Cuireadh fáilte roimh fhógra an Aire Stáit Joe McHugh TD ar an 14 Iúil 2015 go raibh síneadh ama cúig bliana eile le cur leis an maolú i leith na Gaeilge san Aontas Eorpach, ach go mbeadh scóip an mhaolaithe á cúngú de réir a chéile sna blianta sin, agus saineolaithe Gaeilge á bhfostú dá réir.
Chuireas féin fáilte chroíúil roimh an dréacht-Rialachán a chuir an Rialtas faoi bhráid na Comhairle, ní hamháin de bhrí gur shíl mé go raibh tionchar áirithe imeartha agam ar a mhúnlú, mar shaoránach agus mar stiúrthóir monatóireachta Stádas, ach freisin de bhrí go raibh sé ina shocrú réasúnta agus pragmatach faoin am sin. Ach má ba chroíúil m’fháilte, b’fháilte í a bhí coinníollach freisin.
Bhí a fhios agam nach raibh an cluiche buaite ná baol air. Bhí próiseas dian idirbheartaíochta fós le teacht, agus sceacha ar dhá thaobh an bhealaigh.
Mar a tharla, cuireadh athruithe suntasacha i bhfeidhm ar an dréacht-Rialachán a sheol an Rialtas i mí Iúil: ach, san iomlán, na leasuithe a rinneadh air, ba mhó go mór de bhuntáiste ná de mhíbhuntáiste do phobal na Gaeilge iad.
Cuireadh tagairt nár ghá don acquis (corpas dlí an AE) agus próiseas tuairiscithe ar dhul chun cinn isteach sa Rialachán, ach baineadh an chealg astu le cur chuige gairmiúil i ndréachtú an Rialacháin.
Fáiltím roimh an Rialachán nua atá anois aontaithe d’aon toil ag Comhairle an AE, agus a mbeidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2017.
Cuirfidh sé síneadh le tréimhse an mhaolaithe, agus déanfaidh sé an maolú a chéimniú amach de réir a chéile agus deireadh a chur leis ag deireadh na bliana 2021. Chun fios fátha na dtéarmaí sa Rialachán a thuiscint, ní mór súil a chaitheamh ar ar tharla le linn na hidirbheartaíochta.
Idirbheartaíocht
Maidir le socruithe i leith na dteangacha oifigiúla agus oibre, is í an Chomhairle an reachtóir aonair, agus an t-aon institiúid ar ceadmhach di dul i mbun idirbheartaíochta le ballstáit ina leith. D’iarr sí ar an gCoimisiún buiséad a ullmhú de réir an dréacht-Rialacháin a bhí molta ag Éirinn. Ar iarratas an Choimisiúin, rinneadh an sainordú sin a leathnú de bheagán, le saincheisteanna gaolmhara a chur san áireamh ina mheasúnú. Mar a tharla, bhí a sheasamh féin ar cheist an mhaolaithe á fhorbairt ag an gCoimisiún le tamall maith roimhe sin.
Tionóladh cruinniú idir Rialtas na hÉireann agus an Coimisiún ar an 10 Méan Fómhair 2015, agus chlaochlaigh an Coimisiún an cruinniú sin ina sheisiún idirbheartaíochta maidir leis an maolú.
D’éiligh an Coimisiún, ar bhealach an-tréan, go gcuirfeadh an Rialtas clásal athbhreithnithe isteach sa dréacht-Rialachán molta, agus go nglacfadh sé bearta chun na codanna den acquis nach raibh ar fáil i nGaeilge a aistriú.
Ba mhian leis an gCoimisiún go mbeadh an dá ní seo ina gcoinníollacha do chur i bhfeidhm na n-incrimintí fostaíochta de réir a chéile, agus d’éag an mhaolaithe féin ag deireadh na bliana 2021.
Chruthódh coinníollacha dá leithéid an athuair an éiginnteacht a rinne dochar thar cuimse don phróiseas oiliúna agus earcaíochta go dtí seo, agus is é is dóichí ná a mhalairt go leanfaí den mhaolú arís ón mbliain 2022 ar aghaidh dá ndeasca.
Chomh maith leis sin, áfach, ba é mo thuairim mheáite go raibh an Coimisiún, ina chuid gníomhaíochtaí i leith an mhaolaithe, ag sárú ní hamháin an sainordú a tugadh dóibh, ach conarthaí an Aontais Eorpaigh freisin, agus go háirithe an fhoráil a leagann síos gurb í an Chomhairle an reachtóir aonair sa chás seo.
Bhí doiciméid á ndáileadh ag an gCoimisiún a raibh d’aidhm acu, i mo thuairim, aeráid dhiúltach tuairimíochta a chruthú d’fhonn go gcuirfí brú ar an Rialtas a dhréacht-Rialachán a athrú. Bhí eolas míchruinn iontu faoi líon phobal na Gaeilge, agus ráitis áibhéalacha agus mhíthreoracha maidir le riachtanas an acquis.
Le scéal fada a dhéanamh gairid, rinne mé gearán foirmiúil le hUachtarán an Choimisiúin, Jean-Claude Juncker. D’iarr mé go gcuirfeadh an Coimisiún stop láithreach leis an sárú conartha a bhí á chur ina leith agam, agus go gcuirfeadh sé deireadh le feachtasaíocht pholaitiúil a raibh sé mar aidhm aici, i mo thuairim, treascairt a dhéanamh ar an gceart atá ag Rialtas ballstáit tabhairt faoina chuspóirí polaitiúla a bhaint amach tríd an gComhairle gan cur isteach míchuí ón gCoimisiún.
Sheol seisean an gearán ar aghaidh chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin agus Coimisinéir do Bhuiséad agus d’Acmhainní Daonna, Kristalina Georgieva, a raibh na cúrsaí seo faoina cúram. Is dóigh liom gur bhain mo ghearán an ghaoth de sheolta an Choimisiúin agus gur mhaolaigh sé a chur chuige.
Fuaireas freagra cuimsitheach ar ball ón Leas-Uachtarán Georgieva, sínithe aici féin, a thug le fios go raibh gníomhartha an Choimisiúin dírithe ar spriocanna an dréacht-Rialacháin a bhaint amach, agus go raibh a ullmhúcháin déanta ar bhealach a bhí lánurramach agus gan dochar d’inniúlacht na Comhairle cinneadh a dhéanamh faoin ábhar.
Cuirfidh mé na doiciméid seo ar fáil amach anseo. Bhí sé mar bhunphrionsabal agam i rith an ama gan aon rud a rá ná a dhéanamh go poiblí a chruthódh deacrachtaí don taobh Éireannach san idirbheartaíocht.
Chuireas cóipeanna de na doiciméid a bhain le mo ghearán chuig an Rialtas, agus chuireas faoina bhráid freisin páipéar a léirigh mo bharúlacha faoin idirbheartaíocht agus a rinne moltaí maidir leis an acquis, le haon athbhreithniú a bhí á bheartú, agus le hábhar agus le hamchlár na n-incrimintí.
Cad atá sa Rialachán nua?
Maidir leis an acquis, socraíodh sa deireadh go luafaí é, ar bhealach neamhurchóideach, sna haithrisí ag tús an Rialacháin. Níl aon choinníoll ag baint leis.
Socraíonn Airteagal 1 an Rialacháin go gcuirfear síneadh cúig bliana le tréimhse an mhaolaithe, ach go mbeidh méid na reachtaíochta a aistreofar go Gaeilge á mhéadú in incrimintí de réir a chéile le linn an mhaolaithe.
Forálann Airteagal 2 go mbeidh dlúthchaidreamh idir an Rialtas agus an Coimisiúin, i gcomhpháirt leis na hinstitiúidí eile, chun a chinntiú go ndéanfar líon leordhóthanach pearsanra le Gaeilge a earcú do na hincrimintí agus don chóras iomlán ag deireadh téarma.
Cé nach luaitear an focal ‘athbhreithniú’ – agus is dóigh liom gur d’aon ghnó gur mar sin atá – iarrtar ar an gCoimisiún tuarascáil a chur ar fáil ar an dul chun cinn maidir leis na hincrimintí faoi Dheireadh Fómhair 2019.
Ach ní cheanglóidh an tuarascáil seo an Chomhairle ar aon bhealach. Beidh sí in ann athruithe a dhéanamh ar amchlár na n-incrimintí má thograíonn sí, ach é sin a dhéanamh d’aon toil. Ciallaíonn sé sin go mbeadh ceart ag an Rialtas aon athrú a chrosadh.
Socraíonn Airteagal 3 go mbeidh ar an gCoimisiún tuarascáil eile a réiteach roimh Mheitheamh 2021, an uair sin faoi chumas na n-institiúidí, seirbhís iomlán a chur ar fáil ó thús na bliana 2022.
Arís ar ais, ní gá go nglacfadh an Chomhairle le hábhar na tuarascála, ná le haon mholtaí a bheadh inti. Soiléiríonn Airteagal 4, ar bhealach an-tréan, go dtiocfaidh deireadh leis an maolú ar an 31 Nollaig 2021 mura nglacfaidh an Chomhairle, d’aon ghuth, le Rialachán nua.
Is féidir leis an gComhairle maolú a chur i bhfeidhm maidir le haon teanga oifigiúil, ach is próiseas casta é a éilíonn cinneadh d’aon toil. Arís, bheadh ceart crosta ag Éirinn, agus ní fhéadfaí glacadh le haon mhaolú nua gan toil ár Rialtais.
Breis is bliain ó shin, scríobhas an méid seo a leanas in alt faoin maolú ar Tuairisc.ie:
‘Ní dóigh liom go dteastaíonn fadú dá leithéid, ach má tharlaíonn sé bheadh sé riachtanach go bhforálfaí go soiléir sa Rialachán go dtiocfaidh deireadh leis an maolú, go huile agus go hiomlán, ag deireadh na tréimhse sin, gan aon fhoráil athnuachana a bheith i gceist.’
Ba í an fhoráil athnuachana croí na ndeacrachtaí a bhain leis an bpróiseas oiliúna go dtí seo. Ag deireadh na hidirbheartaíochta, cuireadh Airteagal 5 isteach sa Rialachán: déanann an tAirteagal seo an fhoráil athnuachana a aisghairm. Ba ghníomh fíorthábhachtach é seo. Tá an roth athnuachana a chothaigh éiginnteacht curtha ar ceal.
Maidir leis an idirbheartaíocht agus an Rialachán nua a tháinig mar thoradh uirthi, is mian liom an Rialtas agus a idirbheartaithe a mholadh as a ndiongbháilteacht agus as a gcur chuige gairmiúil, agus as comhairle a ghlacadh nuair ba ghéire an brú orthu.
Foilseoidh mé doiciméid éagsúla a bhaineann leis an maolú amach anseo, agus déanfaidh mé cur síos ar na himpleachtaí oiliúna, fostaíochta, agus buiséid a éiríonn ón Rialachán nua.
Beidh líon mór postanna ardleibhéil ar fáil do phobal na Gaeilge de bharr an athraithe. Cuirfear suim mhór airgid as an mbuiséad Eorpach ar fáil i gcomhair na socruithe nua. Beidh ardchumas sa Ghaeilge aitheanta mar chaipiteal teangeolaíoch ar bhealach níos treise ná riamh san Aontas Eorpach. Beidh aitheantas níos fearr ann freisin do thábhacht na Gaeilge in oidhreacht chultúrtha agus liteartha na hEorpa.
Seán Mag Leannáin
Comhghairdeas le Pádraig B. Ó Laighin as an ngaisce a rinne sé san idirbheartaíocht seo. Déanann Airteagal 5 a cuireadh isteach sa Rialachán an fhoráil athnuachana a aisghairm. Mar a deir Pádraig, ‘tá an roth athnuachana a chothaigh éiginnteacht [go dtí seo] curtha ar ceal… Beidh ardchumas sa Ghaeilge aitheanta mar chaipiteal teangeolaíoch ar bhealach níos treise ná riamh san Aontas Eorpach. Beidh aitheantas níos fearr ann freisin do thábhacht na Gaeilge in oidhreacht chultúrtha agus liteartha na hEorpa.’ Tréaslaíonn Pádraig leis ‘an Rialtas agus a idirbheartaithe … as a ndiongbháilteacht agus as a gcur chuige gairmiúil, agus as comhairle a ghlacadh nuair ba ghéire an brú orthu’ ach is léir gurbh eisean an duine ceart san áit cheart nuair ba ghaire an gad don scornach san idirbheartaíocht. Táimid uilig go mór faoi chomaoin aige.
Éamonn Ó Gribín
Maith thú a Phádraig!