Tá an tvuít a chuir an bhanríon draig mór le rá RuPaul amach ag an deireadh seachtaine, a mheastar gurb í an tvúit Ghaeilge is mó a tharraing aird riamh, anois ar fáil ar t-léine.
An comhlacht Hairy Baby a dhear an t-líne ar a bhfuil léráid de RuPaul agus ‘Deadlaí agus maightí – Sashayáil away!’ uirthi.
Os cionn 14,000 ‘croí’ agus 4,000 athghiolc a mheall an teachtaireacht a chuir an láithreoir teilifíse as Meiriceá amach Dé hAoine, teachtaireacht inar mhol sé saothar a chara Michelle Visage, duine de mholtóirí an chláir Ireland’s Got Talent.
A mhuintir na hÉireann! J an chraic? Cloisim go bhfuil mo chailín @michellevisage ag déanamh thar cinn ar @GotTalentIRL Is léir go bhfuil sibhse, na banríonacha, deadlaí agus maightí freisin, ach b’fhearr daoibh an obair a chur isteach nó is ag sashayáil away a bheidh sibh! pic.twitter.com/qP5VqD5gyF
— RuPaul (@RuPaul) 16 Feabhra 2018
Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt an saineolaí ríomhaireachta Kevin Scannell, a choimeádann súil ghéar ar úsáid na Gaeilge ar Twitter, gurb é is dóichí ná a mhalairt gurb é giolc RuPaul, láithreoir an chláir RuPaul’s Drag Race, an giolc as Gaeilge is mó a thuill aird riamh.
Seanán Ó Coistín
Is Gaeilge ghránna iad na focail “deadlaí” agus “maightí”, más féidir Gaeilge a thabhairt orthu. Cén fáth nár scríobh cibé duine a d’aistrigh an teachtaireacht deadly agus mighty? Bheadh siad níos fearr mar sin.
Aghaidh bhfuil raight laidhc dis an eibheirí-bhun bhfuil tinc dat its Aidhris.
Darragh Ó Caoimh
Dhera píosa spraoi atá ann sin an méid. Bíonn a leithéid de chleas in úsáid ag Alan Titley ina cholún san Irish Times go minic, ach le teann magaidh dar ndóigh.