Canaimis ‘Olé Olé’ do Dhóirín Mhic Mhurchú agus do laochra Nemeton

Níl a fhios cén difríocht a dhéanann an tionscal teilifíse i gceantar beag Gaeltachta….

Canaimis ‘Olé Olé’ do Dhóirín Mhic Mhurchú agus do laochra Nemeton

Uair sa tseachtain agus mé ag obair ar an bpáipéar Amárach fadó, bhíodh sé de dhualgas orm dhá thuairisc spóirt a ghlacadh ar an bhfón – ceann ó Mhicheál Ó Muircheartaigh agus ceann eile ó Dhóirín Mhic Mhurchú.

Bhí ardteicneolaíocht i gceist leis an ngnó seo. Ba é an sáririseoir Pól Mac an Draoi, nach maireann, an t-eagarthóir. Thug sé nósanna nua oibre isteach –  an seastán fóin a bhí ina sheasamh ar do ghuaillí, mar shampla, fad is a bhíodh tú ag scríobh na tuairisce amach de láimh.

Bhí mé ag smaoineamh ar Dhóirín an tseachtain seo agus scéal mór na craoltóireachta ag teacht chugainn Dé Domhnaigh:

Sciar 30% den lucht féachana ag TG4 do Chluiche Ceannais Peile na mBan agus TG4 an cainéal ba mhó lucht féachana in Éirinn an lá sin.

An comhlacht Nemeton as an Rinn a bhí i mbun an chraolta.

Cé go raibh níos mó ná an fón ag Nemeton nuair a thosaigh siad i mbun craoltóireachta ar dtús ba bheag eile a bhí acu. Ach bhí an síol curtha ag Dóirín i bhfad siar nuair a chinn a mac Irial cos a leagan i saol na teilifíse.

I bpíosa breá a scríobh m’iar-chomhghleacaí Mártan Ó Ciardha ar Ainm.ie,  deir sé gur beag post i saol CLG sa Rinn nach raibh ag Dóirín lá den saol.

Nach í a bheadh bródúil as an méid atá bainte amach ag a mac Irial sa lá inniu?

60 duine atá fostaithe go lánaimseartha i Nemeton agus fostaítear suas le 150 eile a bhfuil saorchonarthaí acu i réimsí éagsúla na teilifíse.

Cé gurb é an soláthar spóirt do TG4, bunchloch na hoibre, ní fhéadfaí obair lánaimseartha buan a chur ar fáil d’fhoireann mhór gan clocha eile a bheith ar a bpaidrín acu.

Ar na comhlachtaí agus na craoltóirí eile a n-oibríonn siad leo tá BBC Alba, Sky Sports, eir sports, Channel 4, RTÉ, CLG iad féin, agus 7 Sport. Soláthraíonn siad giotaí agus buaicphointí d’Aer Lingus agus déanann siad físeáin do chomhlacht grianghrafadóireachta  i Nua-Eabhrac, Adorama. Soláthraíonn siad foireann agus áiseanna freisin don chainéal siopadóireachta Evine Live.

Ar nós go leor rudaí eile sa saol, ba trí thimpiste – nó ar a laghad ní raibh aon súil leis – a tháinig an comhlacht ar an saol.

Sular bunaíodh TnaG, bhí Irial agus cairde leis ag súil go mbunófaí stáisiún teilifíse a mbeadh fostiúideo aige sa Rinn. Ach nuair a bunaíodh an stáisiún, ba léir nach ar an múnla sin a d’oibreodh sé.

Chinn Irial ar an bpointe comhlacht dá chuid féin a bhunú. Agus chonaic sé an tábhacht a bhain le craoladh beo ar an spórt.

Tá grianghraf ann ón ré úd nuair nach raibh aige ach seanbhord cistine, ar a raibh  teilifís den déanamh ‘Beko’, ríomhaire ‘Mac,’ chomh maith le cúpla píosa fearas proifisiúnta agus mias mhór satailíte taobh amuigh. Chuir sé tús le craoladh spóirt ar TnaG le Olé, Olé, cluichí sacair ón Spáinn.

Shíl sé go raibh an buaicphointe sroichte aige nuair a chuala sé Gay Byrne ar Raidió RTÉ ag rá, ‘Spanish soccer- why?’.

‘Why not?’ a dúirt Irial leis féin.

Comhlacht go bhfuil rath air is ea Nemeton sa lá inniu. Ní bheadh sé ann murach TG4. “Táimid ag brath beagnach 80% ar TG4,” a deir Irial. Ach chonaic sé an chontúirt a bhain leis an ngaol sin freisin, nuair a bhí siad go hiomlán ag brath ar an soláthar don stáisiún.

Nuair a bhuail an galar crúb is béil an tír gan choinne, tháinig deireadh tobann le cluichí, agus deireadh dá réir leis an obair. Mhair an éigeandáil ar feadh sé seachtaine, mar is cuimhin leis go maith. Chuaigh sé amach ag cuartú conarthaí breise.

Thug mé cuairt ar Nemeton anuraidh agus chonaic mé fianaise na hoibre sin – daoine ag réiteach cláracha faisnéise don tsraith Laochra Gael, daoine ag eagarthóireacht, mic léinn ag freastal ar chúrsa bliana, lucht ceamara, fuaime, foireann stiúideo agus go leor eile.

Agus ar ndóigh, i gceantar beag Gaeltachta níl a fhios cén difríocht a dhéanann an tionscal teilifíse seo. Tá comhlachtaí eile seachas Nemeton ag treabhadh an ghoirt seo sa Rinn anois.

An t-ioncam a fhaigheann Nemeton ó TG4, caitear an t-airgead sin go háitiúil – ar bhia, ar pheitreal agus riachtanais eile, a deir Irial.  Caitheann na fostaithe a gcuid airgid féin go háitiúil agus dar leis, téann suas le 60% go 70% den chaiteachas sin ar ais san gheilleagar náisiúnta.

Agus ar ndóigh, fostaíocht as Gaeilge atá inti seo ar fad. Tá glúin iomlán fanta sa mbaile agus iad ag brath ar thionscal na teilifíse. Go ham seo, tá seacht lánúin phósta tagtha amach as Nemeton. Ábhar magaidh é go bhféadfaidís biúró pósta a bhunú dá dtitfeadh an tóin as saol na teilifíse.

Tá an dara glúin tagtha chun cinn agus iad ag obair do Nemeton anois freisin. Sa Daonáireamh is deireanaí bhí An Rinn ar an t-aon phobal Gaeltachta a raibh an líon daoine le Gaeilge ag méadú ann.

“Tógann sé 20 bliain – ach tá toradh fónta air,” a deir Mac Murchú. “Is é an léiriúchán beo an rud is tábhachtaí – chomh maith leis an ábhar a dhéanaimid roimh agus i ndiaidh na gcluichí.” Tá siad ag tógáil ionad sonraí (data) nua a chuirfeas ar a gcumas clipeanna beo tapa a sholáthar le linn na gcluichí. Measann Mac Murchú bhfuil foighne ag daoine fanacht ag féachaint níos ar chluiche mór fada amháin agus 0-0 an toradh air. Tá an lá sin caite. “Tá na figiúirí dó sin ar stáisiúin eile ag titim,” a deir sé. “Tá daoine ag cuartú ábhair an t-am ar fad – fiú le linn cluiche.”

Tá mé buíoch go raibh mé ar an saol nuair a bhíodh leithéidí Dhóirín Mhic Murchú agus Micheál Ó Muircheartaigh sásta a gcolúin spóirt a léamh dom ar líne theileafóin agus mé i gCois Fharraige. Murach iad agus an bhunsraith a leagadar, ní bheadh teicneoirí, léiritheoirí, lucht ceamara, láithreoirí agus saineolaithe spóirt againn i dtionscal na meán digiteach inniu. Olé, Olé…

Fág freagra ar 'Canaimis ‘Olé Olé’ do Dhóirín Mhic Mhurchú agus do laochra Nemeton'

  • Fianait Ui Bhriain

    A Mháiréad…míle buíochas as an bpíosa álainn seo a scríobh tú mar gheall ar mo mháthair Dóirín agus mo dheartháir, Irial. Táimíd mar chlann, fíor bhródúil as an mbeirt acu agus an méid a bhaineadar amach sa saol.
    Fianait.

  • Emer Ní Ronáin.

    Níos mó ná moladh ag dul do Dhóirín.