as an oifig an phoist agus an siopa grósaera atá aici i mí Mheán Fómhair.

125 bliain ó shin, i Meán Fómhair na bliana 1893, a osclaíodh oifig poist sa bhaile Gaeltachta.

Nuair a dhúnfar oifig Bhaile na nGall, ní bheidh fágtha laistiar de bhaile an Daingin, ceantar ina bhfuil 3,000 duine ag maireachtaint ann, ach aon Oifig an Phoist amháin, oifig Cheann Trá.

Thug urlabhraí ó An Post le fios do Nuacht an Deiscirt ar RTÉ Raidió na Gaeltachta go mbeadh seirbhísí na Roinne Leasa Shóisialaigh a bhíodh ar fáil in oifig Bhaile na nGall ar fáil feasta in oifig an Daingin nó in oifig Cheann Trá, ach ní fhéadfadh sé a rá cé acu oifig.

Údar díomá do Choiste Pobail Bhaile na nGall an scéala go bhfuil an siopa agus an oifig á ndúnadh, go háirithe agus an siopa ar an Muirígh, an baile is cóngaraí do Bhaile na nGall, dúnta chomh maith.

De réir an phlean nua atá ag An Post dá gcuid seirbhísí, deirtear go mbeidh oifig poist aon áit ina bhfuil níos mó ná 500 duine ina gcónaí agus atá 15 ciliméadar ó oifig eile.

Thairg An Post pacáistí le déanaí do lucht riartha 26 oifig poist i gCiarraí chun éirí as an ngnó, ina measc oifigí Bhaile an Sceilg agus Mháistir Gaoithe i nGaeltacht Uíbh Ráthaigh.

Tá cuid mhaith oifigí poist Gaeltachta i measc an 110 oifig a bhfuil suim léirithe ag a n-úinéirí iad a dhúnadh faoi scéim iomarcaíochta An Post.

Tá ceithre oifig an phoist i nGaeltacht Dhún na nGall i measc an 13 oifig poist a d’fhéadfadh a bheith ag dúnadh – oifig an Bhuna Bhig, oifig Dhún Fionnachaidh, oifig Ghort an Choirce agus oifig Mhín an Lábáin.

Tuairiscíodh le déanaí go raibh 110 iarratas ar phacáiste iomarcaíochta faighte ag An Post go dtí seo ar an scéim dheonach ó mháistrí agus máistreásaí poist ar fud na tíre.

Tá súil ag An Post go nglacfaidh 400 oifig le pacáiste iomarcaíochta mar chuid den phlean nua atá acu dá gcuid seirbhísí.

Ar na hoifigí Gaeltachta eile a bhfuil suim léirithe acu sa phacáiste iomarcaíochta, tá na hoifigí in Indreabhán agus i Leitir Mealláin i nGaeltacht Chonamara agus oifig Chorr na Móna i nDúiche Sheoigheach. Ar an liosta chomh maith tá oifig Ghaoth Sáile agus oifig Fhionnaithe i nGaeltacht Mhaigh Eo.

I mí na Bealtaine, dúirt Caroline Uí Ráighne, máistreás phoist na hoifige i Leitir Mealláin i gConamara go raibh fúithi glacadh le pacáiste ó An Post agus an oifig a dhúnadh mar nach mbíonn “dóthain daoine” sa cheantar ag úsáid na seirbhíse.

Dúirt Caroline Uí Ráighne gur geall le hobair dheonach é a bheith i bhfeighil ar oifig an phoist Leitir Mealláin mar nach mbaineann muintir na háite úsáid as na seirbhísí atá á gcur ar fáil inti.

 

Fág freagra ar 'Deireadh le seirbhís oifig poist i mBaile na nGall 125 bliain i ndiaidh a bunaithe'