Déanann an Saoithín Aeráide damhsa beag aon uair a fhógraítear ardú ar phraghas an pheitril, ach…

AN SAOITHÍN AERÁIDE: Agus ardú ar phraghsanna fuinnimh ar fud an domhain, ba chóir a chinntiú nach mbeidh ‘éagothromaíocht fuinnimh’ idir shaibhir agus daibhir

Déanann an Saoithín Aeráide damhsa beag aon uair a fhógraítear ardú ar phraghas an pheitril, ach…

Tá lúcháir ar an Saoithín Aeráide faoin ardú mór ar phraghas an pheitril ar fud an domhain i láthair na huaire; go deimhin déanann sé damhsa beag aon uair a fhógraítear ardú breise.

Dá bhfágfaí faoin Saoithín é, chosnódh lítear peitril thart ar €14, an méid céanna agus atá ar bhosca toitíní. Ach oiread le toitíní, bíonn drochthionchar ag carranna peitril, ní hamháin ar shláinte an duine a thiomáineann iad ach ar shláinte an phobail i gcoitinne, ó dheacrachtaí anála go hathrú na haeráide.

Ach ní maith leis an Saoithín Aeráide an t-ardú mór atá ar phraghsanna an leictreachais agus an gháis. Rogha is ea carr a thiomáint – is ea, fiú agus cónaí ort faoin tuath. Ní rogha é do theach a théamh sa gheimhreadh nó do chuid bia a chócaráil.

Ní hionann agus in Éirinn, áit a mbaintear úsáid as leictreachas den chuid is mó chun béile te an lae a réiteach, is ar ghás a bhíonn mórchuid daoine ar mhór-roinn na hEorpa agus in áiteanna eile ar fud an domhain ag brath.

Cás ar leith agus íoróin go leor ag baint leis is ea cás na hÍsiltíre, tír dhúchais an tSaoithín Aeráide. Go dtí le fíorghairid ba í an Ísiltír an tír ba mhó a tháirgeadh agus a d’easpórtáladh gás nádúrtha san Aontas Eorpach. Ar feadh na scórtha bliain, ba é an gás a baineadh amach as an talamh in Groningen i dtuaisceart na tíre bunchloch eacnamaíochta na tíre. Ach céard a tharlaíonn nuair a bhaineann tú gás amach as portach ar feadh na scórtha bliain?

Tosaíonn an portach ag crith! Gach seans gurb é Groningen an ceantar is measa ar chlár na cruinne atá buailte ag creathanna talún arb é an duine is cúis leo. Tá dochar déanta do na mílte teach; go deimhin tá tithe sa cheantar oiread agus dodhíolta. Anuraidh, ní raibh rogha ag rialtas na hÍsiltíre ach ‘sconna gáis’ Groningen a dhúnadh agus gás a cheannacht ón iasacht. Tá ardú 40 faoin gcéad ar bhille an gháis cheana féin i mbliana agus tá ardú 100 faoin gcéad á thuar don bhliain seo chugainn.

Ar an taobh eile den domhan, anseo sa Bhrasaíl, tá ardú 42 faoin gcéad ar phraghas an gháis le bliain anuas, rud a fhágann go gcosnaíonn ceaineastar gáis don sorn os cionn 10 faoin gcéad den íosphá míosúil anois. Na bochtáin is mó atá buailte gan dabht agus tá daoine tar éis bháis cheana féin toisc gur chuir siad a gcuid tithe trí thine ag iarraidh béile a chócaráil ar alcól seachas ar ghás.

An leictreachas ó fhoinsí inbhuanaithe an réiteach ar ndóigh – rud atá ar eolas againn le fada ach ar dhiúltaigh muid glacadh leis toisc nach maith linn muilte gaoithe ar leac an dorais. Orainn féin agus ar na polaiteoirí a dtugaimid vóta dóibh an milleán má tá an t-athrú tobann ó fhuinneamh neamh-inbhuanaithe go fuinneamh inbhuanaithe ag teacht aniar aduaidh orainn anois.

Níl trua ar bith ag an Saoithín Aeráide d’úinéirí carranna – ach tá súil aige go n-éascóidh rialtais an domhain an t-athrú ó ghás agus ó leictreachas neamh-inbhuanaithe go leictreachas inbhuanaithe dóibh siúd atá ag streachailt chun a dtithe a choinneáil te agus a gcuid béilte a chócaráil. Gura fada uainn éagothromaíocht fuinnimh.

Fág freagra ar 'Déanann an Saoithín Aeráide damhsa beag aon uair a fhógraítear ardú ar phraghas an pheitril, ach…'