Deireadh curtha ag RnaG lena gcosc ar fhógraí ar íocaíocht

Chomh maith le fógraí ó chomhlachtaí poiblí a cheadú, deir an stáisiún nach mbeifear ‘ag seasamh sa mbealach’ ar chomhlachtaí príobháideacha ar mhaith leo fógraíocht a dhéanamh

Deireadh curtha ag RnaG lena gcosc ar fhógraí ar íocaíocht

Tá deireadh curtha leis an gcosc ar fhógraí ar íocaíocht ar RTÉ Raidió na Gaeltachta tar éis 50 bliain.

Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo cheana bhí an t-athrú ar an bpolasaí atá ag an stáisiún ó bunaíodh é i 1972 á mheas le tamall mar gheall ar an dualgas reachtúil nua atá ar chomhlachtaí poiblí méid áirithe fógraí a chur i nGaeilge.

Beidh na fógraí á gcraoladh ar bhuille na huaire ar feadh dhá nóiméad go leith gach uair idir 7am agus 7pm. Chomh maith leis na fógraí ó chomhlachtaí poiblí, deir an stáisiún nach mbeifear “ag seasamh sa mbealach” ar chomhlachtaí príobháideacha ar mhaith leo fógra a cheannach.

Faoin reachtaíocht teanga nua tá ar chomhlachtaí poiblí 20% dá bhfógraíocht a dhéanamh i nGaeilge gach bliain agus 5% dá mbuiséad fógraíochta a chaitheamh ar fhógraí ar na meáin Ghaeilge.

An sainmhíniú atá sa reachtaíocht ar na meáin Ghaeilge ná meáin a bhfuil 50% ar a laghad den ábhar a bhíonn acu i nGaeilge amháin.

I nGaeilge amháin a bhíonn RnaG ag craoladh ach ní bheadh aon bhuntáiste aige as an reachtaíocht nua mura gcuirfí deireadh leis an gcosc ar fhógraíocht ar íocaíocht.

Rannóg na Fógraíochta in RTÉ a bheidh ag díol na bhfógraí, ach dúirt Gearóid Mac Donncha, ceannasaí RnaG, go raibh cás “an-láidir” déanta ag foireann bainistíochta an raidió go bhfágfaí an teacht isteach acu le caitheamh ar an tseirbhís.

An plean a bhí ann ná an t-ioncam nua a úsáid le hinfheistíocht chaipitil a dhéanamh sa teicneolaíocht agus le forbairt a dhéanamh ar sheirbhís RnaG agus ar chartlann an stáisiúin.

Dhéanfaí níos mó craoltaí seachtracha chomh maith, a dúirt an ceannasaí.

Dúirt Mac Donncha gur “athrú treo” a bhí ann don stáisiún ach go mbeadh tús áite á thabhairt i gcónaí don phobal.

“Is féidir linne leas a bhaint as sin [an reachtaíocht nua] le cur leis an tseirbhís a chuireann muid ar fáil do phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge. Agus tá súil againn go gcabhróidh an deis seo atá curtha ar fáil dúinn leis an lucht éisteachta,” arsa Mac Donncha agus é faoi agallamh ar Adhmhaidin.

Bheadh na fógraí pobail agus na fógraí báis a chraoltar ar RnaG ar fáil saor in aisce i gcónaí, a dúirt sé.

Fág freagra ar 'Deireadh curtha ag RnaG lena gcosc ar fhógraí ar íocaíocht'