De réir fianaise nua bhí beatha ann go luath i ndiaidh thús an domhain 4.5 billiún bliain ó shin

NOD DON EOLAÍ: De réir fianaise a fhoilseofar go luath bhí beatha ar an domhan go luath i ndiaidh a mhúnlaithe

De réir fianaise nua bhí beatha ann go luath i ndiaidh thús an domhain 4.5 billiún bliain ó shin

Meastar anois,  de réir fianaise nua a fhoilseofar i mí an Mhárta, go raibh beatha ar an domhan go luath i ndiaidh a mhúnlaithe 4.5 billiún bliain ó shin.

Tá an domhan ann ó bhuail dhá phláinéad in aghaidh a chéile.  I ndiaidh an bhuailte, múnlaíodh an domhan agus an ghealach i bhfithis thart air. Thig linn go leor a fháil amach faoin domhan seo againne ach scagadh a dhéanamh ar an ngealach.

Nuair a ghlac Apollo 11 agus misin eile de chuid NASA, carraigeacha ar ais ón ghealach, bhíothas in innimh tomhas a dhéanamh ar dhúil radaighníomhach sna carraigeacha agus a dheimhniú cén aois a bhí an ghealach.  De réir na hanailíse sin, tá an ghealach, 4.5 billiún bliain d’aois.

Toisc gur múnlaíodh an ghealach agus an domhan ag an am céanna, thig linn a rá go bhfuil an domhan 4.5 billiún bliain d’aois fosta.

Tá na mílte poll agus cráitéar ar dhromchla na gealaí. Is léir go raibh go leor carraigeacha móra ón spás, nó dreigítí, ag bualadh in aghaidh na gealaí i rith na mblianta.  Bhí an rud ceannann céanna ag tarlú ar an domhan fosta, ach tá an fhianaise ar fad faoi sin caillte againn.

Níl an fhianaise sin le feiceáil inniu toisc go mbíonn dromchla an domhain á athchúrsáil an t-am ar fad.  Déantar cuid mhór den dromchla – grinneall na farraige – a athchúrsáil thart ar gach 200 milliún bliain.  Teicteonaic phlátaí a thugtar ar an bpróiseas athchúrsála sin.

Ní athchúrsáiltear na hilchríocha chomh minic le grinneall na farraige, agus dá bharr sin tá carraigeacha ann atá níos sine ná 200 milliún bliain d’aois. Ach is beag ar fad na carraigeacha atá mórán níos sine ná billiún bliain d’aois. 

Tá eisceachtaí ann óir tá giotaí beaga anseo agus ansiúd nár athchúrsáladh le fada. Leagadh síos carraigeacha ar Inis Trá Tholl, 10 km ó thuaidh de Chionn Mhálanna i nDún na nGall, 1.7 billiún bliain ó shin agus níor slogadh isteach iad i gcroí an domhain go fóill. Is iad sin na carraigeacha is ársa in Éirinn.

Cé nach bhfuil mórán carraigeacha ó thús an domhain fágtha, thig linn a oilce agus a bhí ionsaí na gcarraigeacha ón spás ar an domhan i dtús a ré a mheas os rud é gur tharla an rud ceannann céanna ar an ngealach.

Is féidir anailís a dhéanamh ar mhéid agus ar chineál na bpoll a rinneadh ar an ngealach, murab ionann agus an domhan, tá na poill sin ann go fóill mar nach ndearnadh aon athchúrsáil ar dromchla na gealaí ó shin.

Baineadh úsáid as sonraí ón domhan agus ón ghealach sa staidéar is deireanaí a fhoilseofar ag tús mhí an Mhárta san iris domhaneolaíochta Earth and Planetary Science Letters. De réir na hanailíse a rinne taighdeoirí ón South West Research Institute, as Colorado sna Stáit Aontaithe, bhí baictéir in ann maireachtáil faoi dhromchla an domhain idir 4.0 agus 4.3 billiún bliain ó shin.  D’fhéadfadh mar sin go raibh beatha ar domhan an uair sin.

Roimh aimsiú na dtorthaí seo, measadh nach bhféadfadh baictéar ar bith maireachtáil ar domhan sa tréimhse sin mar go raibh an domhan chomh te sin.  Nuair a bhuaileadh carraigeacha ón spás dromchla an domhain bhíodh pléascthaí ollmhóra ann.  Bhíodh an córas domhanda thar a bheith te.  Measadh go raibh an teocht chomh hard sin go mbeadh steiriliú déanta ar an domhan, an fharraige agus an t-atmaisféar.

Sa mhullach air sin, foilsíodh fianaise i mí Dheireadh Fómhair seo thart san iris Nature, a mhaígh go raibh orgánaigh beo ar an domhan thart ar 3.95 billiún bliain ó shin. Tháinig na taighdeoirí ar shaghas carbóin i gcarraigeacha ón ré sin i gCeanada a thaispeánann go raibh orgánaigh beo ann.

Leis na fionnachtana a tháinig chun solais le sé mhí anuas, meastar gur tháinig beatha ar an domhan don chéad uair riamh idir 3.95 agus 4.3 billiún bliain ó shin.

Ar ndóigh baictéir a bhíodh i gceist; ní raibh tásc ná tuairisc ar ainmhithe ná plandaí go fóill. Bheadh 3.3 billiún bliain eile caite sula mbeadh ainmhithe agus plandaí beo san fharraige, agus iad réidh chun ionsaí a dhéanamh ar na hilchríocha.

Fág freagra ar 'De réir fianaise nua bhí beatha ann go luath i ndiaidh thús an domhain 4.5 billiún bliain ó shin'