Dealbh de Mháirtín Uí Chadhain le cur suas ina bhaile dúchais

Ceaptar go gcosnóidh an dealbh atá beartaithe don Spidéal suas le €50,000

Dealbh de Mháirtín Uí Chadhain le cur suas ina bhaile dúchais

Donncha Ó hÉallaithe ag bronnadh seic €5,000 ar Mháirtín Ó Cadhain, Rúnaí Iontaobhas Uí Chadhain, mar shíntiús ó Chumann Forbartha Chois Fharraige chun cabhrú leis an Iontaobhas dealbh den scríbhneoir Máirtín Ó Cadhain, údar Cré na Cille, a réiteach le crocadh ar an Airdín Buí sa Spidéal. Ar chúl ó chlé sa bpictiúr tá an tOllamh Ruairí Ó hUigínn, Cathaoirleach an Iontaobhais; Máirín Mhic Lochlainn, Pádraic Willie Ó Fátharta agus Seán Ó Tuairisg ó Choiste Stiurtha an Chumann Forbartha. [Pictiúr: Seán Ó Mainnín]

Tá sé i gceist dealbh den scríbhneoir clúiteach Máirtín Ó Cadhain a chur suas ina bhaile dúchais i gConamara.

Tá sé leathchéad bliain i mbliana ó bhásaigh an Cadhanach agus tá sé beartaithe ag Iontaobhas Uí Chadhain dealbh den scríbhneoir a chur suas ar an Spidéal chun comóradh a dhéanamh ar údar Cré na Cille.

Is é an dealbhóir Alan Ryan Hall, atá ina chónaí in Oileán Dairbhre, atá ag déanamh na deilbhe cré-umha.

Ceaptar go gcosnóidh an dealbh suas le €50,000 agus é i gceist í a chur in airde ar an Airdín Buí, plásóg díreach taobh thoir de shráidbhaile an Spidéil.

Tá €5,000 bronnta cheana féin ag Cumann Forbartha Chois Fharraige ar an Iontaobhas chun cuidiú leis an gcostas a bhainfidh leis an dealbh.

Tá plean curtha i dtoll a chéile ag an Iontaobhas leis an gCadhanach a chomóradh. Chomh maith leis an dealbh, tá an tIontaobhas tar éis an áit ar rugadh Máirtín Ó Cadhain ar an gCnocán Glas ar an Spidéal a cheannach.

Tá sé i gceist plean innealtóireachta a choimisiúnú chun an suíomh a chaomhnú agus Ionad Cuartaíochta a fhorbairt ann agus tá tús curtha ag Iontaobhas Uí Chadhain le feachtas tiomsaithe airgid leis an bplean a chur i gcrích.

Dealbh Mhairtín Uí Chadhain i gceannáras RTÉ Raidió na Gaeltachta i gCasla, Conamara. Pictiúr: Seán Ó Mainnín

Dúirt Donncha Ó hÉallaithe ón gCumann Forbartha go raibh áthas orthu go raibh sé i gceist ag an Iontaobhas athchóiriú a dhéanamh ar an áit a rugadh agus a tógadh Máirtín Ó Cadhain.

Mhínigh Ó hÉallaithe gur amach as an duais airgid a bronnadh ar an gcumann ag comórtas Glór na mGael a  cúpla bliain ó shin, a tháinig an €5,000 a bronnadh ar an Iontaobhas.

Idir an dá linn, déanfar plé amárach ar ghearrscéalta Uí Chadhain mar chuid de sheimineár speisialta ar líne.

Beidh saineolaithe liteartha as ceithre thír éagsúla ag tabhairt cainteanna ag an seimineár ar théamaí difriúla i bhficsean an scríbhneora.

OÉ Gaillimh agus an comhlacht foilsitheoireachta Cló Iar-Chonnacht atá ag eagrú an tseimineáir.

Beartaíodh an ócáid a reáchtáil mar sheimineár ar líne  i bhfianaise na srianta atá i bhfeidhm maidir le COVID-19.

De bharr an éilimh, beidh beoshruthú á dhéanamh ar an seimineár ar YouTube.

Dúirt an tOllamh Louis de Paor, OÉ Gaillimh go bhfuil oidhreacht shaibhir liteartha fágtha ag an gCadhanach agus go bhfuil scagadh domhain agus ábhar plé i gcónaí ina ghearrscéalta go háirithe.

“Is sna gearrscéalta is léire a fheictear mearbhall na nua-aoise agus coimhlint an duine leis féin, le córais agus le smaointeachas den uile chineál. Is tábhachtaí anois ná riamh go leanfaí den taighde ar Mháirtín Ó Cadhain agus go bhféachfaí leis an léirmhíniú a dhéanamh sa chomhthéacs idirnáisiúnta,” arsa Louis de Paor.

Dúirt an foilsitheoir agus scríbhneoir, Mícheál Ó Conghaile, Cló Iar-Chonnacht, go bhfuil aistriúchán á dhéanamh de réir a chéile ar shaothar Uí Chadhain

“Oscailt súl atá ann do léitheoirí idirnáisiúnta an grinneas sa tabhairt faoi deara agus an léargas a thugtar ar chás an duine i dtéacsanna nach raibh rochtain acu cheana orthu. Tugann an spéis idirnáisiúnta seo orainn filleadh ar na buntéacsanna agus léamh nua úr a dhéanamh ar scoth na scéalaíochta.”

Reáchtálfar an seimineár idir 10 ar maidin agus 4 tráthnóna agus tá clár na gcainteanna thíos.

Gearrscéalta Uí Chadhain: Seimineár Idirnáisiúnta Ar Líne

Seisiún 1: 10:00-12:00

Cathaoirleach: An Dr Ailbhe Nic Giolla Chomhaill

10:00 Focal Fáilte

10:15 Róisín Nic Dhonncha: Coincheapú agus cleachtas na reacaireachta i ngearrscéalaíocht Uí Chadhain

10:45 Lee Vahey: Áilteoireacht ar fónamh? Scagadh ar léamh an aosa chritice ar an ngreann i scéalaíocht Mháirtín Uí Chadhain

11:15 Jan Erik Rekdal: Struchtúir agus comhréir sa ngearrscéal ‘Fios’ le Máirtín Ó Cadhain

11:45 Ceisteanna/plé

Seisiún 2: 12:15-13:30

Cathaoirleach: An Dr Máirtín Coilféir

12:15 Radvan Markus: An bhfuil eochair ann a d’osclódh Das Schloss? – ‘An Eochair’, Franz Kafka agus ceist na teanga

12:45 Sorcha De Brún: An scríbhneoireacht mar ortadocsacht: gnéithe den nua-aoiseachas in ‘An Eochair’

13:15 Ceisteanna/plé

Seisiún 3: 14:15-16:00

Cathaoirleach: An Dr Ailbhe Ní Ghearbhuigh

14:15 Máire Ní Annracháin: An iarrtar ar léitheoirí comhbhá a dhéanamh le pearsana Uí Chadhain?

14:45 Mícheál Briody: Gearrscéal a d’iompaigh ina úrscéal(?): ‘An Marbh agus an Beo’ agus Cré na Cille

15:15 Comhrá painéil – Cathaoirleach: An tOllamh Louis de Paor

16:00 Clabhsúr: Micheál Ó Conghaile, Cló Iar-Chonnacht

Fág freagra ar 'Dealbh de Mháirtín Uí Chadhain le cur suas ina bhaile dúchais'

  • Maeve

    Dealbh. A leitheid de sheafóid nuair atá géarghá le acmhainn agus áiseanna pobail. Léiríonn seo go láidir cé chomh scartha amach is atá na coistí seo ón gnáth phobal. Tá daoine ag déanamh a ndícheall a gclann a thógáil le Gaeilge sa gceantar seo agus in áit cuir le deiseanna agus áiseanna a thacódh linn é seo a dhéanamh tá sibh ag caitheamh €50k ar dealbh nach bhfuil úsáid ar bith leis ach bhur gcuid ainmneacha a fháil sa bpáipéar agus b’fhéidir ar chloch! An bhfuil aon duine bainteach leis an gcinneadh seo nach bhfuil os cionn 60 agus sa clique beag amháin?

  • Seán Ó hAodha

    Tá dealbh de Raifteirí i gCreachmhaol, Brian Merriman in Inis Díomáin, Tomás Ó Criomhthain i nDún Caoin, Pádraic Ó Conaire i nGaillimh, Breandán Ó Beacháín cois na Canálach Rioga; gan trácht ar na deilbh des na scríbhneoirí Bhéarla Frank Mc Court, Brian Friel, John B Keane, Patrick Kavanagh, James Joyce, Oliver Goldsmith, Samuel Beckett, Oliver St John Gogarty, James Clarence Mangan, Thomas Moore, George Bernard Shaw, Thomas Davis, Edmund Burke, William Butler Yeats srl. atá scaipthe ar fud na hÉireann.
    Is acmhainn cultúrtha agus eacnamaíochta iad na deilbh seo. Stopfaidh turasóirí sa Spidéal mar gheall ar an dealbh. Ba chóír fáilte abhaile a cur go croiúil roimh Mháírtín Uí Cadhain. Tá moladh mór ag dul do Chumann Forbartha Chois Fharraige agus do Iontaobhas Uí Chadhain as an togra íontach seo a chur chun cinn.

  • donnchadh o seaghdha

    Ní aontaím in aonchor leis an dearcadh sin thuas ag Maeve . Ba dhuine faoi leith Máirtín Uí Chadhain i stair na hEireann . Ba dhuine chróga calma Máirtin agus nuair a bhí géar ghá leis sheas sé an fód ar son na Gaeilge agus ar son na hÉireann agus thug se ceannaireacht agus ardú meanman do mhuintir na Gaeltacha agusÓ pobal na Gaeilge i gcoitinne . An gá a rá gur ceann de na mór scribhneoirí Gaeilge é Mairtín sa fichiú aois . Níl aon comórtas idir an tionscnamh seo agus daoine atá ag déanamh a ndicheall a gclann a thógail le Gaeilge -is dea tionchar ar fad a bheadh aige ar meon na ndaoine seachas omós a thabhairt don Chaidhneach