Deireadh curtha le conradh d’athbhreithniú na gceanneagraíochtaí Gaeilge

Chuir an comhairleoir pleanála teanga, Colm Ó Cinnseala tús anuraidh le hathbhreithniú ar na sé cheanneagraíocht atá ag fáil bunmhaoiniú ó Fhoras na Gaeilge

Deireadh curtha le conradh d’athbhreithniú na gceanneagraíochtaí Gaeilge

Tá deireadh curtha leis an gconradh a bhí ag Foras na Gaeilge le comhairleoir chun athbhreithniú a dhéanamh ar obair na gceanneagraíochtaí Gaeilge.

‘Brú ama agus ualach oibre’ ar an gcomhairleoir an t-údar a thug Foras na Gaeilge do Nuacht TG4 tráthnóna le deireadh a bheith curtha leis an gconradh leis an gcomhlacht Seirbhísí Pleanála Teanga.

Chuir an comhairleoir pleanála teanga, Colm Ó Cinnseala tús anuraidh le hathbhreithniú ar na sé cheanneagraíocht atá ag fáil bunmhaoiniú ó Fhoras na Gaeilge ó tugadh isteach córas nua maoinithe an Fhorais cúig bliana ó shin, in 2014.

Tuairiscíodh ar an gclár 7Lá ar TG4 an mhí seo caite gur iarr Foras na Gaeilge go leanfaí ag obair ar an dréacht den tuarascáil athbhreithnithe a bhí curtha ar fáil dóibh ag Colm Ó Cinnseala.

Tuigtear go ndearna Príomhfheidhmeannach an Fhorais teagmháil an tseachtain seo caite le baill Bhord na heagraíochta agus gur thug sé le fios dóibh go rabhthas tagtha ar chomhaontú le Colm Ó Cinnseala faoi dheireadh a chur leis an gconradh. Thug an Príomhfheidhmeannach le fios go raibh an dara cuid den athbhreithniú fós le déanamh agus go bhfostófaí comhlacht eile chun é sin a dhéanamh. Tuigtear go ndúirt sé chomh maith go mbeadh a raibh déanta cheana “an-úsáideach” agus go dteastódh níos mó ná duine amháin chun an chuid eile den obair a dhéanamh.

Thuairiscigh Nuacht TG4 tráthnóna áfach go bhfuil deireadh ar fad curtha anois leis an gconradh a bhí acu le Seirbhísí Pleanála Teanga, conradh arbh fhiú €15,000 é, agus go bhfuil sé i gceist ag an eagraíocht trasteorann comhlacht eile a fhostú chun an t-athbhreithniú ar obair na hearnála deonaí a chur i gcrích.

Tá tús á chur i mbliana chomh maith ag Foras na Gaeilge le hathbhreithniú eile a shocróidh cad atá i ndán do Tuairisc.ie, do Nós.ie agus don iris Comhar.

Cuireadh athbhreithniú ar na meáin sin i gcrích anuraidh, ach tá athbhreithniú eile le déanamh ar an earnáil ag Foras na Gaeilge i mbliana, ina mbeidh taighde breise agus próiseas comhairliúcháin phoiblí mar chuid de.

Níor cuireadh an tuarascáil athbhreithnithe a rinneadh anuraidh ar na foilseacháin faoi bhráid bhord an Fhorais sular glacadh an cinneadh síneadh ama a thabhairt dóibh agus próiseas athbhreithnithe eile a chur ar bun.

Fág freagra ar 'Deireadh curtha le conradh d’athbhreithniú na gceanneagraíochtaí Gaeilge'

  • Seán

    Is léir agus is rí léir anois gur raibh sé soiléir ó thuairisc SPT go bhfuil dochar leanúnach déanta agus á dhéanamh ag Foras na Gaeilge do chur chun cinn na teanga sa tír seo, níl aon spéis acu ach sa 6 chontae.
    Tá bagairt an tseachtain seo do fhostaí ceann de na Ceanneagraíochtaí is gníomhaí sa tír mar go bhfuil diúltaithe ag Foras na Gaeilge maoiniú na bliana seo a cheadú cé go bhfuil grúpaí eile maoinithe ó Samhain seo caite agus tá ceisteanna curtha maidir le comhalta Bord ag sceitheadh eolas le 7Lá (TG4) agus leis an chuí ar láimhseáladh cruinniú Bord an Fhorais ag tús mí na Nollaig.
    É seo anuas ar an gcaoi ar chaitheadh le tuairisc Daltún ar an hirisleabhair &rl, bhfuil an Foras dul ag leanacht nó go bhfaighidh siad tuairisc sásúil?, an bhfuil aon duine i gceannas anseo, Cathaoirleach an Fhorais ?, Roinn na Gaeltachta ?, Aire na Gaeltachta ?, cé acu atá freagrach as bás mall na teanga.

    Deir Conradh na Gaeilge nach bhfuil drogall orthu labhairt ar ábhar ar bith ach níl tada cloiste agam uathu ar seo !

  • Gael

    Hum…. An dara tuairisc a dhiúltaigh an Foras leis. N’fheadar an bhfuil siad chun tuairisc atá níos bádhúla don status quo a choimisiniú?